A' Ghàidhlig in Alban (ó 2017 ar aghaidh).

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,702
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Agus níos mó ag tarlú ann ó thaobh polasaithe maithe ann sa tír táim ag cur níos mó suim i staid na nGàidhlig in Alban agus ba chóir dúinn, cainteoirí Gaeilge in nó as Éireann, suim áirithe ar a laghad a bheith ann i gcúrsaí na teanga thar ansin freisin ceapaim.
Beidh mé ag déanamh agallamh ar Near FM agus Raidió na Life an tseachtain seo chugainn trí Ghaeilge le múinteoir agus gníomhaire Gàidhlig in Alban. Beidh sé seo mo chéad uair, ach ní táim ag pleanáil mo dheireadh, agallamh faoin nGàidhlig agus táim ag súil go mór leis.
Bhí an scéal iontach seo ar Thuairisc.ie inné freisin faoin bhfórsa phóilíneachta san Alban agus an polasaí dhátheangach atá acu anois. Ba mhaith liom go mbeadh comhstádas oifigiúla leis an nGàidhlig in Alban. Le cúnamh Dé beidh toradh mhaith ann sa chéad daonáireamh eile sa tír in 2021 leis ardú fiú beag leis an uimhir de chainteoirí líofa atá acu sa Ghàidhealtachd freisin. Tá dea-fhorbairt tar éis teacht ar na dteanga ann ansin ó thaobh polasaithe Stáit ó 2011 ceapaim so le cúnamh Dé beidh toradh mhaith ar sin sa Ghàidhealtachd san áireamh.
An bhfuil aon aiseolais agaibh le nuacht ann ó thaobh na dteanga ann? Tá súil agam go gcuirfidh sibh naisc de aon nuacht shuimiúla a dtagann sibh air faoin dteanga ar an snáithe seo.

Plean Gàidhlig seolta ag seirbhís phóilíneachta na hAlban – Tuairisc.ie
 
Last edited:


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
Agus níos mó ag tarlú ann ó thaobh polasaithe maithe ann sa tír táim ag cur níos mó suim i staid na nGàidhlig in Alban agus ba chóir dúinn, cainteoirí Gaeilge in nó as Éireann, suim áirithe ar a laghad a bheith ann i gcúrsaí na teanga thar ansin freisin ceapaim.
Tagaim leat.

Beidh mé ag déanamh agallamh ar Near FM agus Raidió na Life an tseachtain seo chugainn trí Ghaeilge le múinteoir agus gníomhaire Gàidhlig in Alban. Beidh sé seo mo chéad uair, ach ní táim ag pleanáil mo dheireadh, agallamh faoin nGàidhlig agus táim ag súil go mór leis.
Maith an fear.

Bhí an scéal iontach seo ar Thuairisc.ie inné freisin faoin bhfórsa phóilíneachta san Alban agus an polasaí dhátheangach atá acu anois.
Leagan Gaidhlig dá nainm? Scéal iontach?

. Ba mhaith liom go mbeadh comhstádas oifigiúla leis an nGàidhlig in Alban. Le cúnamh Dé beidh toradh mhaith ann sa chéad daonáireamh eile sa tír in 2021 leis ardú fiú beag leis an uimhir de chainteoirí líofa atá acu sa Ghàidhealtachd freisin.
Tá bealach fada roimh comhstádas go fóill.

Bhí laghdú ann i ngach daonáireamh le fada an lá...agsu tá an daonra ag laghdú, go háirithe sna áiteanna a bhfuil a' ghaidhlig go láidir

An bhfuil aon aiseolais agaibh le nuacht ann ó thaobh na dteanga ann? Tá súil agam go gcuirfidh sibh naisc de aon nuacht shuimiúla a dtagann sibh air faoin dteanga ar an snáithe seo.

Plean Gàidhlig seolta ag seirbhís phóilíneachta na hAlban – Tuairisc.ie
Bhal, tá daoine ag gearán i dtaobh fhógairt seo na poilíneachta sna nuachtáin. Ní maaith le daoine an t-athrú
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,702
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Bhí an scéal iontach seo ar Thuairisc.ie inné freisin faoin bhfórsa phóilíneachta san Alban agus an polasaí dhátheangach atá acu anois.

Leagan Gaidhlig dá nainm? Scéal iontach?
Is léir nach léigh tú an t-alt. Dia is Muire. An-anasach Duinen an-anasach. :mad:

Tá suaitheantais dhátheangacha, Gàidhlig agus Béarla, le bheith ar chultacha na bpóilíní in Albain feasta de réir Plean Gàidhlig Phoileas Alban a seoladh an tseachtain seo.

...

Tá gealltanais déanta sa phlean nua faoi líon na mball foirne le Gàidhlig, faoi úsáid na teanga in oibríochtaí laethúla na heagraíochta agus sa chumarsáid a dhéantar leis an bpobal agus tá gealltanas eile ann maidir le forbairt chorpas teanga na heagraíochta.

I measc na ngealltanas a thugtar faoi fheiceálacht na Gàidhlig san eagraíocht, deirtear go gcuirfear le líon na mbileog eolais agus foirmeacha a chuirtear ar fáil i nGàidhlig, go gcrochfar comharthaí ‘Fàilte’ i stáisiúin agus go mbeidh comharthaíocht dhátheangach ar fheithiclí, ar litreacha, ar chártaí gnó agus eile.

...

Gealltar freisin go gcuirfidh Poileas Alba “fáilte roimh chainteoirí Gàidhlig”. Cuirfear fáilte freisin roimh chomhfhreagras i scríbhinn i nGàidhlig, agus gealltar go bhfreagrófar an comhfhreagras sin sa teanga chéanna. Sainaithneofar na poist a bhfuil an Ghàidhlig riachtanach dóibh, poist na n-oifigeach atá lonnaithe i gceantar ina labhraítear go leor Gàidhlig, mar shampla.

Tá gealltanais eile sa cháipéis ina maítear go ndéanfar iarracht an Ghàidhlig a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh oifigiúil na seirbhíse póilíneachta.
Tuilleadh foinsí faoin scéal:

Police Scotland unveil plans to embrace Gaelic language - Edinburgh Evening News

Herald View: Police Scotland and the role of Gaelic in public life- Herald Scotland
 
Last edited:

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
Is léir nach léigh tú an t-alt. Dia is Muire. An-anasach Duinen an-anasach. :mad:
Anasach? Go dtuga an diabhal coirce dhuit.

Foclóir Gaeilge

Táim ag déamnamh talaimh slán de nár shíl tú an focal Gaidhlig "annasach" (aisteach) a scríobh :)

" suaitheantais dhátheangacha, Gàidhlig agus Béarla, le bheith ar chultacha na bpóilíní " mar a dúirt mé.

Ansin :

"...gealltanais déanta.... agus tá gealltanas eile ann .....

I measc na ngealltanas a thugtar.....

...

Gealltar freisin.... agus gealltar go ...."

Aidhe tá lucht na Gaeilge in Éirinn beo ar ghealltanais. Beidh a macsamhail in Alban ar an táirim chéanna sar i bhfad

Tá gealltanais eile ....
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,702
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Alison Ní Dhorchaidhe agus Comunn na Gàidhlig in 2017- Near FM & Raidió na Life, 12.1.17

Is é seo an t-agallamh an-shuimiúil a rinne mé níos luaithe inniu! :


 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,702
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Uicipeid

Roinn mé an nasc seo ar snáithe eile san fhóram seo anocht, ach tá sé oiriúnach ar an snáithe seo déarfainn! Is smaoineamh maith é agus tá súil agam go dtarlóidh a leithéid don Ghaeilge in Éirinn ó thaobh Fhoras na Gaeilge de. :

Vicipéideoir Gáidhlig ceaptha in Albain – Tuairisc.ie
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,702
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,702
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Beidh agallamh as Béarla agam ar son Near FM leis an Ceannard / CEO de Bòrd na Gàidhlig Shona MacLennan ar an Aoine ag meánlae. Roinnfidh mé an podchraoladh anseo sa trathnóna an lá sin.
 


New Threads

Most Replies

Top