AM bu chòir do dh’Alba a bhith ’na dùthaich neo-eisim­eileach?

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,576
AM bu chòir do dh’Alba a bhith ’na dùthaich neo-eisim­eileach?
(An chóir d'Albain bheith ina thír neamhspleách?)


Seo an cheist sa reifreann a bhéas in Alban an bhliain seo chugainn ( ach amhain nach mbeadh sí i nGaidhlig de réir dealraimh ),

Is díol spéise dom go dtugtar an deis do phobal trí ghuthaíocht ar mhaith leo neamhspleáchas gan feachtas foréigin ar a chúl.

Níl mé cinnte go fóill cad a dhéaras muintir na hAlban nuair a thugas siad a mbarúil!


‘Math do bhoireannaich ’s do chlann’ - The Scotsman
 


DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,313
Bhí mé i bhfabhar vóta tá ach ag smaoineamh faoi níos mó sílim go mba chóir dúinn iad a fhágáil chun a aigne féin a dhéanamh suas faoi. An mbeadh Alban go hiomlán saor níos fearr don Ghaidhlig? Níl mé cinnte faoi.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,576
Bhí mé i bhfabhar vóta tá ach ag smaoineamh faoi níos mó sílim go mba chóir dúinn iad a fhágáil chun a aigne féin a dhéanamh suas faoi.
Níl cead vóta ach ag daoine in Albain.

Is futhu amhain atá an cinneadh!
 

Cellachán Chaisil

Well-known member
Joined
Mar 3, 2009
Messages
9,841
Bhí mé i bhfabhar vóta tá ach ag smaoineamh faoi níos mó sílim go mba chóir dúinn iad a fhágáil chun a aigne féin a dhéanamh suas faoi. An mbeadh Alban go hiomlán saor níos fearr don Ghaidhlig? Níl mé cinnte faoi.

Cé a dúirt a mhalairt?
 

Prof Honeydew

Well-known member
Joined
Sep 17, 2010
Messages
5,197
Bhí mé i bhfabhar vóta tá ach ag smaoineamh faoi níos mó sílim go mba chóir dúinn iad a fhágáil chun a aigne féin a dhéanamh suas faoi. An mbeadh Alban go hiomlán saor níos fearr don Ghaidhlig? Níl mé cinnte faoi.
Im thuairim féin, tá an seans ann go mbeadh staideas níos fearr ag an nGaidhlig in Albain neamhspleách mar go bfhuil suim níos mo ag Albannaigh san iomlán inti ná mar a bhfuil ag Breatannaigh san iomlán. Ní dócha liom go mbeadh staideas níos measa aici.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,576
Tha mi an dòchas gum bi neo-eisimeileachd ann an Alba ach chan eil mi dearbha gu thoir a-mach a' bhuaidh
Sgoinneil!


Cogar, muna iarrfar neamhspleáchas sa reifreann, an rachaidh siad i mbun an chlis Éireannaigh, an darna reifreann? :)
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,576
Im thuairim féin, tá an seans ann go mbeadh staideas níos fearr ag an nGaidhlig in Albain neamhspleách mar go bfhuil suim níos mo ag Albannaigh san iomlán inti ná mar a bhfuil ag Breatannaigh san iomlán. Ní dócha liom go mbeadh staideas níos measa aici.

Cé go bhfuil Albain agus Sasana faoin mhonarc chéanna ó 1603, agus faoin pharlaimint chéanna ó 1707, choinnigh Albain a smacht fhéin i gcónaí ar a Dlí, ar a hOideachas agus ar a Reiligiún. Fágann sin go mbíonn difríochtaí ann sna trí réimse sin agus mar a mbíonn siad i Sasana. Bhí smacht riamh ag Albain ar na teangacha acu agus níor thug siad stádas don Ghàidhlig. Riaileadh sna cúirteanna Albanacha sa 19ú Aois nach bhfuil cead Gàidhlig ( ná Albainis ) a úsáid san cúirteanna in Alban. Thugadh dúshlán ar an riail seo tríocha bliain ó shoin, ach níor athradh an riail.

Tá a Parlaimint fhéin ag Albain le cúig bhliana déag anuas, agus na Náisiúnigh i gcumhacht anois, ach fós, níor tugadh stádas ní b'fhearr don Ghàidhlig.

In daonáireamh 2011, mhaigh 1.2% de dhaonra na hAlban go raibh Gàidhlig acu.
 

FloatingVoterTralee

Well-known member
Joined
May 8, 2009
Messages
993
Bhí mé i bhfabhar vóta tá ach ag smaoineamh faoi níos mó sílim go mba chóir dúinn iad a fhágáil chun a aigne féin a dhéanamh suas faoi. An mbeadh Alban go hiomlán saor níos fearr don Ghaidhlig? Níl mé cinnte faoi.
Tá sé íorónta de bharr gur thosaigh meath na teanga le corónu Seamus a Sé na hAlbaine mar Seamas a hAon na Breataine i 1603 go bhfuil phríomh-meain an Ghaidhilg faoi smacht an BBC (BBC Nan Gaidhaeil is BBC Alba), agus mar sin, an mbeidh na cainéal faoi stiúradh Dún Édain tar éis neamhspleáchas? Cé go mbeadh suíocháin ag Albain sna Náisiún Aontaithe, ní dóigh liom go mbeadh mórán neamhspleáchais ann i ndáiríre, agus cúrsaí airgeadais is ceannaireacht na tíre fós lonnaithe i Londain.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,576
(1)Tá sé íorónta de bharr gur thosaigh meath na teanga le corónu Seamus a Sé na hAlbaine mar Seamas a hAon na Breataine i 1603 go bhfuil phríomh-meain an Ghaidhilg faoi smacht an BBC (BBC Nan Gaidhaeil is BBC Alba), agus mar sin, (2) an mbeidh na cainéal faoi stiúradh Dún Édain tar éis neamhspleáchas? (3) Cé go mbeadh suíocháin ag Albain sna Náisiún Aontaithe, ní dóigh liom go mbeadh mórán neamhspleáchais ann i ndáiríre, agus cúrsaí airgeadais is ceannaireacht na tíre fós lonnaithe i Londain.
(1)Ní thagaim leat, ach go raibh Seumas VI/I ina chloch mhíle. Is dóigh go raibh farsaingeacht labhairt na Gaeilge in Alban ina neart sa 12ú aois. Mar shampla, chuaigh Moireabh, an áit a raibh an rí Mac Bheatha Shakespeare, le Albain ansin. Bhí sé neamhspleách roimhe sin agus Gaeilge a theanga. Chuir an Rí Albanach lonnaitheoirí Albainise ann, agus uaidh sin amach, bhí an Ghaeilge ag dul ar gcúl sa chondae, cé go raibh Gaeilge a labhairt go lár an 20ú aois ann

Ach maidir le Seumas Rí : Féach Reachtanna Í : Reachtanna Í - Vicipéid

(2) Ní shílim go mbeadh rialtas Shasana sásta gnólacht i dtír eile a mhaoiniú, ach cá bhfios? Craolann an BBC World i 28 dteanga:
BBC World Service - Wikipedia, the free encyclopedia

(3) Conas a mbeadh ceannaireacht na Alban fós lonnaithe i Londain?
 
Last edited:

FloatingVoterTralee

Well-known member
Joined
May 8, 2009
Messages
993
Beidh Eilís a Dó fós mar Banríon na hAlbaine.
 

The Field Marshal

Well-known member
Joined
Aug 27, 2009
Messages
43,651
Ba e botun mor daoine na hAlban an UK a fagaint.

Cosuil le Eireann nil a ghothian daoine san Alban chun "critical mass" a chur le cheile don eachnamaiocht mor brea fada .
 

The Field Marshal

Well-known member
Joined
Aug 27, 2009
Messages
43,651
Cad mar gheall ar an Iorua nó an ar Danmhairg?
Is feidir le daoine agus rudai eacnamaiocht a ghabahil go easca on Danmhairg ar fud mor tir na hEorpa.

Cosuil le Eireann is tir lag ar fad an Iorua.

Shuil na Ghearmanai go heasca isteach air de rith cogadh dhomhanda a do.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,576
Pobal na hAlban ag caint ar shaoirse

Alan Titley


Ach an oiread le ráiteas polasaí nó plean straitéiseach ar bith ar éigean go léifidh slua na hAlban an Beann Nibheis ollmhór de cháipéis a nocht Alex Salmond an tseachtain seo caite. Níor bhac sin ar aontachtóirí í a cháineadh láithreach; ní foláir nó bhí léitheoireacht ar luas lasrach á déanamh acu chun gabháil trí leabhar bíoblathiubh nach mór 700 lch. ar fhad laistigh de 5 nóiméad. Níl léite agamsa ach an oiread, ach ní gá a áiteamh ormsa gur dea-smaoineamh é Alba neamhspleách a bheith ann. Táimse ar dhuine de na daoine sin a shíleann dá mhéad tíortha agus stát atá againn is amhlaidh is fearr é.

Dá mbeadh scór stát nua againn ar maidin, ba cheart scór eile a éileamh um thráthnóna, agus cúpla ceann eile a chaitheamh isteach istoíche. Tá tugtha faoi deara ag an dall a chuartaigh nach iad na tíortha beaga a chothaíonn an mhísc ach na heilifintí móra lasmuigh den seomra a bhfuil gaosán fada agus crúba móra acu.

Tá fadhb ag Albain, áfach, nach bhfuil ag náisiúin bheaga eile. De ghnáth, bíonn éileamh náisiúin ar shaoirse ina sheasamh ar “ghramadach dhomhain” éigin a bhaineann leis an náisiún sin – abraimis, cuimhne choiteann, teanga, reiligiún, dílseacht fhadbhunaithe a múchadh, nó a n-amhlachas. Níor dheacair a shamhlú cad as a dtáinig cuid de na stáit nua nuair a thit impireacht an Aontais Shóivéadaigh as a chéile. Ní gan timpist a tarraingíodh teorainneacha na hEastóine, na Laitvia ná na Liotuáine sna háiteanna inar scríobadh an peann.

Ní éileamh stairiúil mar sin atá á dhéanamh go príomha ag Albain, cé go bhfuil an stair i bhfolach ansin in áit éigin ar nós drochbhuachalla ag bainis a bhfuil eagla orthu é a thabhairt amach. Dá scaoilfí amach in aon chor é bheadh an brochán ar fud na mias agus chorródh an ollphéist uiscí Locha Nis. Shamhlófaí na finte ag máirseáil aduaidh ar bhailte an mhachaire ghallda ó dheas, rachadh Domhnallaigh agus Cambéalaigh chun scornaí le chéile, agus d’ardófaí gearb ghránna an tseicteachais nach mbíonn rófhada faoin gcraiceann.

Feachtas cliste meánach nua-aimsireach atá á fhearadh ag an bPáirtí Náisiúnach. Scuab cuid de na sonraí as an tslí, agus is é atá acu á rá, féach! bheadh sibh níos fearr as faoi rialtas dúchais ná faoi riail Londan. D’fhocail ghearra, bheadh níos mó de phuint na banríona (agus is puint na banríona a bheidh fós ann) id phóca.

Is eagal liom, áfach, nach leor sin, dá fheabhas is mar atá cuid de na moltaí. Ní cúrsaí eacnamaíochta ná leasa shóisialaigh a dheimhnigh dílseachtaí na scarúna polaitiúla riamh. Dá mb’ea bheadh an tSlóvaic ag iarraidh léim isteach in aon leaba chlúimh leis an nGearmáin, Tíomór Thoir ag déanamh suas leis an Indinéis, agus cách ina leannáin ag na Lochlannaigh. Chloistí éamh fadó ó amadáin, mar a chloistear – “Dá mba rud é go raibh an phoblacht againne níos saibhre, bheadh na haontachtóirí breá sásta teacht isteach linn!” Nach ait é, ní cuimhin liom oiread is polaiteoir aontachtach amháin ag béicíl “Yes! Yes! Yes! Clannaimis leis an Saorstát!” i rith na mblianta sin nuair a bhí an speilp ag pléascadh gach cnaipe boilg a bhí againn.

Dá dtarlódh an mhíorúilt, áfach, agus dá mbunófaí pairlimint cheart i nDún Éideann, dealraíonn gur stát bríomhar beoga a mbeadh idir fhuinneamh agus chóir agus chothroime agus mheas ar dhaoine i réim a bheadh ann. Níl a bhfuil luaite ag an bPáirtí Náisiúnach chomh spreagúil ná chomh samhlaíoch le Forógra Chnoc Calltuinne (“Declaration of Calton Hill”) a craobhscaoileadh sa bhliain 2004 agus a fuair tacaíocht ó sciar maith mór d’aos ealaíon agus d’aos machnaimh na tíre. Cuireadh os ard é go díreach nuair a bhí foirgneamh nua na Pairliminte á oscailt ag an mBanríon Éilís II thíos fúthu.

D’éiligh an forógra seo poblacht san áit a bhfuil eagla ar fheachtasóirí an lae inniu fáil réidh le ríogaigh lofa, bíodh siad ina Stíobhartaigh nó ina mBattenburgairí. Fairis sin, diúltaíonn go láidir go gcuirfí a gcuid fear agus ban óg amach ag marú i gcogaí iasachta mídhleathacha éagóracha, rud ann féin a chuirfeadh stair na hAlban bunoscionn agus tóin thar ceann. Mionnaíonn go mbainfí leas as a gcuid fearann folamha chun dídin a thabhairt dóibh siúd atá ag teicheadh ó ghorta agus ó leatrom thar lear. Móidíonn go gcosnófaí aeráid agus acmhainní aiceanta na tíre ó thruailliú is ó dhúshaothrú. Éilíonn bunreacht scríofa ar nós fhormhór na dtíortha nach bhfuil córas primitíveach i réim iontu.

Ní féidir gach rud a bheith agat d’aon phreib amháin. Céim amháin a bheadh sa tsaoirse theoranta chun dul níos sia, pé áit inar chualamar sin cheana. Ach is róbhaol gur cosúla le feachtas olltoghchánaíochta a bheidh ann an bhliain seo chugainn agus ní ar arán amháin…
© 2013 irishtimes.com
 


New Threads

Most Replies

Top