AM bu chòir do dh’Alba a bhith ’na dùthaich neo-eisim­eileach?

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Seans go mbeidh sé ró-dhéanach - b'fhéidir go mbeidh comhleá núicleach againn sula i bhfad ...

An gceapann tú go bhfuil praghas ola ag titim chun brú a chur ar an Stát Ioslamach, a bhí ag fáil roinnt mhaith dá gcuid airgid as díol ola?
Sílim go dearbh, cé go bhfuil níos lú éilimh fosta de dhroim freacála
 


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Mhaígh Alex Salmond nach n-iarrfadh na Náisiúnaigh reifreann luath eile ach go n-éileodís an deabhlóid is mó, mar a ghealladh roimh an reifreann, ag ceannairí na dtrí bpairtithe is mó i Uestminister
Anois go bhfuil olltoghchán ar an bacáin do Uestminister tá seans maith ann go mbeidh leamhán na cumhachta ag na Náisiúntaigh i Uestminister. Beidh sé spéisiúl cad é mar a thitfidh an chumhacht amach
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Tá Nicola, ChéadAire na hAlban, faoi ghnaoi an phobail arís i ndiaidh na díospóireachta le sé cheannaire pairtí eile.

Agus níl sí fiú ag seasamh do Uestminister :)
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Tá cuid a rá go scuabfaidh na Naisiúntaigh gach suíochán de na 59 in Alban.


Ababúna!
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Chím nach bhfuil Nicola sásta le sprúill na deabhóide atá An Camshrónach ag caitheamh le Albain.

Cad a dhéanfaidh sí, ní mé?
 

The Field Marshal

Well-known member
Joined
Aug 27, 2009
Messages
43,651
Ba cheart don Alban ceangail laidir a coinnimh leis an Bhreatain.
Neart le cheile.

Ta an tir sin ro bheag ar fad chun saol neamhspleach a bhaint amach.
 

GDPR

1
Joined
Jul 5, 2008
Messages
217,782
Ba cheart don Alban ceangail laidir a coinnimh leis an Bhreatain.
Neart le cheile.

Ta an tir sin ro bheag ar fad chun saol neamhspleach a bhaint amach.
I mo thuairimse, b'fhearr d'Alban agus d'Éirinn bheith ceangailte le chéile. Tíortha Celteacha atá ionann. Ní chóir duinn bheith faoi smacht ag na Sacsanigh.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Ba cheart don Alban ceangail laidir a coinnimh leis an Bhreatain.
Neart le cheile.

Ta an tir sin ro bheag ar fad chun saol neamhspleach a bhaint amach.

An Fhionnlann? An Danmharg? An Íoslann? Na Scigirí?

I mo thuairimse, b'fhearr d'Alban agus d'Éirinn bheith ceangailte le chéile. Tíortha Celteacha atá ionann. Ní chóir duinn bheith faoi smacht ag na Sacsanigh.
nach bhfuil sinn le chéile san AE?
 

Cellachán Chaisil

Well-known member
Joined
Mar 3, 2009
Messages
9,841
Táimid faoi daorsmacht ag an AE. Beidh saoirse againn le chéile taobh amuigh den tíorántacht sin.
Monuar nach bhfuil Stailfhionn fós timpeall chun caoi cheart a chur orainn?
 

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Bheadh Albain i gcruachás má raibh sí neamhspleách.

Tá easnamh 20 billiún euro sa bhuiséad ag Albain faoi láthair (nasc ón Guardian) - sin timpeall 3 uaire níos measa ná Éire.

Is cuma faoi Brexit - ní féidir le Albain scaireadh ón Ríocht Aontaithe go dtí go bhfuil airgeadas na tíre i gcothromaíocht.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Monuar nach bhfuil Stailfhionn fós timpeall chun caoi cheart a chur orainn?
Maith dhom m'aineolas, ach cé hé mo dhuine? :-(



Bheadh Albain i gcruachás má raibh sí neamhspleách.

Tá easnamh 20 billiún euro sa bhuiséad ag Albain faoi láthair (nasc ón Guardian) - sin timpeall 3 uaire níos measa ná Éire.

Is cuma faoi Brexit - ní féidir le Albain scaireadh ón Ríocht Aontaithe go dtí go bhfuil airgeadas na tíre i gcothromaíocht.
Seo polaitíocht an eagla, a Dhe, de a bhfuil na nuachtáin Bhreatainneacha lán, an Guardain liobrálach san áireamh. Ná slog iad.

Cá bhfuil An Fhionnlann, An Íoslann nó Na Scigirí agus gan réimsí ola acusan?
 

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Maith dhom m'aineolas, ach cé hé mo dhuine? :-(





Seo polaitíocht an eagla, a Dhe, de a bhfuil na nuachtáin Bhreatainneacha lán, an Guardain liobrálach san áireamh. Ná slog iad.

Cá bhfuil An Fhionnlann, An Íoslann nó Na Scigirí agus gan réimsí ola acusan?
Ta na Scigirí ag brath ar deontas ollmhór ón Danmhairg :)

Is féidir leis na hAlbanaigh neamhspleáchas a roghnú ach bheadh orthu ardú cánach mór nó gearradh siar mhór a chuir i bhfeidhm go tapaidh. Tá costas ag baint leis an neamhspleáchas. Nuair a bhain an Coileánach ár neamhspleáchas amach go luath san fichidí, chailleamar an deontas a bhí an Ríocht Aontaithe chun tabhairt don Pharlaimint Rialtas Dúchais. Bhíomar sásta íoc as ár neamhspleáchas - can faoi na hAlbanaigh?
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Ta na Scigirí ag brath ar deontas ollmhór ón Danmhairg :)

Is féidir leis na hAlbanaigh neamhspleáchas a roghnú ach bheadh orthu ardú cánach mór nó gearradh siar mhór a chuir i bhfeidhm go tapaidh. Tá costas ag baint leis an neamhspleáchas. Nuair a bhain an Coileánach ár neamhspleáchas amach go luath san fichidí, chailleamar an deontas a bhí an Ríocht Aontaithe chun tabhairt don Pharlaimint Rialtas Dúchais. Bhíomar sásta íoc as ár neamhspleáchas - can faoi na hAlbanaigh?
Maith an fear, a Dhe :) , roghnaigh tú an tír atá céad oiread níos lú ná Alban, a bhfuil daonra ar aon dul le Dùn Phàrlain / Dunfermline / Dunfaurlin.
Ach, de réir dealraimh, díolann An Danmharg as 13% den OTN aige. Cad mar gheall ar an Danmharg fhéin? Cé a dhíolann aiste?

Arís, tá tú ag slogadh bolscaireacht. Tá déine cheana san Alban, polasaí Tóraíoch, ina bhfuil an ráta íseal cánach trí chéile ann, ach na seirbhísí bocht dá réir. Bheadh costas ag baint le barr feabhais.
 

Cellachán Chaisil

Well-known member
Joined
Mar 3, 2009
Messages
9,841
Maith dhom m'aineolas, ach cé hé mo dhuine? :-(


Dá mba bheo dó, bheadh Taidhgín an tsuímh seo ag cuimilt a bhoise.
 


New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top