An bhfuil Gaeilge níos láidre i gConamara nó Iar-Thuaisceart Dhún na nGall?

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,825
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
I measc na dhaoine óige.

An bhfuil mé ceart chun a rá go bhfuil sé níos láidre i gConamara? Nó an bhful siad sórt mar an gcéanna i na dhá ceanteacha?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,477
Ní dúirt tú linn cé mar a shocraigh tú ar do dhearcadh.

Nach bhfuil scéim ag Roinn na Gaeltachta a dhéanann measadh ar labhairt na Gaeilge i measc teaghlaigh i ngach Gaeltacht?

B'fhiú duit súil a chaitheamh air na torthaí agus mar a athraigh siad gach bliain.

Bíonn anailís freisin gach bliain sna meáin ar mar a mbíonn cúrsaí ag athrú. Nach raibh alt ar Gaelscéal cúpla seachtain ó shoin?

B'fhéidir go bhfuil staidéir déanta ag Dámhanna Socheolaíochta sna hOllscoileanna. Ar fhéach tú leo?

Uaireanta is fearr taighde sula shocraíonn tú ar thuairim!

Beir bua!
 
Domhnall

Active member
Joined
Apr 25, 2010
Messages
210
O mo thaithí féin, mar a luaigh mé anseo cheana féin. Labhraítear Gaeilge i measc déagóirí SIAR (Ní i mBearna, i Maigh Cuillinn etc) i gConamara. A mhalairt atá fíor i go leor áiteanna i dTír Chonaill. Mar sin féin, ba cheart a chur san áireamh go mbíonn Béarla i go leor den chaint i gConamara! "Cá'il mo bhicycle" etc.
 
Don Din

Active member
Joined
Jan 8, 2011
Messages
262
O mo thaithí féin, mar a luaigh mé anseo cheana féin. Labhraítear Gaeilge i measc déagóirí SIAR (Ní i mBearna, i Maigh Cuillinn etc) i gConamara. A mhalairt atá fíor i go leor áiteanna i dTír Chonaill. Mar sin féin, ba cheart a chur san áireamh go mbíonn Béarla i go leor den chaint i gConamara! "Cá'il mo bhicycle" etc.
Le gairid bhíos i láthair ag comórtas liathróid láimhe na mbunscoileanna i nGaillimh. Bhí Gaeilge á labhairt gop nadúrthach idir na gasúir ar fad, ach amháin na gasúir ó scoil An Spidéil. Chuir sé iontas orm an oiread sin Gaeilge a choisteál taobh amuigh den scoil i measc gasúr chomh óg. :p
 
Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545

Is maith an rud é sin a chloisteáil, ó mo thaithí******féin tá an teanga beagáinín níos láidre i gConamara. Tá go leor daoine gan Ghaeilge bogtha go dtí an Ghaeltacht i nDún na nGall - rinne Rónán Mac Aodh Bhuí suirbhé roinnt blianta ó shin agus ní raibh Gaeilge ón gcliabhán ach ag 30% de na páistí sna bunscoileanna sa cheantar.
 
icepick

Member
Joined
Dec 16, 2008
Messages
37
Ta níos mó gaeilge le cloisteal i nIar Thuaisceart Thír Chonaill. Tá aithne mhaith agam ar an dhá cheantar agus níl i ndáiríre morán eadarthú, ach tá tuairimíocht faoin teanga níos laidre ó thuaidh..
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,825
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Ta níos mó gaeilge le cloisteal i nIar Thuaisceart Thír Chonaill. Tá aithne mhaith agam ar an dhá cheantar agus níl i ndáiríre morán eadarthú, ach tá tuairimíocht faoin teanga níos laidre ó thuaidh..
Tá ró-mhéad tithe saoire i nGaoth Dobhair áfach agus níl Gaeilge ag mórán dena úinéirí.
Bhíos ar an gCeathrú Rua ar an Sathairn agus chuala mé Gaeilge a labhairt bhíos sásta a chloisteáil.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,825
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
ach tá tuairimíocht faoin teanga níos laidre ó thuaidh..
Tá agus tá SF láidir i nDún na nGall le dhá Teachta Dála. Bfhéidir go bhfuil mé mícheart ach ceapaim gur le daoine ón 6 contaetha formhór dena tithe saoire sa Ghaeltacht i nDún na nGall lucht SF/iar-IRA san áireamh. Arís, afách, níl Gaeilge ag mórán dena daoine le tithe saoire ansin an bhfuil?
 
caranamara

Member
Joined
Feb 7, 2011
Messages
8
Tá beirt Theachta Dála as Gaoth Dobhair, Pearse Doherty & Dinny Mc Ginley a labharann gaeilge i gcónaí agus is sampla maith iad.Tá cuid mhór tithe saoire ann ach is le daoine ón 6 contaetha iad nach bhfuil móran suim acu i bpolatíochta agus a bhí ag iarraidh fáil ar shiúil ó sin sa 6 chontaetha. Ní théann siad ann fá choinne an Ghaeilge. Fósta is le daoine atá ar shiúil ó baile (ina chónaí i B.A.C) cuid mhor de na tithe.Ach measaim go bhfuil an ghaeilge nios láidre i gConamara - ní labharann go leor tuismitheoirí gaeilge lena bpáistí i Dhún na nGall.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,825
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Ceist faoi Gaoth Dobhair duitse- an mbeidh oifig ag Foras na Gaeilge ansin agus an gceapann tú go mbeadh sé sin mar rud maith don cheantar?
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top