• Due to a glitch in the old vBulletin software, some users were "banned" when they tried to change their passwords at the end of February. This does not apply after the site was converted to Xenforo. If you were affected by this, please contact us.

An chéad toghchán uachtaránachta eile

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Cé bheadh san iomaíocht sa chéad toghchán uachtaránachta eile?

FF
Bertie? - ceapaim nach roghnófar Bertie mar iarrthóir ó FF. Bhí air éirí as mar gheall ar an airgead ina chuntas agus tá caighdeán níos airde ag teastáil ó uachtarán.
Brian Crowley? - fear deas ach cén fáth? Mar tá cathaoir rotha aige?
Eamon ó Cuív? - iarrthóir láidir go leor.

FG
Gearóid MacGearailt? - an bhfuil sé róshean anois agus b'fhéidir nach mbeadh suim aige sa phost
Alan Dukes? - b'fhéidir go mbainfidh sé tairbhe as an straitéis Tallaght faoi dheireadh. Tá Gaeilge maith aige freisin.
Enda? - b'fhéidir go mbeadh athimirt Bertie v Enda ann. Bheadh an bua ag Enda an t-am seo, ceapaim
John Bruton? - ba Thaoiseach maith é ach beidh áthas ar FF má roghnófar é (ach bheadh ó Cuív v Bruton suimiúil - fear an Chomhlathais v cara Prince Charles)

Lucht Oibre
Dick Spring? - gheobhadh sé vóta maith ach ní bhuafadh sé
Michael D? - mar an gcéanna
Pat Rabbitte? - tá an mhórchúis aige, ar aon nós

Sinn Féin
Gerry Adams? - má féidir leis an bpáirtí iarrthóir a ainmniú, gheobhadh Mac Adam vóta maith. Bheadh seans beag aige má tá iarrthóir lag ag FF.

Na Glasaigh
Patricia McKenna? - seans do na glasaigh fáil réidh léi?

B'fhéidir go dtoghfar iarrthóir neodrach:
Seamus Heaney?
Bono?
Séamus Mallon?
Declan Ganley?

Mo rogha féin: Alan Dukes (10-1 ag PaddyPower)
 
Evil Eco-Fascist

Well-known member
Joined
Feb 10, 2008
Messages
489
Is dóigh liom féin go mbeidh an iomarca dochair déanta do chlú Bertie faoin am a bheidh iarrthóirí á lorg ag FF (amhail is nach bhfuil go leor dochair déanta dó cheana!). Bheinnse sásta le hAlan Dukes, caithfidh mé a rá. Státaire ceart é siúd a dhéanfadh ionadaíocht an-mhaith ar son na tíre. Agus tá Gaeilge líofa aige! :)
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,600
Beadh Richard Bruton ó Fhine Gael mar an fear is fearr don páirtí agus is dócha go bhfuil sé sásta i nDáil Éireann agus tá go leor blianta fágtha aige ansin. Beidh sé an-mhaith ar fad don todhchaí. Tá tréimhse a bheith mar Aire (agus bhféidir Taoiseach) de dhíth aige!!!

Bhuail mé le Alan Dukes uair amháin ach níl mórán aithne agam air. Bhí mé ró-óg nuair a raibh sé mar an cheannaire de Fhine Gael. An mbeadh sé ró-dáiríre/ró-"heavyweight" chun a bheith ann???

Is cuma liom faoi na páirtithe eile. Ní bheidh a lán daoine i bhFianna Fáil sásta le Eamo a bheith mar iarrthóir. Táim bréan den neamhinniúlacht ón bpáirtí sin.

Mar is léir díobh ós rud é go bhfuil Gerry Adams ar an gComhairle-Airm den tIRA tá sé mar cuid den rialtas náisiúnta agus ós rud é bhfuil bhfuil sé mar Uachtarán den gluaiseacht sin chomh maith seans mhaith go bhfuil sé sásta den ról sin...

'S an chéad céim eile ná na toghchán áitiúla agus Eorpach an bhliain seo chugainn agus tá seans láidir ann go mbeidh olltoghchán roimh 2011 chomh maith.
 
Last edited by a moderator:

Evil Eco-Fascist

Well-known member
Joined
Feb 10, 2008
Messages
489
Tá ráfla cloiste agam go bhfuil machnamh á dhéanamh ag an bhfear seo ar dhul san iomaíocht....

Nárbh aoibhinn é ag taisteal thar sáile ar son na hÉireann :)
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Tá ráfla cloiste agam go bhfuil machnamh á dhéanamh ag an bhfear seo ar dhul san iomaíocht....

Nárbh aoibhinn é ag taisteal thar sáile ar son na hÉireann :)
Ní raibh mé ábalta smaoineamh ar dhuine níos mí-oiriúnaí, ach tá sé ró-shean, buíochas le Dia. B'fhéidir go mbeadh suim ag Tom Parlon má tá gaimbín den scoth á lorg agat.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Beadh Richard Bruton ó Fhine Gael mar an fear is fearr don páirtí agus is dócha go bhfuil sé sásta i nDáil Éireann agus tá go leor blianta fágtha aige ansin. Beidh sé an-mhaith ar fad don todhchaí. Tá tréimhse a bheith mar Aire (agus bhféidir Taoiseach) de dhíth aige!!!

Bhuail mé le Alan Dukes uair amháin ach níl mórán aithne agam air. Bhí mé ró-óg nuair a raibh sé mar an cheannaire de Fhine Gael. An mbeadh sé ró-dáiríre/ró-"heavyweight" chun a bheith ann???

Is cuma liom faoi na páirtithe eile. Ní bheidh a lán daoine i bhFianna Fáil sásta le Eamo bocht a bheith mar iarrthóir. Cuireann sé aiféaltas ar cuid mhaith nó seans mhaith formhór d'acu ar an dtalamh go háirithe ar an taobh Thoir den tír in aon chor. Tá súil agam go mbeidh iarrthóir mhaith nó réasúnta mhaith acu afách. Táim bréan den neamhinniúlacht ón bpáirtí sin.

Mar is léir díobh ós rud é go bhfuil Gerry Adams ar an gComhairle-Airm den tIRA tá sé mar cuid den rialtas náisiúnta agus ós rud é bhfuil bhfuil sé mar Uachtarán den gluaiseacht sin chomh maith seans mhaith go bhfuil sé sásta den ról sin...

'S an chéad céim eile ná na toghchán áitiúla agus Eorpach an bhliain seo chugainn agus tá seans láidir ann go mbeidh olltoghchán roimh 2011 chomh maith.

Ní dóigh liom go mbeadh suim ag Richard Bruton bheith mar uachtarán. Aontaím leat go mbeadh sé níos fearr sa rialtas.

Cheap mé go mbeadh suim ag Eamo i bpost a sheanathair. Agus beidh seans ag FF an fothoghchán a bhuachaint - an cháilíocht is mó atá aige. Ach má leannan rudaí ar aghaidh mar atá, ceapaim go mbeidh FF sásta toghchán a sheachaint agus duine neamhpholaitiúil a cheapadh mar uachtarán.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,426
Is beag cumhacht pholaitiúl ag an uachtarántacht, mar sin, tuige a bhfuil polaiteoiríní ag cur isteach air?

Is oifig siombail é; duine thar polaitíocht atá uaim: duine nach polaiteoirín é a bhfuil dearcadh státaireachta aige.

Tá Éire molta as a scríobhneoirí agus a ceol. Cad faoin oifig a thabhairt do cheolteoir? Bono? Geldof? ( tá céim urraim aige cheana ó na Sasanaigh ), Sinéad Ní Chonchubhair?

Duine a scaoilfeadh amach an bobailín?

Alan Titley? Cathal Ó Searcaigh? Gabriel Rosenstock?
 
Idéalaí

New member
Joined
Dec 2, 2008
Messages
3
B'fhearr liom Alan Dukes a beith ann, ach measaim nach bhfuil aon suim aige. Beidh sé 66 mbliana d'aois i 2011 freisin.
Bheadh Alan Dukes ina uachtarán iontach. Tá sé óg go fóill, nach raibh DeValera 75/76 nuair a ghlac sé an ról céanna agus chaith sé dhá tréimhse sa phost ina dhiaidh sin.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
B'fhéidir go mbeidh suim ag Avril Doyle tar éis sosa ón bpolaitíocht?

Bheadh sí abalta bheith ag marcaíocht timpeall Pháirc an Fhionnuisce gach maidin. Bheadh uachtarán eachrach oiriúnach má tá an Bhanríon Éilis ag teacht ar cuairt.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Bhuel, tá athrú mór tagtha ar an saol sular thosaigh an snáth seo.

Nílimid ach ceithre mhí ón toghchán uachtaránachta anois. Ag an bpointe seo, is iad seo na h-iarrthóirí:-

Fine Gael:-
Máiréad McGuinness MEP - iar-iriseoir agus craoltóir ar clár talmhaíochta ar RTÉ
Pat Cox iar-PD agus iar-uachtarán na Parlaiminte Eorpaí (atá tar éis dul isteach i bhFine Gael cúpla lá ó shin chun ainmniúchán an pháirtí a fháil)
Gay Mitchell MEP - iar-mhéara Bhaile Átha Cliath, iar-Theachta Dála agus iar-chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí

Páirtí an Lucht Oibre:-
Michael D Higgins - iar-Aire a bhí ina Theachta Dála i nGaillimh go dtí cúpla mí ó shin
Fergus Finlay - príomh-fheidhmeannach Barnardo's agus iar-chomhairleoir don pháirtí
Kathleen O'Meara - iar-Sheanadóir

Fianna Fáil:-
Níl éinne ag lorg an ainmniúcháin go hoifigiúil ach tá caint faoi:-
Brian Crowley MEP
Éamon Ó Cuív TD - iar-Aire Gaeltachta

Sinn Féin:-
Níl éinne ag lorg an ainmniúcháin go hoifigiúil ach tá caint faoi:-
Niall O'Dowd - an t-iriseoir atá ina chónaí i Nua Eabhrac
Robert Ballagh - ealaíontóir

Iarrthóirí neamhspleácha:-
David Norris - Seanadóir conspóideach
Mary Davis - ceannaire Fheachas na hOilimpicí Speisialta
Seán Gallagher - fear gnó a bhí ar an clár teilifíse Dragon's Den ar RTÉ.
(Deirtear go bhfuil baint ag Davis agis Gallagher le FF)

Níl ach triúr ar an liosta thuas a bhí ar mo liosta dhá bhliain go leith ó shin (Michael D Higgins, Brian Crowley agus Éamon Ó Cuív). Is é Gay Mitchell mo rogha as na h-iarrthóirí ó pháirt Fhine Gael ach is maith liom Michael D freisin agus bheinn lás-sásta leis mar uachtarán.

Cad a cheapann sibh? Cén iarrthóir a thaitníonn libh nó an mbeidh iarrthóirí eile nach iad san iomaíocht freisin?
 
Last edited:

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545

Michéal D ag an bpointe seo, tá sé frith-impiriúalach agus ar son na Gaeilge ach caithfidh mé a rá nach bhfuil na hiarrathóirí ag dul i bhfeidhm orm go dtí seo.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Scríobh mé é seo dhá bhliain go leith ó shin (Eanáir 2009):-
B'fhéidir go mbeidh suim ag Avril Doyle tar éis sosa ón bpolaitíocht?

Bheadh sí abalta bheith ag marcaíocht timpeall Pháirc an Fhionnuisce gach maidin. Bheadh uachtarán eachrach oiriúnach má tá an Bhanríon Éilis ag teacht ar cuairt.
Nach raibh an ceart agam? Tá sí ag smaoineamh ar dul isteach sa rás chun ainmniuchán Fhine Gael a fháil. Bhí a lán deacrachtaí ag FG sna 90í ag lorg iarrthóirí uachtaránachta ach anois tá na sluaite ag iarraidh seasamh ar son an pháirtí.

Maidir le Avril Doyle, bheadh mé sásta léi mar uachtarán.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,426
Nach raibh an ceart agam?
Maith an fear.

Níl fhios agam an sciorta ádh an charrbhaigh é nó mianach géar an bhreathadóir phoilitíochta é!

Maidir liomsa, níor tháinig mé ar athrú aigne ó 2008 a chuir mé suas anseo!
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Tá iarrthóirí roghnaithe ag FG agus an Lucht Oibre anois. Tá sé beagnach cinnte go n-ainmneodh David Norris freisin. Sin triúr san iomaíocht:-
Gay Mitchell
Michael D Higgins
David Norris

Cé eile a bheidh sa rás? Tá Pádraig Ó Céidigh, fear gnó agus cathaoirleach Aer Arann, ag smaoineamh faoi. Cuireadh agallamh air ar RnaG ar maidin agus dúirt sé go mbeidh sé ag smaoineamh ar bheith san iomaíocht ar feadh dhá nó trí sheachtain. Iarrthóir rúnda eile ó Fhianna Fáil, b'fhéidir?
 
Tá sé ródhéanach do Ó Céidigh, tá an vóta fiontraíochta/FF náirithe ag Gallagher cheanna féin. Beidh sé idir Norris agus Micheal D measaim - ní thuigim áfach cén fáth go bhfuil Norris chomh fada sin chun cinn sna pobalbhreitheanna.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Bhuel, tá bata agus bóthar tugtha do Norris.

Anois tá na h-iarrthóirí seo againn:-
Gay Mitchell (FG)
Michael D Higgins (Lucht oibre)
Mary Davis (Neamhspleách?)
Seán Gallagher (fear ó Fhianna Fáil ag ligint air go bhfuil sé ina iarrthóir neamhspleách)

Ta caint faoi iarrthóirí eile freisin:-
Dana - tá sí ag smaoineamh ar iarracht nua. Fuair sí 175,458 vóta sa bhliain 1997
Gerry Adams - caint arís faoi ar an suíomh seo
Robert Ballagh - raflaí go bhfuil sé chun seasamh le tacaíocht ó Shinn Féin
Brian Crowley - ba mhaith leis seasamh ar son Fhianna Fáil
Éamon Ó Cuív - tá caint faoi mar iarrthóir Fhianna Fáil freisin

Tá na Teachtaí neamhspleácha ag lorg duine eile chun seasamh in áit David Norris. Níl siad sásta le Dana, is dócha.

Cé eile a bheidh ar an bpáipéar ballóide?
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Bhuel, léimeann iarrthóir nua isteach sa chomórtas má dhúnann tú do shúile ar feadh nóiméid.

Cad a cheapann sibh faoi Gaybo? Ceapaim féin go mbainfidh sé an méid poiblíochta is mó is féidir leis as an scéal agus ansin go seasfaidh sé siar.
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top