An clár Gaeilge "Ar Muin na Muice"- Near90fm- tuairimí

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,620
Táim tar éis an chinneadh a dhéanamh chun dul ar ais ag obair go deonach le Nearfm ní le PhoenixFM mar a luaigh mé cheana más cuimhin sibh é.

Ní dóibh liom go mbeidh mé ag postáil na nascanna podchraoladh dona chláracha thuas ar an tsuíomh seo áfach ach amháin, bhféidir, má tá cinn oiriúnach agus an-shuimiúla ann, bhféidir. Agus seans mhaith nach mbeidh.

So, an bhfuil aon smaointí agaibh maidir le haíonna?


Fógrá don chlár.


 
Last edited by a moderator:


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,457
Ar an drochuair, a dharren, níl.

Ach ná caill uachtach agus bí ag faire amach!
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
Joe Higgins agus na ráflaí faoin Chomhaontas Chlé. An mbeadh sé sásta clár oibre aontaithe a leanúint ina mbeadh gach páirtí, duine agus eagras sóisialach páirteach ann.

Tá Gaeilge ag Leo Varadkar. Ba smaoineamh maith an polaiteoir óg seo a fháil ar an chlár agus a smaointí as Gaeilge a chíoradh .i. an easpa Gaeilge ag urlabhraí nua Gaeilge gan Gaeilge Fhine Gael. An chontúirt do shuíocháin Fhine Gael ón Lucht Oibre sa chéad olltoghchán eile.
An fhíric nach bhfuil i bhFine Gael ach Fianna Fáil i gcruth eile, etc etc.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,620
Ba smaoineamh maith an polaiteoir óg seo a fháil ar an chlár agus a smaointí as Gaeilge a chíoradh .i. an easpa Gaeilge ag urlabhraí nua Gaeilge gan Gaeilge Fhine Gael. An chontúirt do shuíocháin Fhine Gael ón Lucht Oibre sa chéad olltoghchán eile.
'Sin smaointí maith domsa. Go raibh maith agat.

Ar chuala tú Leo ag caint as Gaeilge cheana???
 
Last edited by a moderator:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,620
Beidh mé postáil na nascanna podchraoladh thuas ar Boards.ie agus Peoplesrepublicofcorkc.com agus anois is arís, arís nuair atá siad oiriúnach, ar an bhfóram seo. Táim i gconaí oscailte do smaointí. Luaigh Culann roinnt polaiteoirí cheana chun iad a bheith ar gclár amháin le haghaidh díospóireacht. Beadh sé an-deacair chun níos mó ná beirt a fháil. Níl sé an-éasca chun polaiteoirí mór le rá a fháil chomh minic mar a ba mhaith liom chomh maith.

Arís, táim oscailte do aon smaointí i gconaí.

http://www.politics.ie/gaeilge/122236-ar-muin-na-muice-near90fm-snath-amhain.html
 
Last edited by a moderator:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,620
Rinné mé agallaimh le cúig polaiteoirí náisiúnta sa tsraith deireanach- Éamon Ó Cuív, Trevor Sargent, Dinny McGinley, Joe O'Toole agus Pearse Doherty. Labhair mé le sé comhairleoirí freisin- Naoise Ó Muirí (FG), Aodhán Ó Ríordáin (LO), Andrew Montague (LO), Críona Ní Dhálaigh (SF) Julia Carmichael (FF) agus le Dessie Ellis (SF).
 
Last edited by a moderator:

Ard Eoin

Active member
Joined
Apr 19, 2010
Messages
278
bíonn duine i gconaí ag caint faoi deireadh don fóram seo...

sílim go tharlíonn an rud cheanna anseo 'is a tharlíonn gach áit eile a bhfuil gaeilge in usaid...sin drogall ar duine feidhim a bhaint as an cupla focal atá acu..ar eagla go ndeanann siad 'mess' as...

níl gaeilge mhaith agam...ach anois 'is arís..is maith liom snáitheanna a léamh...
 

DuineEile

Well-known member
Joined
Aug 29, 2010
Messages
14,658
Rinné mé agallaimh le cúig polaiteoirí náisiúnta sa tsraith deireanach- Éamon Ó Cuív, Trevor Sargent, Dinny McGinley, Joe O'Toole agus Pearse Doherty. Labhair mé le sé comhairleoirí freisin- Julia Carmichael (FF), Naoise Ó Muirí (FG), Aodhán Ó Ríordáin (LO), Andrew Montague (LO), Críona Ní Dhálaigh (SF) agus le Dessie Ellis (SF).
Bíonn tú ag deanamh obair mhaith. Maith thú

D
 

Anfearog

Well-known member
Joined
Feb 17, 2011
Messages
871
Rinné mé agallaimh le cúig polaiteoirí náisiúnta sa tsraith deireanach- Éamon Ó Cuív, Trevor Sargent, Dinny McGinley, Joe O'Toole agus Pearse Doherty. Labhair mé le sé comhairleoirí freisin- Julia Carmichael (FF), Naoise Ó Muirí (FG), Aodhán Ó Ríordáin (LO), Andrew Montague (LO), Críona Ní Dhálaigh (SF) agus le Dessie Ellis (SF).

An bhfuil siad ar fáil áit éigin?
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,620
Joe Higgins agus na ráflaí faoin Chomhaontas Chlé. An mbeadh sé sásta clár oibre aontaithe a leanúint ina mbeadh gach páirtí, duine agus eagras sóisialach páirteach ann.

Tá Gaeilge ag Leo Varadkar. Ba smaoineamh maith an polaiteoir óg seo a fháil ar an chlár agus a smaointí as Gaeilge a chíoradh .i. an easpa Gaeilge ag urlabhraí nua Gaeilge gan Gaeilge Fhine Gael. An chontúirt do shuíocháin Fhine Gael ón Lucht Oibre sa chéad olltoghchán eile.
An fhíric nach bhfuil i bhFine Gael ach Fianna Fáil i gcruth eile, etc etc.
Smaointí maith! GRMA!
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,620
Ba mhaith linn na cláracha Gaeilge ar Near90FM a láidriú. Téann an clár amach cúig lá i rith na seachtaine. Má tá spéis agat a bheith bainteach leis an clár is féidir glaoch a chur ar 01 8671190 nó ríomphost a sheoladh chugamse nó chuig gaeilge@nearfm.ie. GRMA!
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,620
Ní raibh polaiteoir ó Fhianna Fáil ar mo chlár le tamaill so rinne mé agallamh le Seanadóir Thomas Byrne an tseachtain seo chaite. Rinne mé iarracht Dara Calleary a fháil ar dtús ach ní bhfuair mé é cé go d'fhág mé teachtaireacht leis a rúnaí; teachtaireacht ar a bhfón póca agus sheol mé teachtaireacht téasc chuige. :? Níl Comh. Julia Carmichael ag teacht ar ais ó aon teachtaireachtaí ó éinne i NearFM le tamaill fada freisin. Más é sin an dearcadh atá ag Fianna Fáil ní bheidh mórán rath orthu go fad-tearmach cíbe seans a bhfuil acu!
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,620
Is sórt ainm "speisialta" é "Ar Muin na Muice" (tuigim go mba chóir go mbeadh sé ainmnithe mar "Ar Mhuin...") An bhfuil sé seo go maith nó ar chóir go mbeadh ainm níos ghearradh ar mo chlár? Ná déan dearmad go bhfuil mo chlár mar chlár chúrsaí reatha!
 


New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top