An Clochartach Éirithe As Sinn Féin

Gabha Óir

Well-known member
Joined
Dec 3, 2008
Messages
2,429
Feicim go bhfuil Seanadóir Ó Clochartaigh éirithe as Sinn Féin de bharr ' iompar nimhnigh' a bhí ar bun ina choinne, dar leis.

Ó Clochartaigh éirithe as Sinn Féin de bharr

Níl aon sampla áirithe tugtha den saghas iompair agus níl iontu ach líomhaintí uaidh ag an bpointe seo. Nár roghnaíodh mar iarrthóir é don chéad olltoghchán eile? Dá mbeadh feachtas ina aghaidh, cé a bheadh i gceannas air nó an cás é gur chaill sé muinín na mball ina dháilcheantar féin. Aon chúlra sa bhreis ag éinne?
 


A Voice

Well-known member
Joined
Sep 29, 2009
Messages
7,723
Faic agam féin ach tá múnla ann anois sa pháirtí. Fadhb mhór dóibh.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,893
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Is forbairt an-mhór é seo- agus is fíor annamh an uair a mbíonn scéal mhór inti dár liom- do mhuintir na Gaeilge ceapaim. Is forbairt, dár liom, an-mhaith é. Is maith liom Trevor i slí mhór ach ní maith liom formhór na bpolaiteoirí ag Sinn Féin i gcoitinne.
 


New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top