• Due to a glitch in the old vBulletin software, some users were "banned" when they tried to change their passwords at the end of February. This does not apply after the site was converted to Xenforo. If you were affected by this, please us viua the Contact us link in the footer.

An Ghaelscolaíocht agus Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge

deirdrem

Well-known member
Joined
Nov 1, 2009
Messages
921
Dar le ráiteas an Rialtais ar an nGaeilge sa bhliain 2006, is é polasaí an Rialtais an Ghaelscolaíocht a chur ar fáil do chách.
Féachaigí pointé 6 sa Ráiteas:

"Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar
ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb
é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é.
Leanfar leis an tacaíocht do
Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile
agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-
Ghaeilge ag leibhéal na h-iarbhunscoile
chun freastal ar éileamh de réir mar is gá."
Lth. 16 ag http://www.taoiseach.gov.ie/eng/Government_Press_Office/Government_Press_Releases_2008/Government_Press_Releases_2006/Ráiteas9.pdf

Ina ainneoin sin, ní fhorbraítear an pointe seo sa dréachtstraitéis 20 bliana, agus níor ceadaíodh Gaelscoil nua ar bith anuraidh ná i mbliana.

Céard é bhur mbarúil, an bhfuil an Rialtas ag feidhmiú go cothrom anseo, agus níos tábhachtaí fós, céard é fíorpholasaí an Rialtais ar an nGaelscolaíocht?
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Fair play a dhuit, a dheirdrem. Tá mé ag rá le daoine ar an suíomh seo gan a bheith ag caitheamh anuas ar an Aire mar gheall ar a chuid Gaeilge - atá go maith - ach a bheith dian ar a chuid oibre. Níl mórán léite agam faoin ábhar áirithe seo ach creidim nach bhfuil móran de dhul amú ort. Muna gcuireann lucht tacaíochta na Gaeilge béim agus brú ar an gceist seo ní chuirfear i bhfeidhm é. Go n-éirí leat. Coinnigh ort féin agus tacófar leat.
 
Last edited:

Feirsteach

Active member
Joined
Jun 19, 2006
Messages
122
Is léir nach bhfuil an cuspóir seo a chur i bhfeidhm mar pholasaí i láthair ag an tAire agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá Gaelscoileanna, An Foras Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Comhluadar ag obair ar an gceist seo trí stocaireacht inmheánach ar choistí na Roinne, trí stocaireacht seachtrach le polaiteoirí agus trí bhrú a chur ar na Roinne go poiblí trí thacú le bunú Gaelscoil Rath Tó.

Tá na dreamanna éagsúla seo ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge tugtha san áireamh go fabhrach mar cheann de na critéir aitheantais scoile (tá éagsúlacht creidimh/easpa creidimh mar cheann de na critéir cheana), m.sh. scoil an VEC a d'oscail san Uaimh i mbliana. Tuigtear dom gur oscail an scoil seo in ainneoin nach raibh na scoileanna reatha san Uaimh lán fós.

Bheadh sé go breá liom dá mbeadh an Roinn ag ceadú Gaelscoil Rath Tó a bhí lonnaithe i gceantar ina raibh éileamh ann le haghaidh ní hamháin Gaelscoil ach scoil chomh maith.
 
deirdrem

Well-known member
Joined
Nov 1, 2009
Messages
921
Is léir nach bhfuil an cuspóir seo a chur i bhfeidhm mar pholasaí i láthair ag an tAire agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá Gaelscoileanna, An Foras Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Comhluadar ag obair ar an gceist seo trí stocaireacht inmheánach ar choistí na Roinne, trí stocaireacht seachtrach le polaiteoirí agus trí bhrú a chur ar na Roinne go poiblí trí thacú le bunú Gaelscoil Rath Tó.
Má tá na heagraíochtaí sin ag feidhmiú mar a deireann tú, ní léir go bhfuil siad éifeachtach.
Creidim go gcaithfear ciste a bhunú chun airgead a bhailiú do Ghaelscoileanna nua.
Caithfidh an ciste sin a bheith neamhspleách. Ní féidir an obair seo a dhéanamh agus a bheith ag braith ar síneadh láimhe ón rialtas ag an am céanna - má chreideann tú, mar a chreidimse, go bhfuil daoine sa Rialtas agus sa Roinn Oideachais ag obair go dian i gcoinne na Gaelscolaíochta agus i gcoinne na Gaeilge.
Nach amhlaidh go bhfuil eagraíocht mar sin ann ó thuaidh?

Bheadh sé go breá liom dá mbeadh an Roinn ag ceadú Gaelscoil Rath Tó a bhí lonnaithe i gceantar ina raibh éileamh ann le haghaidh ní hamháin Gaelscoil ach scoil chomh maith.
Tuigim go mbeidh Gaelscoil Ráth Tó ag dul ar aghaidh gan tacaíocht.
Ba chóir dóibh cun.tas a oscailt an a iarraidh ar dhaoine airgead a chur isteach ann, méid áirithe in aghaidh na míosa nó in aghaidh na ráithe chun íoc as costais na scoile nua.
D'fhéadfadh na heagraíochtaí thuas - go mor mór Gaelscoileanna agus an Foras Pátrúnacht - feachtas a rith sna Gaelscoileanna go léir chun tacú leis an togra seo, agus ina dhiaidh sin é a leathnú amach chun go bhféadfaí Gaelscoileanna nua a bhunú timpeall na tíre.
Mura ndéantar é seo, beidh deireadh le bunú Gaelscoileanna nua go ceann i bhfad.

(Dála an scéil, ní dearmad sa litriú atá san fhocal "cun.tas" thuas. Bain triail as é a scríobh gan an lán stad sa lár ...)
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Creidim go gcaithfear ciste a bhunú chun airgead a bhailiú do Ghaelscoileanna nua.Caithfidh an ciste sin a bheith neamhspleách. Ní féidir an obair seo a dhéanamh agus a bheith ag braith ar síneadh láimhe ón rialtas ag an am céanna - má chreideann tú, mar a chreidimse, go bhfuil daoine sa Rialtas agus sa Roinn Oideachais ag obair go dian i gcoinne na Gaelscolaíochta agus i gcoinne na Gaeilge.
Nach amhlaidh go bhfuil eagraíocht mar sin ann ó thuaidh?
Ní dóigh liom go bhfuil airgead ag daoine le tabhairt dá leithéid faraor. Freisin tá cúpla bailiúchán airgid eile ar siúl faoi láthair do lárionad Gaeilge do Bhaile Átha Cliath agus le fondúireacht na Gaeilge a chur ar bun i gceart. Tá droch-cháil ar lucht chur chun cinn na Gaeilge sa mhéid is go gceapann daoine go bhfuil siad i gcónaí ag bailiú agus ag iarraidh airgid. Tá a fhios agamsa agus agatsa nach bhfuil sé sin fíor ach níl a fhios ag an saol mór faraor.
 
deirdrem

Well-known member
Joined
Nov 1, 2009
Messages
921
Ní dóigh liom go bhfuil airgead ag daoine le tabhairt dá leithéid faraor. Freisin tá cúpla bailiúchán airgid eile ar siúl faoi láthair do lárionad Gaeilge do Bhaile Átha Cliath agus le fondúireacht na Gaeilge a chur ar bun i gceart. Tá droch-cháil ar lucht chur chun cinn na Gaeilge sa mhéid is go gceapann daoine go bhfuil siad i gcónaí ag bailiú agus ag iarraidh airgid. Tá a fhios agamsa agus agatsa nach bhfuil sé sin fíor ach níl a fhios ag an saol mór faraor.
Nach bhféadfá €5 nó €10 in aghaidh na míosa a thabhairt do thionscnamh mar seo?
Creidim go bhfuil daoine go leor ann a d'fhéadfadh é sin a dhéanamh.
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Cheapfá go mbeadh sé chomh héasca sin ceart go leor ach, faraor, ní mar sin a d'oibreodh sé. Le tabhairt faoina leithéid i gceart theastódh foireann de dheichniúr le bheith ag obair air ar feadh bliana agus ina dhiaidh sin beirt nó triúr le bheith ag obair air go lánaimseartha le cinntiú go mbeadh a dhóthain airgid ag teacht isteach. Freisin, theastódh airgead le híoc as an obair sin - tuarastal, costaisí riaracháin, fógraíochta srl... Bheifeá ag caint ar eagraíocht nua. Is maith liom an smaoineamh seo a dheirdrem ach ní dóigh liom go bhfuil na hacmhainní ann faoi láthair.
 
deirdrem

Well-known member
Joined
Nov 1, 2009
Messages
921
Tá snáth eile ann faoi bhealaigh chun an fóram Gaeilge a fheabhsú, ach mura bhfuil dearcadh níos dearfaí ná seo ag daoine, ní féidir é a fheabhsú.
Caithfidh mé a rá gur chuir do fhreagra lagmhisneach orm, a Chulainn.
Go leor Gaelscoileanna, bíonn lá gan éide ann anois is arís. Is bealach éifeachtach é sin chun airgead a chruinniú le chéile, €1 in aghaidh an dalta, b'fhéidir 3 huaire in aghaidh na bliana. Le 30,000 páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna, sin €90,000, rud a d'íocfadh beirt nó triúr ar feadh bliana. Sin tús, agus ní bheadh scoil ar bith i bhfad gan tacaíocht Stáit, d'fhéachfadh na polaiteoirí áitiúla chuige sin.
 
Tá brón orm faoi sin ach ní raibh mé ach ag iarraidh a chur ina luí ort go bhfuil an cineál seo oibre fíordheacair. Luaigh tú thuas nar léir go raibh na heagraíochtaí atá ag feidhmiú ar an gceist seo éifeachtach. Níl mé ag rá nach bhfeádfaí seo a dhéanamh ach bheadh obair an-mhór i gceist leis. Tá dream éigin darb ainm 'Fondúireacht na Gaeilge' ag iarraidh milliún euro a bhailiú le cur i dtreo larionad Gaeilge a thógáil i mBÁC. Cheapfá go mbeadh a leithéid an-éasca nuair a smaoiníonn tú go bhfuil os cionn milliún go leith ina gcónaí san ardchathair ach fan go bhfeice tú a dheacra a bheidh sé an t-airgead sin a bhailiú.

Ta brón orm as lagmhisneach a chur ort ach níl me ach ag iarraidh an cheist seo a chíoradh i gceart - ceann de aidhmeanna an tsuímh seo is dócha. Fútsa agus faoi dhaoine eile atá sé mé a bhréagnú agus a ghabháil i bhfeidhm orm lena leithéid de smaointe nó de thuarimí agus tá mé an-oscailte dá leithéid. Is rímhinic a mholaim smaointe agus tuairimí daoine eile ar an bhfóram seo. Bímse i gcónaí ar son aon rud dearfach a chuireann an Ghaeilge chun cinn.

Go leor Gaelscoileanna, bíonn lá gan éide ann anois is arís. Is bealach éifeachtach é sin chun airgead a chruinniú le chéile, €1 in aghaidh an dalta, b'fhéidir 3 huaire in aghaidh na bliana. Le 30,000 páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna, sin €90,000, rud a d'íocfadh beirt nó triúr ar feadh bliana. Sin tús, agus ní bheadh scoil ar bith i bhfad gan tacaíocht Stáit, d'fhéachfadh na polaiteoirí áitiúla chuige sin.
An-smaoineamh go deo ach go hiondúil teastaíonn an t-airgead ó na himeachtaí le haghaidh rudaí eile sa scoil - treallamh spóirt nua, seomraí nua feistis, costaisí cumann iarscoile srl... Mar gheall air sin, d'fhéadfadh an t-airgead sin imeacht ó €90,000 go €30,000. Smaoineamh maith ach ní bheadh ann ach pinginí i gcomhthéacs an ruda atá i gceist agatsa anseo agus atá ag teastáil le tabhairt faoina leithéid de thogra i gceart.

Is iomaí bailiúchán airgid ar son na Gaeilge a raibh baint agam leo thar na blianta ach, faraor géar, níor eirigh ró-iontach le ceann ar bith acu. Bheinnse sásta i gcónaí síntiús a thabhairt ach tá an t-uafás daoine - agus lucht na Gaeilge ina measc - nach mbeadh. Tá lagmhisneach orm féin maidir leis an gceist seo agus í sin bunaithe ar an taithí atá agam féin i leith bailiúchán airgid.
 
Last edited:

Popular Threads

Most Replies

Top