• Due to a glitch in the old vBulletin software, some users were "banned" when they tried to change their passwords at the end of February. This does not apply after the site was converted to Xenforo. If you were affected by this, please us viua the Contact us link in the footer.

An Mhí Thoir - 27 Márta

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org
Beidh fothoghchán i ndáilcheantar an Mhí Thoir ar 27 Márta chun teachta a thogh in áit Shane McEntee (FG) a fuair bás roimh an Nollaig. Tá roinnt iarrthóirí ainmnithe anois:-

Fine Gael: Helen McEntee (iníon Shane McEntee)
Fianna Fáil: Thomas Byrne (Seanadóir, bhí sé mar Theacta Dála sa dáilcheantar ó 2007 go 2011)
Sinn Féin: Darren Ó'Rourke
An Comhaontas Glas: Seán Ó Buachalla
Páirtí na nOibrí: Séamus McDonagh
Daonlathas Díreach, Éiré (Páirtí nua): Ben Gilroy

Roghnófar iarrthóir an Lucht Oibre go luath - ceaptar go mbeidh Eoin Holmes ag seasamh.

Cé a bhuafaidh? Ní éiríonn go maith le iarrthóiri rialtais de ghnáth i bhfothoghcháin ach tá saghas nimhneachas ag baint le mór-pháirtithe an fhreasúra faoi láthair freisin.

Tá súil agam go n-éireodh go maith le Helen McEntee ach beidh sé deacair di an bua a bhaint amach. Beidh litreacha á sheoladh ón Revenue faoin gcáin tí an seachtain seo chugainn freisin.

Feicfimid ...
 
mido

Well-known member
Joined
Aug 28, 2007
Messages
3,374

feicifimid go bhfuil cuimhne gearr ag daoine nuair a bhuaigh FF......
 
EvotingMachine0197

Well-known member
Joined
Feb 17, 2006
Messages
8,641
Ta sé idir FF agus FG agus tá suil agam buafaidh McEntee. Ach cheapim go buafaidh FF leis na transfers. Níl a fhios agam ...
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,474
Déarfainn go mbeidh an bua ag Helen McEntee agus tá súil agam go buafaidh sé é. Cé go bhfuil Thomas Byrne ceart go leor mar iarrthóir/Iar-Teachta Dála. Tá mé fhéin ag éirí bréan le Fine Gael go polaitiúil ní le Enda Kenny agus roinnt dena Airí ag FG sa Rialtas ach ag formhór den pháirtí go ginearálta ach sa toghchán seo tá súil agam go mbeidh an bua ag Helen McEntee de bharr an meas a bhí agam ar a athair.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,367
Beag an baol go ndéanfar difear in Éirinn, cuma cad é an t-iarrthóir a bhaineas an duais!

Teist ar thuairim taghdach an phobail i dtaobh a sheanchairde atá ann.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org
Roghnaigh Páirtí an Lucht Oibre an Comhairleoir Eoin Holmes inniu mar iarthóir an pháirtí sa fothoghchán.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,367
Is iarrthóir maith é Seán Ó Buachalla freisin! Thabharfainn mé vóta ard dó má raibh mé i mo chónaí sá dáilcheantar mar vóta pearsanta.

An Comhaontas Glas | Seán Ó Buachalla
Ó loisc tú an t-orlach, tuige nach loiscfidh tú an choinneall?

Ionadaíocht chionmhar atá in Éirinn, nach ea?

Más an Buachallach uimhir a haon agat, cá bhfágann tú na huimheacha eile?

Mínigh an freagra,( mar a deir na scrúdaithe is fearr :) )
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,474
Cé go bhfuil mé an t-aon gaeilgeoir sa fóram Gaeilge anseo sásta chun a insint díbh cé hé mé sé sin ag úsáid mo fhíor ainm ar líne ní ciallaíonn sé sin go gcaitheann mé gach rogha vótáil a insint díobh agus an fáth go bhfuil mé ag vótáil do gach iarrthóir go háirithe nuair nach bhfuil aon duine eile anseo sásta chun é a dhéanamh agus chun seasamh a ghlacadh go poiblí. Tá ar a laghad trí iarrthóirí maithe ann sa fothoghchán seo. Ní gá dom a rá cén huimhir go díreach a dtabharfadh mé dóibh MÁ raibh cónaí orm i an Mhí Thoir! An bhfuil tú chun dea-shampla a thabhairt air seo, a chara?

Dúirt mé ar aon chuma gur tá súil agam, agus go bhfuil mé ag tnúth in fhírinne, go bheidh an bua ag Helen McEntee. Thabharfainn mé vóta ard do Thomás Byrne agus Seán Ó Buachalla. Níl aithne agam ar an cheann den hiarrthóirí eile ar aon chuma.

Agus tusa agus sibhse?
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org
Is féidir duine eile teacht isteach roimh an Chéadaoin - b'fhéidir nach bhfuil liosta iomlán na n-iarrthórií againn go fóill.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,367
Seo mo roghasa, dá raibh rogha agamsa, rud nach bhfuil!!! :)

6. Fine Gael: Helen McEntee (iníon Shane McEntee)
7. Fianna Fáil: Thomas Byrne (Seanadóir, bhí sé mar Theacta Dála sa dáilcheantar ó 2007 go 2011)
2. Sinn Féin: Darren Ó'Rourke
4. An Comhaontas Glas: Seán Ó Buachalla
1. Páirtí na nOibrí: Séamus McDonagh
3. Daonlathas Díreach, Éiré (Páirtí nua): Ben Gilroy
5. Páirtí an Lucht Oibre an Comhairleoir Eoin Holmes
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,474
De bharr mo thaithí leis Páirtí na nOibrí i bPort Láirge ní dtabharfainn vóta ar bith dóibh.

Níl aithne agam ag gach iarrthóir sa toghchán seo Eoin Holmes ina measc so seans go athróidh mé mo intinn ach ag an bpointe seo vótálfadh mé.

1) Helen McEntee
2) Tomás Byrne
3) Seán Ó Buachalla

Ní bheadh mo vóta mar vóta muinín ins na páirtithe sin áfach ach aitheantas dóibh mar iarrthóirí maithe.
 
Cad a ndearna an páirtí ort i bPort Láirge a d'fhág seanbhlas i do bhéal?
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,474
B'é Cathair Phort Láirge nó roinnt áiteanna ann mar an t-aon ceantar réasúnta mhaith dóibh in Éirinn deich bhliain ó shin. Tá siad imeallach agus tá cuid acu dainséarach. Bhfiú tada a dhéanamh leo. Fuair mé é sin amach ag labhairt le ceann acu ó Phort Láirge (bhí 3 comhairleoirí sa chathair acu 10 bhliain ó shin. Anois níl ach ceann acu agus péire go náisiúnta, ceapaim). Tá an-chuid dena daoine- 'ceannairí' go háirithe- i bhfad amach ar an eite chlé craiceáilte agus in fhírinne dainséarach.
 
Last edited:

Tuigim duit, ach dar liom is fiú "imeallach" agus "dáinséarach" agus "craiceálacht" anois is arís. Arna féachaint an prácas a ndearna na pairtithe traidisiúnta le cúig bhliana déag anuas tá sonc géag de dhith!
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,474
Nuair a deirim go bhfuil siad nó an-chuid dena 'ceannairí' ar an eite chlé craiceáilte agus dainséarach tá mé ag caint fúthu ar bhonn go pearsanta freisin ar iad mar dhaoine ní hamháin ag caint go polaitiúil.
 
craiceáilte agus dainséarach ó thaobh baol maraithe? nó foréigin? nó péidfíleacht ? nó caidé?
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top