#Brexit- maidir le hoileán na hÉireann ach go háirithe (Plé GA Politics.ie faoi)


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,299
Tuigim nach bhfuil fhios ag éinne cad a tharlóidh, ós rud é nach ndeireann Rialtas na Breataine faic, ach seal anseo agus seal ansiúd lena thuairimí,

Níl léamh ag iriseoirí na hÉireann ar an gcás ach an oiread, sílim. Eoin Ó Murchú ag síorcháineadh an AE, agus bím in amhras an bhfuil léamh Fhintan O'Toole cruinn.

Is beag eolas atá a fháil agam ó Rialtas an Breataine, agus ní léir dom cad iad na hullmhacháin atá a dhéanamh ag rialtas na hÉireann ná lucht ghnó na hÉireann

https://tuairisc.ie/ta-pleisiur-le-baint-as-polaiteoiri-na-breataine-ag-plobaireacht-agus-prislini-cantail-leo-ach/
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,299
Ní fada uainn anois an Breatimeacht! Nó an ea?

Cé chomh mór is a bhéas an praiseach?
 

Antóin Mac Comháin

Well-known member
Joined
Apr 18, 2017
Messages
3,145
Bheinn i bhfabhar Alban neamhspleách go ginearálta, chomh maith le Bhreatain Bhig neamhspleách, ach tá imní agam faoi Sasana a bheith mar tír neamhspleách mar mar a fheiceann mé é níl aon ceannairí polaitiúil carasmatach i Sasana agus bheadh imní orm go bhfásfaidh a leithéid de an BNP ansin i gcomhthéacs Sasana a bheith neamhspleách. Is rud é sin do níos faide síos an bhóthair áfach. :)
Mar a dúirt Leanne Woods i 2014, is próiseas an neamhspleáchas in ionad eachtra. Faoí láthair tá 46 suíocháin i Westminster as 123 atá le fáil idir SF, an SNP, Plaid Cymru, Mebyon Kernow agus Mec Vannin. Tá deireadh le ré an Ríocht Aontaithe ag druidim linn, slí amháin nó slí eile. Más rud é go raibh Pháirtí Lucht Oibre na Breataine i bhfabhar 1) Éire Aontaithe & Neamhspleách; 2) Neamhapleáchas do Alban agus An Bhretain Bheag; 3) Rialtas Dúchais do Chorn na Breataine agus Oileán Mhanann, (Cosúíl le tionól na Sami san Iorua) d'fhéadfaí an lá sin a teacht níos luath. Le cónascadh eatarthu sin, agus príomhaidhmanna an tionscadail reifreann ar na ceisteanna luaite anuas, d'fhéadfaí MK-Pháirtí Lucht Oibre na Breataine idir 2 - 4 suícháin a thógáil ó na Coimeádaithe, agus taobh le chuid suícháin an SNP agus Plaid Cymru, beidh dóthain acu chun cumacht a thógáil agus a coimeád. Níl ach 17 suíocháin eile ag teastáil chun tromlach a bheith acu. Tá ár lá anseo. Beirigí Bua!
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,299
Ní shílim go bhfuil neamhspléachas na hAlban nó na Breataine Bige ag brath ar an mBreatimeacht. Tiocfaidh sé nó ní thiocfaidh ar chúinsí nach é. Ar scor ar bith, bhí móramh sa Bhreatain Bheag ar son "Breatimeachta".

Pairtí Lucht Oibre na Breataine: is pairtí aontachtach é. Rinne siad feachtas i gcoinne neamhspléachais na hAlba sa Reifreann deireannach, cé go bhfuil Blair agus Brown ina nAlbanaigh.

Silím fós go bhfuil athrú le déanamh ar chroí an ghnáthAlbanaigh agus an ghnáthBhreatnigh le go mbeadh croí ar son neamhspléachais aige.

Ach an dtiocfaidh An Breatimeacht? Agus céard a bhéas ann?
 

Antóin Mac Comháin

Well-known member
Joined
Apr 18, 2017
Messages
3,145
Ní shílim go bhfuil neamhspléachas na hAlban nó na Breataine Bige ag brath ar an mBreatimeacht. Tiocfaidh sé nó ní thiocfaidh ar chúinsí nach é. Ar scor ar bith, bhí móramh sa Bhreatain Bheag ar son "Breatimeachta".

Pairtí Lucht Oibre na Breataine: is pairtí aontachtach é. Rinne siad feachtas i gcoinne neamhspléachais na hAlba sa Reifreann deireannach, cé go bhfuil Blair agus Brown ina nAlbanaigh.
Tá alt maith anseo ó Hue Williams ag plé na ceisteanna sin ó súil an Lucht Oibre sa Bhreataine Beag: The case for a Labour-Plaid electoral pact to prevent a Tory majority in Wales

Should Carwyn Jones and Leanne Wood prepare for a new era of cooperation - and even an independence referendum?

Labour-supporting Welsh academic Huw Williams makes the case for radical cooperation

"Our leader Carwyn has the choice of seeing us through another referendum and one more historic act of recreation, to set himself forever in the pantheon of Welsh heroes. His other choice is to allow apathy, confusion and desolation to rein, and to be remembered as the leader who allowed the Wales we know and love to slip from our grasp."

Tá smaointeoirí i measc Pairtí Lucht Oibre An Bhreataine Beag ag plé na ceisteanna seo. Sin an príomh rud. Ní raibh ach 3% i bhfabhar neamhspleáchas 10-20 bliain ó shin.

Tá tacaíocht don neamhspeáchas ag laghdú an t-am ar fad, agus léim sé ó 14% i 2014 chuig 23% i 2019, agus tá sé ráite go mbeidh sé timpeall 40% an bhliain seo chugainn. - Why support for Welsh Independence could grow to 40% by 2020
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,299
Níl lá loicht agam i dtaobh a scríobhann tú, ach nach bhfuil seans neamhspléachais ag an Bhreatain Bheag ar ala na huaire.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,299
Níl feisirí na breataine ar son daingnú an chonartha amach ón Aontas Eorpach, agus níl siad ar son gan conradh amach a bheith acu.

Is mian leo an craiceann is an luach a bheith acu!
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,299
Anois teacht an earraigh
Beidh an Breatimeacht ag dul chun síne!


PríomhAire na Breataine ag iarraidh tuilleadh ama!
a
 
Top