Ceacht Gaeilge do Paul Krugman

Gadfly

Well-known member
Joined
Nov 14, 2007
Messages
354
The Irish Non-bailout - NYTimes.com

"What’s the Gaelic for “You’ve gotta be kidding”?"

Cuid mhór a thug freagra ... ach níl aontas ar bith againn.

Más é Brian Lucey an té a bheadh ina ollamh de eacnamaíocht, ba cheart dó athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid Gaeilge.

Scríofa le cúnamh ó google aistriú.
 


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,463
Cad a deir an béarla le seo?

An rud nach mbaineann leat, a Phóil, ná bain dó!

Ar eagla míthuisceana, seo ceist reitrice, cé nach raibh mé ag súil go bpléadh duine le Gaeilge an ghéirchéim airdeadais is mó riamh ag Éirinn, nuair atá gramadach le plé.

Maith thú, a chuileoigín! :)
 

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Ag magadh atá******tú - sin bealach amháin chun é a rá, ach is cosúil nach bhfuil sé******sin ar eolas ag formhór an phobail.

An bhfuil baint idir an easpa crógachta atá ag daoine in Éirinn ó thaobh a dteanga dhúchais a labhairt agus an easpa crógachta atá******acu i dtaobh an scrios atá******FF, an EU agus na baincéirí ag déanamh ar an tír.

Is léir go bhfuil easpa misnigh i réim faoi láthair, ísle brí seachas fearg atá i measc an phobail.

Bhí mé ag an agóid Dé Sathairn, 100,000 a bhí ann, ach bhí an slua ciúin go leor, ní raibh siad ar buile mar a shílfeá leis an méid atá déanta ag an rialtas.
 

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Déarfainn go bhfuil a Joeyjoejoe, más é tuiscint an phobail nach bhfuilimid cruthaitheach go leor chun teanga fónta a dhearadh, cén tuairim a bheadh acu i dtaobh rud ar bith eile as a mbeimid freagrach.
 

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Déarfainn go bhfuil a Joeyjoejoe, más é tuiscint an phobail nach bhfuilimid cruthaitheach go leor chun teanga fónta a dhearadh, cén tuairim a bheadh acu i dtaobh rud ar bith eile as a mbeimid freagrach.
Má chreideann 95% de mhuintir na tíre seo nach bhfuil a dteanga dhúchais chomh maith le teangacha eile ní aon ionadh go gceapfaidís nach bhfuil siadsan chomh maith le daoine eile, dá bhrí sin níl ach dhá bhealach againn chun airgead a thuilleadh, daoine le hairgead a mhealladh anseo nó airgead a thuilleadh thar lear muid féin ar imirce.
 


New Threads

Most Replies

Top