• It has come to our attention that some users may have been "banned" when they tried to change their passwords after the site was hacked due to a glitch in the old vBulletin software. This would have occurred around the end of February and does not apply after the site was converted to Xenforo. If you believe you were affected by this, please contact a staff member or use the Contact us link at the bottom of any forum page.

Cén chaoi gur féidir linn an fóram Gaeilge a fheabhsú?


Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Cén chaoi gur féidir linn an fóram Gaeilge a fheabhsú le níos mó daoine a mhealladh chuige nó le daoine a bhfuil Gaeilge acu a choinneáil ag póstáil níos minicí ann?
 

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Cén chaoi gur féidir linn an fóram Gaeilge a fheabhsú le níos mó daoine a mhealladh chuige nó le daoine a bhfuil Gaeilge acu a choinneáil ag póstáil níos minicí ann?
Ceist mhaith, bímse ag obair i rith an lae agus gnóthach is t'oíche mar sin ní bhíonn an t-am agam le bheith ag postáil i nGaeilge, nó i mBéarla, go minic ach
Déanaim níos mó léamh ná scríobh ar p.ie i ndáiríre ach déanfaidh iarracht níos mó postáil a dhéanamh amach anseo.
 

picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
21,046
D'imigh snáthanna as príomhleathanach an fhóraim i ndiaidh cúpla lae. Ní bhíonn nascanna ann don dara, tríú leathanach den fhóraim, srl. Thangthas ar snáthanna níos sine le deacracht.
 
Last edited:

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
D'imigh srathanna as príomhleathan an fhóraim i ndiaidh cúpla lae. Ní bhíonn nascanna ann don dara, tríú leathan den fhóraim, srl. Thangthas ar srathanna níos sine le deacracht.
Is fíor dhuit. Nuair a théann tú isteach sa bhfóram 'Gaeilge' ní thugann sé duit ar an bpríomhleathanach ach gach snáth a ndearnadh plé orthu le 24 uair an chloig anuas. I bhfóraim éagsúla eile tugann sé na snáthanna duit a ndearnadh plé orthu le mí anuas. An mbeadh aon tionchur ag na modhnóirí air seo? An mbeadh siad in ann é seo a chur ina cheart? Cailltear roinnt snáthanna mar gheall air seo.
 

picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
21,046
Is fíor dhuit. Nuair a théann tú isteach sa bhfóram 'Gaeilge' ní thugann sé duit ar an bpríomhleathanach ach gach snáth a ndearnadh plé orthu le 24 uair an chloig anuas. I bhfóraim éagsúla eile tugann sé na snáthanna duit a ndearnadh plé orthu le mí anuas. An mbeadh aon tionchur ag na modhnóirí air seo? An mbeadh siad in ann é seo a chur ina cheart? Cailltear roinnt snáthanna mar gheall air seo.
Is ceist do na modhnóirí é ach creidimse gurbh rud furasta é a réitigh.
 
Last edited:

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
An bhfuil aon rud le rá ag na modhnóirí faoin moladh seo thuas mar sin?

An bhfuil moltaí maithe ag duine ar bith eile - go hairithe iad siúd a bhfuil Gaeilge acu nach mbíonn ag póstáil ar an bhfóram seo?
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
'Sea ní ord nó eagar dá laghad ar na snáthanna, is féidir breathnú ar an bhfóram seo agus snáth ó 2008 nó 2006 a fheiceáil.
Ba chóir go mbeadh sé go díreach cosúil leis na cinn Béarla.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
An bhfuil aon rud le rá ag na modhnóirí faoin moladh seo thuas mar sin?
Mar mhodhnóir, níl de dhualgas agam ach breathnú nach bhfuil ábhair leabhlach ar an bhfóram. Molaim díbh dul i ndáil Débhid Cacran, úinéir an tsuímh más mian le duine ar bith athrú croit a bheith ar an leathanach.

Ach tá slí eile ann. Téigh go Display Options ag bun bhunleathnach an fhóraim, agus athrigh an treoir ó "Last Day" chun do rogha tréimhse.
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Mar mhodhnóir, níl de dhualgas agam ach breathnú nach bhfuil ábhair leabhlach ar an bhfóram. Molaim díbh dul i ndáil Débhid Cacran, úinéir an tsuímh más mian le duine ar bith athrú croit a bheith ar an leathanach.
Déarfainn, mar mhodhnóir, go mbeadh seans i bhfad níb fhearr agatsa gabháil i bhfeidhm air maidir leis an gceist seo. An mbeadh aon fhadhb agatsa teagmháil a dhéanamh leis?

Ach tá slí eile ann. Téigh go Display Options ag bun bhunleathnach an fhóraim, agus athrigh an treoir ó "Last Day" chun do rogha tréimhse.
Is minic a dhéanaim é sin ach, faraor géar, ní fhanann sé ag an rogha a bhíonn uaim. Go raibh maith agat as tacú linn a Chúchonnacht.

An bhfuil aon mholtaí pearsanta agat féin maidir le mo cheist thuas.
 
Last edited:

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
'Sea ní ord nó eagar dá laghad ar na snáthanna, is féidir breathnú ar an bhfóram seo agus snáth ó 2008 nó 2006 a fheiceáil.
Ba chóir go mbeadh sé go díreach cosúil leis na cinn Béarla.
Mar mhodhnóir, níl de dhualgas agam ach breathnú nach bhfuil ábhair leabhlach ar an bhfóram. Molaim díbh dul i ndáil Débhid Cacran, úinéir an tsuímh más mian le duine ar bith athrú croit a bheith ar an leathanach.

Ach tá slí eile ann. Téigh go Last Post bharrleathnach an fhóraim, agus gliogáil le ord ama a chuir ann
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
Ach tá slí eile ann. Téigh go Last Post bharrleathnach an fhóraim, agus gliogáil le ord ama a chuir ann
Bíonn an fhadhb chéanna agamsa is atá ag Culann. Dhéanaim é sin ach ní fhanann sé ag an rogha a bhíonn uaim
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Déarfainn, mar mhodhnóir, go mbeadh seans i bhfad níb fhearr agatsa gabháil i bhfeidhm air maidir leis an gceist seo. An mbeadh aon fhadhb agatsa teagmháil a dhéanamh leis?
Bheadh, monuar. Tá cruógaí eile orm. Féachaigí leis sibh fhéin. Ní bheadh fhios agaibh!
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Bheadh, monuar. Tá cruógaí eile orm. Féachaigí leis sibh fhéin. Ní bheadh fhios agaibh!
Cuirfidh mé scéal chuige ach nach bhfuil tusa ceaptha a bheith mar urlabhraí againn - agus tú i do mhodhnóir. Déarfainn nach bhfuil sé róshásta liomsa. Cháin mé é de bharr go raibh sé ag Béarlóireacht ar nós cuma liom ar fhóram seo na Gaeilge - agus fad is eol dom ní bhfuair mé aon tacaíocht ó dhaoine sinsearcaha ar an suíomh seo faoi sin!!
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Cuirfidh mé scéal chuige ach nach bhfuil tusa ceaptha a bheith mar urlabhraí againn - agus tú i do mhodhnóir. Déarfainn nach bhfuil sé róshásta liomsa. Cháin mé é de bharr go raibh sé ag Béarlóireacht ar nós cuma liom ar fhóram seo na Gaeilge - agus fad is eol dom ní bhfuair mé aon tacaíocht ó dhaoine sinsearcaha ar an suíomh seo faoi sin!!
"Cuirfidh mé scéal chuige "
Maith an fear!

"ach nach bhfuil tusa ceaptha a bheith mar urlabhraí againn - agus tú i do mhodhnóir"?
Níl, agus níl caill ar do chuid urlabhraíochta fhéin. Nuair nach bhfuil gá le fear eadrána, ná téigh ina mhuinín.


"Déarfainn nach bhfuil sé róshásta liomsa. Cháin mé é de bharr go raibh sé ag Béarlóireacht ar nós cuma liom ar fhóram seo na Gaeilge - agus fad is eol dom ní bhfuair mé aon tacaíocht ó dhaoine sinsearcaha ar an suíomh seo faoi sin"
Ní chuimhin liom an eachtra seo. Ach má tá tú ag iarraidh rud éigin , iarr leat.
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
"Cuirfidh mé scéal chuige "
Maith an fear!
Chuir mé teachtaireacht chuige maidin inné ach níor fhreagair sé í. Meas tú an mbeadh seans níos fearr againn dá gcuirfeadh cúpla duine eile an t-iarratas céanna chuige?? Modhnóirí ina measc.
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Nuair a scríobhann tú ar an snáth Gaeilge ní thagann an rud a scríobhann tú aníos ar leathanach baile an tsuímh seo. Tá súil agam go bhfuil fadhb leis an suíomh agus nach cleachtas nua é seo. Chuir mé scéal chuig Dave Cochrane, an leaid ar leis an suíomh, ag iarraidh air é a chur ina cheart ach ní dhearna sé tada fós agus níor tháinig sé ar ais chugam. An mbeadh spéis ag éinne eile é a lua leis.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Chuir mé teachtaireacht chuige maidin inné ach níor fhreagair sé í. Meas tú an mbeadh seans níos fearr againn dá gcuirfeadh cúpla duine eile an t-iarratas céanna chuige?? Modhnóirí ina measc.
Chuir mé teachtaireacht chuig an riarthóir anois díreach
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
Tá cuma níos fearr ar an fhóram na laethanta seo. Tá ord ar na postálacha ar aon nós.
 
Top