Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600 – 1926

  • Thread starter Deleted member 23684
  • Start date
D

Deleted member 23684

Ní rabhas ar an suíomh seo le fada an lá agus b’fhéidir go bhfuil an t-eolas seo agaibh cheana féin. Má tá gabh mo leithscéal!!


www.corpas.ria.ie




Mholfainn an nasc seo d’éinne a bhfuil suim aige nó aici i stair na teanga nó i litríocht na Gaeilge. Seo réamhrá ón suíomh:

“Ar an suíomh seo beidh tú in ann cuardach a dhéanamh ar do rogha focal sa chorpas téacsanna seo ón tréimhse c1600-1926. Is féidir ansin na focail a fheiceáil ina gcomhthéacs dílis sa saothar inar scríobhadh iad, ach cliceáil ar na torthaí a gheobhaidh tú.
Is féidir cuardach a dhéanamh ar cheannfhocal agus torthaí a fháil bunaithe ar an leama sin; mar shampla má chuardaíonn tú an leama bád gheobhaidh tú torthaí ar nós bhád, bádaibh, mbáid, báduighe, báidín, droch-bhád agus an iomad eile samplaí den leama leis an aon chuardach amháin sin.”


Freisin tá tú in ann bhur ré féin a roghnaigh m.s. filíocht ón tréimhse 1700 go 1850. Seod luachmhar is ea an suíomh seo agus sár-oibre déanta ag an RIA. Giorróidh sé an geimhreadh!
 


ger12

Well-known member
Joined
Feb 25, 2011
Messages
47,680
Anois is gá roinn staire ollscoile a d'fheidhmeodh trí Ghaeilge chun tairbhe a bhaint as....
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,937
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Anois is gá roinn staire ollscoile a d'fheidhmeodh trí Ghaeilge chun tairbhe a bhaint as....
Cinnte ba chóir go mbeadh lascaine ag gaeilgeoirí nuair atáimid ag siopadóireacht freisin. 10% faoin gcéad ar a laghad déarfainn ach bheinn i bhfabhar 20% go dtí go bhfuil leibhéal maith airgead ag gach gaeilgeoir; tógfaidh sé sin tamaill so ba chóir an polasaí 20% a tógáil isteach ar feadh 10 mbliana ar a laghad..
 

A Voice

Well-known member
Joined
Sep 29, 2009
Messages
7,773
Anois is gá roinn staire ollscoile a d'fheidhmeodh trí Ghaeilge chun tairbhe a bhaint as....
Is iomaí stairí Éireannach iomráiteach nach bhfuil focal Gaeilge aige. Bhí tuairimí ag Foster faoi ha hannálacha ach ní raibh sé de chumas aige iad a léamh agus bhí sé ag brath ar aistriúcháin. Níor chualas Diarmuid Ferriter ag rá oiread is focal Gaeilge amháin fós. Bhí tráth ann nuair a bhí Gaeilge mhaith ag éinne a bhí in ainm is a bheith oilte sa tír seo - sna heolaíochtaí agus i réimsí eile gan trácht ar na healaíona. Tá an ré sin thart.
 


New Threads

Most Replies

Top