Cur i bhfeidhm an tAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
Ba chóir go mbeadh sílim snátha ar an suíomh seo le haghaidh nuacht ar cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla de. Tá snáth amháin faoi comharthaí bóithre agus an tAcht agus leis sin comharthaí dátheangach go ginearálta ar an suíomh seo as Gaeilge cheana féin.

Anois ní mba chóir é a bheith deacair sílim chun gaeilgeoir a bheith i ngach rannóg preas sna Roinne ag cur leagan Gaeilge de preasráitisí na Roinne as Gaeilge. Lasmuigh den Roinn Gaeltachta níl sé seo ag tarlú áfach.

D'fhéach mé ar an suíomh gréasáin nua don Roinn Sláinte inniu, bheul tháinig sé amach cúpla míosa ó shin, agus níl rogha Gaeilge ann. An bhfuil aon suíomhanna gréasáin Stáit eile mar seo?

Leis seo sílim nach bhfuil Straitéis Gaeilge go ginearálta i bhfeidhm ag an Roinn Sláinte.

Department of Health

An bhfuil aon Roinne eile go dona freisin?

Glacaim go bhfuil athbhreithniú ar siúl ar an tAcht Teangacha faoi láthair agus nuair atá sé glactha ag an Rialtas agus a chur i bhfeidhm go mbeidh Straitéis Gaeilge ag gach Roinn agus eagraíocht Stát.

Ach bheadh sé go maith má táimid in ann aird a tharraingt ar samplaí dona, agus maith, ó thaobh an tAcht Teangacha ionas gur féidir linn go léir a bheith ar an eolais fúthú.
 


Mushroom

Well-known member
Joined
Nov 27, 2009
Messages
15,474
Darren bocht. Beidh mé ag guí ar do shon. (nó shón!)
 

luasgirl

Well-known member
Joined
Jun 10, 2011
Messages
431
An fhadb le preas-ráiteas a bheith ag dul amach i nGaeilge ná go mbionn na meáin ag teacht ar ais ag iarraidh urlabhraí le gaeilge. Agus tá sé dodhéanta duine atá ar an eolas faoin imeacht nó cibé abhár i gceist a fháil le cumas teanga sách mhaith chun phlé leo.
Ach aontaím go huile is go hiomlán leat gur chóir go mbeadh Gaeilgoir amháin i ngach oifig Phreas ag coimead súil ar chumarsáide, ag féachaint chuige go bhfuil sé dá-theangach, nó go mbeadh roinnt Gaeilge ar.
 

luasgirl

Well-known member
Joined
Jun 10, 2011
Messages
431
Tá sé glactha go bhfuil an Bord Pleanála i gcroílár Chathair Bhaile Átha Cliath thar mholadh beirte maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. An eagraíocht phoiblí is fearr i dtaobh na sprioce seo. Breac ar a suíomh idirlín, pleanála.ie.

Is féidir glaoch ar an switch agus an cumarsáid iomláin a dhéanamh tri Ghaeilge leis an té a fhreagraíonn. Labhraíonn cuid mhaith de na baill foirne -de bhunadh BÁC -na Gaeilge eatarthu mar teanga laethúil.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
An fhadb le preas-ráiteas a bheith ag dul amach i nGaeilge ná go mbionn na meáin ag teacht ar ais ag iarraidh urlabhraí le gaeilge. Agus tá sé dodhéanta duine atá ar an eolas faoin imeacht nó cibé abhár i gceist a fháil le cumas teanga sách mhaith chun phlé leo.
Ba chóir go mbeadh gaeilgeoir in ann a bheith i nach rannóg preas chun na preasráitis a aistriú go Ghaeilge agus chun déileáil le aon fhiosrúcháin.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
An Roinn Sláinte

Faighim an bus uair nó dhó sa sa seachtain ón stad mbus i Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir go dtí an Chúlóg agus téann an bus tríd campas Ospidéal Beaumont. Níl aon comharthaí dátheangach nó i nGaeilge i Ospidéal Uí Chonghaile agus tá na comharthaí go hiomlán dátheangach ar campas Ospidéal Beaumont.
 

wombat

Well-known member
Joined
Jun 16, 2007
Messages
34,581
Mar a duirt me in ait eile, beidh se suimiuil a fheiscint cen fhad a thogfaidh an taire nua a Ghaeilge a fhail air ais
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
Beidh sé sórt shuimiúil. Bhí suim agam i Michael Ring agus Frank Feighan agus a gcuid hiarrachtaí ach is beag a rinne siad agus anois níl suim mhór agam le polaiteoir eile ó Fhine Gael ag rá an rud céanna. Caithfidh sé óráid a dhéanamh nó preas-ráiteas a sheoladh amach go luath ag insint a sheasamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, an Straitéis 20 Bliain agus an seasamh agus treo go ginearálta atá aige agus an Rialtas seo i leith na Gaeilge agus Gaeltacht.
 
Last edited:

wombat

Well-known member
Joined
Jun 16, 2007
Messages
34,581
An leisceal ata agam no gur chaith me na mblianta thar saile ach taim cinnte da mbeadh deis agus suim agam, mi a chaitheamh san Gaeltacht, go dtiocfaidh mo Ghaeilge arais agus taim i bhfad nios sine na mcHugh.:lol:
 

luasgirl

Well-known member
Joined
Jun 10, 2011
Messages
431
An leisceal ata agam no gur chaith me na mblianta thar saile ach taim cinnte da mbeadh deis agus suim agam, mi a chaitheamh san Gaeltacht, go dtiocfaidh mo Ghaeilge arais agus taim i bhfad nios sine na mcHugh.:lol:
Ah, ach tá Gaeilge mhaith agatsa cheana.

Beidh sé iontach deacair air. De réir Enda Kenny ní gá d'einne ach seal a chaitheamh in Oideas Gael agus beidh gá rud togha. Níl sé chomh éasca sin. Beidh air bheith ag plé leis na meáin agus le pobal na Gaeltachta..Tá seans ann go bhfuil bua na cainte aige áfach agus go mbeadh sé in ann labhairt le muinín gan moran mhoill ach nil fhios am..
Is docha go mbeadh tacaíocht sa Roinn aige chun freagraí ullmhaithe roimh ré a chur ar fáil agus a chleachtadh leis. Ach níl sé suntasach nach bhfuil Gaeilge aige agus é ceaptha mar Aire le freagracht sin.
Ar abhár eile -Tá suirbhé ag lorg tuairimí maidir leis an gCáin Mhaoine Áitiúil anseo (nach mór) i nGaeilge ó CC BÁC.
https://consultation.dublincity.ie/...l-c-im-an-chomhairli-ch-in-phoib/consult_view
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
Cúnamh Éireann

Agus mé ag obair mar iriseoir neamhspleách agus pobail in Éirinn ag clúdach ábhair idirnáisiúnta agus forbairt idirnáisiúnta bheadh sé go mór chun cabhair liom má raibh suíomh gréasáin go hiomlán dátheangach (nílim ag lorg na tuarascáil bhliantúil srl. a bheith le fáil i nGaeilge!) ag Cúnamh Éireann.

Cúnamh Éireann | Irish Aid

An dtiocfaidh sé seo leis an t-athbhreithniú? Níl aon fáth nach tharlóidh sé lasmuigh de easpa dáiríocht i leith na Gaeilge agus ní dóibh liom go bhfuil fiú muna bhfuil neart Gaeilge ag an nóiméad seo ag ár Aire sinsireach agus Stáit sa Roinn. :)
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
Na comhairlí

Táimse chun obair go luath ar sraith raidió ag caint leis na hoifigeachaí Gaeilge sna comhairlí faoina obair agus na seirbhísí trí Ghaeilge sa comhairlí chomh maith le aon nuacht eile- ar an tAcht mar shampla. Beidh mé ag caint, ar a laghad, le hoifigeachaí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Fhine Gall. Níl an cinneadh déanta agam go fóill chun labhairt leo sna dhá comhairlí eile i mBÁC ar an dtaobh theas den chontae. Labhair mé leis an chéad beirt cheana ar an raidió ach scriosadh na podchraoltaí sin agus bhí sé i m'aigne chun labhairt leis beirt eile ó SDCC agus Dún Laoghaoire-Ráth an Dúin ach ní dhearna mé. So fan go bhfeicimid. Roinnfidh mé na hagallaimh anseo ar aon nós agus bheadh sé go maith má raibh daoine eile i stáisiún raidió pobail eile timpeall na tíre in ann é a dhéanamh do a chontae nó comhairle áitiúil freisin, chomh maith le nuacht eile ó thaobh an tAcht Teangacha a roinn anseo freisin.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
Bhí mé ag tnúth chun agallamh a dhéanamh leis an tOifigeach Forbartha Gaeilge Orla McMorrow i gComhairle Cathair Bhaile Átha Cliath inné ach ní beidh mé ag caint léi go dtí an tseachtain seo chugainn aois. Buíochas le Dia beidh deireadh is cosúil leis an t-aistriúchán de tuarascáil agus cáipéisí Gaeilge gan éileamh sna míonna amach romhainn.
 

luasgirl

Well-known member
Joined
Jun 10, 2011
Messages
431
Aontaím leat, agus beidh sé i bhfad níos fearr an t-airgead a chaitheamh á chur chun chinn an teanga beomhar. Go rachaidh sí i bhfeidhm ar mheon on phobail.
Caithim admháil go raibh ionadh orm an méid (íseal) a fhaigheann aistritheoirí agus taréis go leor saothar a chur isteach ar an t-aistriúchán. Níos saoire ná mar a cheapfá.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,292
Aontaím leat, agus beidh sé i bhfad níos fearr an t-airgead a chaitheamh á chur chun chinn an teanga beomhar. Go rachaidh sí i bhfeidhm ar mheon on phobail.
Cinnte. Ní spreagann an méid a tharlaíonn anois ó thaobh aistriúchán de rudaí gan éileamh ach fearg ó dhaoine. Ach de réir roinnt gaeilgeoirí tá sé seo luachmhar in ainneoin go bhfuil sé ag spreagadh ach fearg agus costas a bheadh in ann a chaitheamh ar rudaí a dhéanann difir don bpobal in Éirinn in áit pócaí d'aistritheoirí amháin. Tá súil agam nach labhróidh aon daoine amach in aghaidh an gné sin den tathbhreithniú ar Acht na dTeangacha. Má dhéanann beidh mé ag déanamh taifead ar a fhreagra air agus ag cur é sin in iúil do dhaoine nó níos mó daoine arís is arís, fad is atá seans agus Fianna Fáil agus Sinn Féin a dul i gcumhacht sa tíre ar aon nós. Fiú leis na heagraíochtaí Gaeilge beidh mé ag insint daoine fúthu ó thaobh sin má labhraíonn aon d'acu amach i gcoinne an t-athrú ciallmhaire seo.
 


Popular Threads

Most Replies

Top