• It has come to our attention that some users may have been "banned" when they tried to change their passwords after the site was hacked due to a glitch in the old vBulletin software. This would have occurred around the end of February and does not apply after the site was converted to Xenforo. If you believe you were affected by this, please contact a staff member or use the Contact us link at the bottom of any forum page.

Dearcadh diúltach i dtaca leis an Ghaeilge - an bhfuil sé le fáil go forleathan?


iago1709

Well-known member
Joined
Apr 2, 2011
Messages
384
Seo an chéad uair dom tús a chur le plé ach spreagadh mé lena dhéanamh ag cuid den chaint bhinbeach a léigh mé sa phlé faoi Bhernard Dunne. Níl mé ag rá go gcuireann sé iontas orm go hiomlán ach fós féin chuirfeadh sé déistin ar dhuine faoi chomh diúltach, maslach agus mímhúinte is atá cuid de na daoine, agus iad ag tabhairt amach faoi sheasamh na Gaeilge i sochaí na hÉireann. Go bunúsach tá mé ag iarraidh bhur dtuairimí faoi sin, an síleann sibh go bhfuil a leithéid de dhearcadh iontach forleathan i measc an phobail?
Nach ndeir na suirbhéanna go bhfuil formhór na ndaoine i bhfách leis an Ghaeilge?
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,342
, an síleann sibh go bhfuil a leithéid de dhearcadh iontach forleathan i measc an phobail?
Nach ndeir na suirbhéanna go bhfuil formhór na ndaoine i bhfách leis an Ghaeilge?

Tá go dearfa! An inné nó inniu a tháinig tú go hÉirinn?

suirbhéanna? Cúis gháire chugainn! Nach deir leath mhilliún go labhrann siad Gaeilge? Tá folach maith acu, i nDomhnach!
 

ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,251
Ní cheidim na freagraí san daoin-áireamh. Is dóigh liom go cuireann a lán daoine stróc san bosca gan smaoiniú faoi
 
Top