Dráma nua - An tAiséirí

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Radharc 1

Tagann roinnt fir agus mná isteach is seomra agus suíonn siad timpeall bord ubhach. Tá blaincéad ar shuíochán amháin - ní shuíonn éinne ar an suíochán sin. Cloistear na fir agus mná ag mungailt beannachtái agus iad ag suí síos. Tá culaith éadaigh ghlas ar bheirt fhir.

Brian Cowen: "Ciúnas! An bhfuil muid réidh?".

Aire 1: "Cá bhfuil Mary Harney?"

Aire 2: "An bhfuil sí ar saoire?"

Aire 3: "An bhfuil sí tinn?"

Brian Cowen: "Sin an chéad rud ar an gclár. Thug mé bata agus bóthar di."

Aire 1: "Óóóó?"

Aire 2: "Cén fáth?"

Aire 3: "A Dhia!"

Brian Cowen: "Bhí sí ag tarraingt droch-phoiblíocht ar an rialtas. Féach ar na pobalbhreitheana - tá siad do-chreidte. Tá daoine ag cur an milleán ormsa mar gheall ar dhroch-stad an Chóras Sláinte."

Aire 1: "An-mhaith, a Thaoisigh!"

Aire 2: "Maith an fear!"

Aire 3: "Bhí sé tuilte aici!"

Brian Cowen: "Anois, an chéad rud ar an gclár - tá Aire Sláinte nua ag teastáil uaim!"

Mary Hanafin (ag cur a lámh suas): "Mise, mise, mise!"

Feiceann na hAirí eile timpeall ar a chéile. Ní fheiceann éinne i dtreo Brian Cowen. Cromann beirt síos ag súgradh lena gcuid barriallacha.

Brian Cowen: "Ná bí buartha, a cháirde! Tá an tAire nua roghnaithe agam".

Seasann Brian Cowen suas agus siúlann sé go dtí cathaoir an bhlaincéid. Baineann sé an blaincéad ón gcathaoir. Tá creatlach le feicéal ar an gcathaoir. Níl pioc feoil ach cnámha bán amháin ann.

Aire 1: "Óooo!"

Aire 2: "Íosa Chríost!"

Aire 3: "A Dhia!"

Brian Cowen: "Seo Noel Browne, ár Aire Sláinte nua. Nach bhfuil sé iontach! An tAire Sláinte is cáiliúla riamh ag teacht ar ais! Casfaimid an cúinne anois!"

Mary Hanifin: "Ach, a Thaoisigh, nach bhfuil sé marbh?"

Brian Cowen: "Tá muid go léir marbh i ndeireadh an lae."

Mary Hanifin: "Ach ní féidir leis caint!"

Brian Cowan: "Éist do bhéal. Féach ar seo"

Tógann sé taser suas agus cuireann sé ar bhlaosc Noel Browne. Clostear ZZZZZZZZZZZZZZZZ. Sracann an chreatlach in airde.

Noel Browne: "Cailín. Madra. Ciúnas. Bóthar."

Mary Hanifin: "Is amadach é seo, is ... "

Brian Cowen: "Ar mhaith leat triail a bhaint as an Taser, a Mhary?"


Scríobh an chéad phíosa eile den dráma.
 
Last edited:


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,496
Ar chúis éigin ní shamhleoinn Molière ag cur suas Gníomh a hAon, Radharc a hAon agus bheith ag súil go leanfeadh daoine eile leis an tinfeadh.

ÓS rud nár ghlac éinne an baoite, an leanfaidh tusa fhéin leis an tinfeadh?
 

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Ar chúis éigin ní shamhleoinn Molière ag cur suas Gníomh a hAon, Radharc a hAon agus bheith ag súil go leanfeadh daoine eile leis an tinfeadh.

ÓS rud nár ghlac éinne an baoite, an leanfaidh tusa fhéin leis an tinfeadh?
Shuígh Mary Hanafin síos.

Brian Cowen: "Anois, caithfaimid droch-staid an gheilleagair a phlé. An féidir linn rud ar bith eile a dheanamh? An bhfuil smaoineamh nua ag éinne? Tá neamhspleáchas na tíre i gceist. An bhfuil plean ag duine ar bith?"

Aire 1: "Táimid ag casadh an chúinne!"

Aire 2: "Táimid san áit ina bhfuil muid!"

Aire 3: "B'é deartháireacha Lehmans cúis na faidhbe!"

John Gormley (ag oscailt mála): "Tá úll orgánach agam do ghach duine ó ghairdín Trevor Sargent."

Rollann sé úlla i dtreo na hairí eile.

Éamon Ryan (ag ithe úll) "Ó, nach bhfuil an blas iontach!" Tógann sé úll ón mbord agus cuireann sé isteach i mbéal chreatlach Noel Browne é. Tosaíonn na hairí go léir ag gáire ach beirt.

Brian Lenihan (os ard) "Caithfidh mé bualadh le ceannaire an ECB amárach agus níl úll orgánach ag teastáil uaidh. An bhfuil rud ciallmhar le rá ag éinne?"

Bíonn ciúnas ar feadh nóimeád. Ansin titeann an t-úll ó bhéal an chreatlaigh, rollann sé trasna an bhóird agus titeann sé isteach i gciseán. Tógann Brian Cowen an Taser ina lámh agus cuireann sé ar bhlaosc Noel Browne. Clostear ZZZZZZZZZZZZZZZZ arís. Léimeann an chreatlach ón gcathaoir.

Noel Browne: "An t-úll inniu, an tír amárach!"
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,496
Nach bhfuil duine agaibh a thabharfadh faoi?
 
Last edited:


Popular Threads

Most Replies

Top