Eagraíocht Amháin Gaeilge

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Cén chaoi a ndéanfá eagraíocht amháin de na heagraíochtaí Gaeilge? Tá cinneadh mór le déanamh ag an Aire nua go luath maidir leis na heagraíochtaí Gaeilge agus, mar sin, d'fhéadfadh ionchur éigin a bheith ag lucht politics.ie ar an gcinneadh sin. Tá mise lánchinnte go léann daoine a bhfuil tionchur acu ar a leithéid an suíomh seo. Ba cheart dúinn mar sin gach cuid den cheist seo a chíoradh go mion anseo. Tá sé i gceist na heagraíochtaí ó dheas amháin a chur san eagraíocht seo. Mar sin ní bheidh mé ag tabhairt na n-eagraíochtaí ó thuaidh san áireamh anseo.

An chéad rud a dhéanfainn féin ná go leagfainn amach ceannteidil le haghaidh na rannóga éagsúla a bheadh san eagraíocht seo. Is iad seo a leanas na rannóga a bheadh agamsa agus na heagraíochtaí (faoi mar atá siad faoi láthair) a ghabhfadh faoi na rannóga éagsúla sin:

Oideachas
Forbairt Naíonraí Teoranta
Gaelscoileanna
Comhar na Múinteoirí Gaeilge
(Bheadh dualgas ar an rannóg seo ranganna a eagrú do dhaoine fásta timpeall na tíre)

Pobal agus Gnó
Comhluadar
Glór na nGael
Conradh na Gaeilge
Ógras
Cumann na bhFiann
Feachtas
Na Gaeil Óga (Ma tá siad fós ann)
Na comharchumainn éagsúla Gaeltachta
Óige na Gaeltachta

Stát agus Cearta
Conradh na Gaeilge
Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge

Na Meáin Chumarsáide agus Foilseacháin
Gaelscéal
Raidió na Life
Raidió Rí-Rá
Saol
Comhar
Nós
An tUltach
Feasta
Beo

Féilte, Cultúr agus Oidhreacht
An tOireachtas
Seachtain na Gaeilge
Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta
Coimisiún le Rincí Gaelacha

Bainistíocht, Pearsanra agus Cun tais
Bheadh foireann mhór amhain agam anseo le tabhairt faoi riaradh na heagraíochta seo

Údarás na Gaeilge a bheadh agam mar theideal ar an eagraíocht seo.

Ní bhíonn Gael Linn, Gaelchultúr, ná Rith ag brath go hiomlán ar an stát (fad is eol dom)agus tá obair an-mhór á déanamh acu. Mar sin, d'fhágfainn iad ag feidhmiú mar atá agus, dar ndóigh, chaithfeadh an stát leanstan ar aghaidh leis an bpáirtmhaoiniú a thugtar dóibh. Freisin, ní bheadh Raidió na Gaeltachta ná TG4 mar chuid den eagraíocht seo.

Maidir le foirne reatha na n-eagraíochtaí seo choinneoinn uilig iad ach de réir mar a d'fhágadh na baill éagsúla foirne dhéanfainn athstruchtúrú ar líon na foirne. Chuirfinn deiseanna agus tairiscintí maithe ar fáil freisin le haghaidh iomarcaíochta deonaí.

Níl anseo ach tuairimí le tús a chur le plé agus tá mé an-oscailte le haghaidh tuairimí atá níos fearr agus níos ciallmhaire. Ba bhreá liom plé a dhéanamh ar céard a bheadh ar siúl go baileach ag gach rannóg den eagraíocht seo freisin.
 
Last edited:

Fear Rua

Well-known member
Joined
Mar 16, 2010
Messages
835
Cén chaoi a ndéanfá eagraíocht amháin de na heagraíochtaí Gaeilge? Tá cinneadh mór le déanamh ag an Aire nua go luath maidir leis na heagraíochtaí Gaeilge agus, mar sin, d'fhéadfadh ionchur éigin a bheith ag lucht politics.ie ar an gcinneadh sin. Tá mise lánchinnte go léann daoine a bhfuil tionchur acu ar a leithéid an suíomh seo. Ba cheart dúinn mar sin gach cuid den cheist seo a chíoradh go mion anseo. Tá sé i gceist na heagraíochtaí ó dheas amháin a chur san eagraíocht seo. Mar sin ní bheidh mé ag tabhairt na n-eagraíochtaí ó thuaidh san áireamh anseo.

An chéad rud a dhéanfainn féin ná go leagfainn amach ceannteidil le haghaidh na rannóga éagsúla a bheadh san eagraíocht seo. Is iad seo a leanas na rannóga a bheadh agamsa agus na heagraíochtaí (faoi mar atá siad faoi láthair) a ghabhfadh faoi na rannóga éagsúla sin:

Oideachas
Forbairt Naíonraí Teoranta
Gaelscoileanna
Comhar na Múinteoirí Gaeilge
(Bheadh dualgas ar an rannóg seo ranganna a eagrú do dhaoine fásta timpeall na tíre)

Pobal agus Gnó
Comhluadar
Glór na nGael
Conradh na Gaeilge
Ógras
Cumann na bhFiann
Feachtas
Na Gaeil Óga (Ma tá siad fós ann)
Na comharchumainn éagsúla Gaeltachta
Óige na Gaeltachta

Stát agus Cearta
Conradh na Gaeilge
Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge

Na Meáin Chumarsáide agus Foilseacháin
Gaelscéal
Raidió na Life
Raidió Rí-Rá
Saol
Comhar
Nós
An tUltach
Feasta
Beo

Féilte, Cultúr agus Oidhreacht
An tOireachtas
Seachtain na Gaeilge
Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta
Coimisiún le Rincí Gaelacha

Bainistíocht, Pearsanra agus Cun tais
Bheadh foireann mhór amhain agam anseo le tabhairt faoi riaradh na heagraíochta seo

Údarás na Gaeilge a bheadh agam mar theideal ar an eagraíocht seo.

Ní bhíonn Gael Linn, Gaelchultúr, ná Rith ag brath go hiomlán ar an stát agus tá obair an-mhór á déanamh acu. Mar sin, d'fhágfainn iad ag feidhmiú mar atá agus, dar ndóigh, chaithfeadh an stát leanstan ar aghaidh leis an bpáirtmhaoiniú a thugtar dóibh. Freisin, ní bheadh Raidió na Gaeltachta ná TG4 mar chuid den eagraíocht seo.

Maidir le foirne reatha na n-eagraíochtaí seo choinneoinn uilig iad ach de réir mar a d'fhágadh na baill éagsúla foirne dhéanfainn athstruchtúrú ar líon na foirne. Chuirfinn deiseanna agus tairiscintí maithe ar fáil freisin le haghaidh iomarcaíochta deonaí.

Níl anseo ach tuairimí le tús a chur le plé agus tá mé an-oscailte le haghaidh tuairimí atá níos fearr agus níos ciallmhaire. Ba bhreá liom plé a dhéanamh ar céard a bheadh ar siúl go baileach ag gach rannóg den eagraíocht seo freisin.
Ceist an mhór casta curtha agat a Chulainn. N'fheadar mé.

Ó thaobh na staire de ní féidir a bheith ag súil go mbeadh Ógras & Feachtas ag comnhoibriú, d'fhás Feachtas amach ó Ógras théis 'split' millteanach, tá gráin fós eatarthu. Agus bheadh sé níos measa idir CnabhFiann & Spleodar, chroch Mac Uí Bhrádaigh a chuid amach uaidh an Lúbhlaíoch théis a chuid eachtraí (!!).

D'fhás Comhlachas N.Drámaíochta amach ón Oireachtas san am a chaitheadh agus bheadh droch-fhuil ann fós.

An bhfuil gá leis na méid sin nuachtán ?? Saol ?? , nó na hirisí sin ar fad??. nó stásiún Raidió ??

D'fhéadfadh an Chonradh obair Comhluadar a dhéanamh, ní mórán é ar aon nós, agus thabharfadh sé obair don Chonradh, ceapaim go bhfuil 'moves afoot' ag an gConradh & Glór naG. ar seo cheanna féin.
 
Last edited:

Fear Rua

Well-known member
Joined
Mar 16, 2010
Messages
835
Níl aon tagairt déanta agat do na heagrais ó thuaidh, nach ceart nasc a dhéanamh leo siúd fosta.?

Ní thabharfainn eagras Gaeilge ar Coimisiún na Rincí Gaelacha.
 
LowIQ

Active member
Joined
Feb 9, 2005
Messages
286
Níl fhios agam, ach caithtear fáil reidh le na heagraíochtaí nach bhfuil ag obair i gceart. I ndeireadh na dála, tá airgead na gcáiníocóirí i gceist. Tá trí eagraíochtaí oideachas luaite agat, mar shampla. Ach tá an Roinn Oideachas glan in aghaidh an Ghaeilge! Mar a deirtear i mBéarla: WTF?
Tá suim an-mhór agam sa Gaeilge. Bhunnaidh mé suíomh idirlíon chun an Ghaeilge a chur chun cinn fiú. Ní bhfuair mé ríomh phost nó glaoch ón eagraíocht ar bith. Níl for-rochtáin ar siúl ag éinne. Tá siad sásta fanacht sa ghetto. Ach nach bhfuil lucht na Gaeilge breá sásta an méid sin a dhéanamh freisin? Níl ach cúpla "iúro" ag teastáil leo chun an tea agus bríoscaí sa halla paróiste.
Ach an méid sin ráite, tá Nós go maith. Níl mé sásta an Indo a cheannach chun Foinse a fháil. Eistim le Raidió na Life agus R na G. Tá TG Four go maith, freisin.
 
Caothaoir

Well-known member
Joined
Jan 30, 2009
Messages
418
B'fhéidir gurbh fhiú go mbeadh cineál rialtais eile ann sa tír seo a bheadh i bhfeighil gach uile rud dá mbaineann le cultúr, traidisiúin, oidhreacht agus - an rud is tábhachtaí - teanga ár náisiúin?
Ní polaiteoirí a mbeadh ina mbaill ann ach saineolaithe ar ghnéithe éagsúla d'oidhreacht na hÉireann.
Bheidís neamhspleách ar fad le rialtas an stáit. Gheobhaidís céatadán den "teacht isteach" cánach chun a ngnó a dhéanamh agus ligfí do na polaiteoirí i dTeach Laighean díriú ar riarachán an stáit. Is soiléar gur beag a meas do, agus a suim i, n-ár gcultúr dúchasach.
 
Caithfidh tú súil a chaitheamh ar na SAM agus na meitheal smaointe uilig atá acu. Níl daoine sa tír seo sásta fós airgead a chaitheamh ar eagraíochtaí mar sin. Féach ar cad a thárla le Chuck Feeney agus an CPI!
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Ceist an mhór casta curtha agat a Chulainn. N'fheadar mé.
Tá a fhios agam. Tá jab an-deacair ar fad roimhe Carey!!

Ó thaobh na staire de ní féidir a bheith ag súil go mbeadh Ógras & Feachtas ag comnhoibriú, d'fhás Feachtas amach ó Ógras théis 'split' millteanach, tá gráin fós eatarthu. .
Sin díreach an fáth a bhfuil gá le heagraíocht amháin. Tá muidne, mar cháiníocóirí ag maoiniú dhá eagraíocht leis an jab céanna a dhéanamh. Is cur amú airgid é sin. B'fhearr liomsa i bhfad dá mbeadh dream amháin ag tabhairt faoin obair áirithe sin. Abair go bhfuil cúigear fostaithe ag Ógras agus go bhfuil ceathrar fostaithe ag Feachtas. Bheul b'fhearr liomsa dá mbeadh seachtar fostaithe ag an aon eagraíocht amháin seo le tabhairt faoi obair Ógras agus Feachtas agus go mbeadh buiséad an dá eagraíochta acu. Bheadh siad i bhfad ní ba éifeachtaí ar an mbonn sin. Tá an Ghaeilge níos tábhachtaí ná na daoine atá ag troid. Bíodh an diabhal acu sin atá ag troid agus ag cruthú easaontais.

Agus bheadh sé níos measa idir CnabhFiann & Spleodar, chroch Mac Uí Bhrádaigh a chuid amach uainn Lúbhlaíoch théis a chuid eachtraí (!!)..
Ní bheadh Spleodar mar chuid den eagraíocht seo de bharr gur gnó iad nach bhfuil ag brath ar airgead an stáit.

D'fhás Comhlachas N.Drámaíochta amach ón Oireachtas san am a chaitheadh agus bheadh droch-fhuil ann fós.
Arís, má tá drochfhuil ann mholfainn do na daoine nach bhfuil ag aontú lena chéile éirí as an tseafóid. Caitear na heagraíochtaí a thabhairt le chéile agus tarlóidh sé. Níl aon amhras faoi sin. Mholfainn do na daoine atá ag troid éirí as an gcacamas sin. Muna n-eiríonn fágfar taobh thiar iad.

An bhfuil gá leis na méid sin nuachtán ?? Saol ?? , nó na hirisí sin ar fad??. nó stásiún Raidió ??.
Ceist mhaith. D'fhéadfadh an eagraíocht nua seo an clár oibre a athrú agus a laghdú le caighdeán níos fearr meán cumarsáide a sholáthar. Is é mo thuairim phearsanta féin nach bhfuil ag éirí le Comhar, Feasta agus leis an Ultach. B'fhearr liom i bhfad dá mbeadh iris chuimsitheach amháin ann a dhéanfadh freastal ar mhórphobal na Gaeilge.

D'fhéadfadh an Chonradh obair Comhluadar a dhéanamh, ní mórán é ar aon nós, agus thabharfadh sé obair don Chonradh, ceapaim go bhfuil 'moves afoot' ag an gConradh & Glór naG. ar seo cheanna féin.
D'aontóinn leis sin. D'fhéadfadh le rannóg amháin tabhairt faoin obair a dhéanann an trí eagraíocht sin faoi láthair. Dá mbeadh siad ag feidhmiú mar aon rannóg amháin bheadh siad i bhfad Éireann ní ba éifeachtaí.
 
Last edited:

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Níl aon tagairt déanta agat do na heagrais ó thuaidh, nach ceart nasc a dhéanamh leo siúd fosta.?
Rinne mé tagairt de na heagraíochtaí ó thuaidh. Dúirt mé nach mbeadh siad áireamh. Dúirt Ó Cuív sin. Ceist eile ar fad is ea an bhfuil sé seo ceart nó mícheart.

Ní thabharfainn eagras Gaeilge ar Coimisiún na Rincí Gaelacha.
Fad is eol dom tá siad á maoiniú ag an bhForas. B'fhéidir go bhfuil dul amú orm. Deis a bheadh san aon eagraíocht amháin seo iad a chur ar ais ar bhóthar na Gaeilge.
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Níl fhios agam, ach caithtear fáil reidh le na heagraíochtaí nach bhfuil ag obair i gceart.
Aontaím leat ach glacaim leis go dtarlóidh sé sin nuair a dhéantar eagraíocht amháin de na heagraíochtaí. Cad iad na heagraíochtaí ar chóir fáil réidh leo meas tú?
 
Last edited:

Fear Rua

Well-known member
Joined
Mar 16, 2010
Messages
835
Aontaím leat ach glacaim leis go dtarlóidh sé sin nuair a dhéantar eagraíocht amháin de na heagraíochtaí. Cad iad na heagraíochtaí ar chóir fáil réidh leo meas tú?

Cúpla pointe eolais, faigheann Spleodar deontas ón stát, (RnaGaeltachta) ní fhaighean Coimisiúin na rincí Gaelacha deontas ón bhForas
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Cúpla pointe eolais, faigheann Spleodar deontas ón stát, (RnaGaeltachta) ní fhaighean Coimisiúin na rincí Gaelacha deontas ón bhForas
Go raibh maith agat. Cé a thugann deontas do Spleodar? An Foras ab ea? Céard le haghaidh a fhaigheann siad deontas?

Maidir leis an gCoimisiún, de réir mo chuimhne bhíodh siad ag fáil airgid éigin ón bhForas. Cé uaidh a bhfaigheann siad airgead anois? An Chomhairle Ealaíon ab ea?

Chaithfinn Spleodar isteach le hÓgras, Óige na Gaeltachta, Feachtas agus Colaiste na bhFiann mar sin agus más fíor nach bhfaigheann An Coimisiún le Rincí Gaelacha aon airgead 'Gaeilge', más mian leat, bhrisfinn an nasc atá acu le hEarnáil na Gaeilge.

An bhfuil moltaí ar bith agat ar cén chaoi a ndéanfá féin eagraíocht amháin de na heagraíochtaí? An aontófá le moltaí sin agamsa nó an ndéanfá bealach éigin eile é?
 
Giota as caint a thug Éamo ag comóradh Spleodar..

Mar nach sa nGaeltacht amháin a bhíonn Spleodar gníomhach íocann mo Roinn deontas leo( €30,000 i 2006 agus i 2007) as Ciste na Gaeilge freisin chun cúnamh a thabhairt do Spleodar leanacht leis na clubanna agus imeachtaí trí mheán na Gaeilge a chuireann siad ar fáil ar fud na tíre agus an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an lucht óig. Creidim go bhfuil na himeachtaí seo thar a bheith tábhachtach.
 
Bheul, má tá siad ag fáil deontais ón stát ba cheart go mbeadh siad mar chuid den eagraíocht atá á mholadh agam thuas. Níl sé ceart go mbeadh airgead stáit á íoc amach do dhreamanna éagsúla as an obair chéanna a dhéanamh. Dá dtiocfadh siad le chéile le dreamanna eile atá ag déanamh na hoibre céanna bheadh siad i bhfad ní ba éifeachtaí.

Na bhfuil tuairimí agus moltaí agat féin i leith na ceiste seo?
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Tá an próiseas tosaithe!! Ta an tAire díreach théis a fhógairt ar Raidió na Gaeltachta, mar chéad chéim, go mbeidh Glór na nGael, Comhluadar, Conradh na Gaeilge agus Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge ag feidhmiú mar aon eagraíocht amháin ó 1 Meitheamh, 2010. Is cosúil go mbeidh clár oibre, aidhmeanna, dualgaisí agus spriocanna le leagan amach ag na heagraíochtaí seo le chéile agus go mbeidh eagraíochtaí eile le nascadh leo de réir chéile. Scéal iontach é seo! Failtím roimhe go mór.
 
Ceapaim gur scéal Lá na nAmadán é seo a chara.
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Meas tú!? Níor inis tú dhom riamh céard iad na moltaí atá agat féin i leith an ábhair seo.
 
Fear Rua

Well-known member
Joined
Mar 16, 2010
Messages
835
Meas tú!? Níor inis tú dhom riamh céard iad na moltaí atá agat féin i leith an ábhair seo.

Bhí mé lasmuigh den tír ar feadh cúpla lá agus gan teacht agam ar an suíomh. Agus go macánta níl a fhios agam an bhfuil moltaí soiléir agam féin, thuig me go raibh Éamó ag iarraidh Tuaisceart agus Deisceart a nascadh ar bhealach eigean agus níl an fhios agam an dtarlódh a leithéid.

B'fheidir go bhfuilim ró-shean agus ciniciúil freisin, dá mbeinn i bhFeachtas mar shampla gheobhfainn deacair comhoibriú le Ógras. Bhí an scoilt sin an ghéar ar fad, ditto Spleodar/Colaiste na bhFiann.

Bheadh sé cosúil le FF agus FG a chur le chéile agus Labour i gceannas orthu !!!!
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
B'fheidir go bhfuilim ró-shean agus ciniciúil freisin, dá mbeinn i bhFeachtas mar shampla gheobhfainn deacair comhoibriú le Ógras. Bhí an scoilt sin an ghéar ar fad, ditto Spleodar/Colaiste na bhFiann.

Bheadh sé cosúil le FF agus FG a chur le chéile agus Labour i gceannas orthu !!!!
Fáilte ar ais go hÉirinn mar sin!!! Caithfidh gur múinteoir tú a bhí ar bhriseadh meántéarma!!?

Tuigim go maith é sin thuas ach is féidir a bheith cinnte dearfa nach sásófar gach eagraíocht reatha sa bpróiseas seo. Tá neart scoilteanna agus argóintí amach romhainn déarfainn. Sin ráite nach gceapann tú go bhfuil sé rúinne beag iomarcach go bhfuil ar a laghad 5 ghrúpa ag tabhairt faoin gcineál céanna oibre - Feachtas, Ógras, Spleodar, Cumann na bhFiann, Óige na Gaeltachta. Nach gceapfá go mbeadh aon eagraíocht amháin le buiséad i bhfad níos mó agus le foireann i bhfad níos mó i bhfad Éireann níos fearr ag tabhairt faoin gcineál céanna oibre? Tá daoine maithe ag obair sna heagraíochtaí uilig sin ach samhlaigh dá dtiocfadh na daoine maithe sin le chéile. Bheadh an t-aos óg - spriocmhargadh na n-eagraíochtaí seo - i bhfad níos fearr as, dar liom, agus bheadh toradh níos fearr le feiceáil ar a gcuid oibre.

Tá an Ghaeilge féin níos tábhachtachaí ná na daoine atá ag obair sna heagraíochtaí áirithe sin.
 
Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Seans go dtarlóidh sé seo níos sciobthaí na mar a cheap mé. Chuala mé scéal ar maidin go gcuirfear deireadh le maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge ar 31 Bealtaine. An bhfuil a fhios ag éinne an bhfuil bunús ar bith leis an scéal seo? An bhfuil a thuilleadh eolais ag éinne? A fhir rua??
 
Tá maoiniú ceadaithe do na heagrais Ghaeilge go dtí 30 Meitheamh amháin, is cosúil go raibh i gceist cinní a thógáil ag an bpointe sin (ag Éamó) ach n'fheadar cén dearcadh a bheidh ag Pat Carey.

Ní dóigh liomsa go bhfuil Foras na Gaeilge réidh ná leath réidh le cinní a thógáil muna bhfaigheann siad treoir cinnte, an fhaid is nach bhfuil an treoir sin fágtha faoi McCausland.
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top