• Due to a glitch in the old vBulletin software, some users were "banned" when they tried to change their passwords at the end of February. This does not apply after the site was converted to Xenforo. If you were affected by this, please us viua the Contact us link in the footer.

Fine Gael mar phairtí uile-Éireann?

Ard Eoin

Active member
Joined
Apr 19, 2010
Messages
290
Cathain a tharlóidh sé an gceapann sibh? An bhfuil siad ag dul ró-mhall nó an é go dtuigeann siad go nach bhfuil a lán tacaíocht acu sa Tuaisceart?
deirfínn nach bhfuil aon tacaíocht acu sa tuaisceart...
 
bullyee

Member
Joined
Jun 30, 2008
Messages
44
Nil tacaíocht ar bith ag FG sna sé chondae ach i measc an lucht oraisteach. Thaobh FG leis na Sasanaigh le linn an chogaidh. Ní dhéanfaimid chuimneanh ar Mc Dowell, Brutton agus á leitheid.
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Creidim gur mhaith an cheist í a Dharren.

Tá traidisiún láidir i bhFine Gael atá (in ainneoin an ainm) frith-ghaelach agus ar son an cheangal leis an Ríocht Aontaithe a láidriú. Níl aon timpiste é go bhfuil Pratastúnaithe an Stáit seo, go hiondúil, bainteach le FG le hais FF. Amach anseo d'fhéadfadh ceangal oibre a bheas ann idir aontachtaithe Uladh agus a leitheide Seymour Crawford agus clann Bhruton.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org

Amadántacht amach is amach.

Is cuimhin liom an t-olltoghchán deireanach agus ceannaire FF ag toghchánaíocht san House of Commons.

Tabhair sampla dúinn d'Fhine Gael ag iarraidh an ceangal leis an Ríocht Aontaothe a láidriú.

Ar mhaith leat cead vótála a bhaint ó na Protastúnaigh?
 
picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
21,045
Credim nach n-éireodh le Fhine Gael mar pháirtí phólaitiúla san Thuaisceart. Tá cuimhe ag daoine anseo ar John Bruton agus a leitheid. Tugadh 'West Brit' agus 'John Unionist' ar Bhruton agus ní fhiú an brand FG feic sna sé chondae ó shin.
 
Last edited:

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,368
An bhfuil aon suim ar bith ag Fine Gael ar an Thuaisceart? Creidim nach bhfuil.
An mbíonn suim ag pairtí polaitíochta mar a mbíonn creideamh ag duine?

D'fhéadfá polasaithe FhG a lorg, a phic!
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org
Amadántacht amach is amach.

Is cuimhin liom an t-olltoghchán deireanach agus ceannaire FF ag toghchánaíocht san House of Commons.

Tabhair sampla dúinn d'Fhine Gael ag iarraidh an ceangal leis an Ríocht Aontaothe a láidriú.

Ar mhaith leat cead vótála a bhaint ó na Protastúnaigh?
ermm...b'fhéidir, ah muise níl.
Chaith tú seachtain ag déanamh taighde agus sin an méid a fuair tú? Is claonbholscaire den scoth thú :roll:
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Chaith tú seachtain ag déanamh taighde agus sin an méid a fuair tú? Is claonbholscaire den scoth thú :roll:
Chaith mé dhá nóiméad aige, agus tugaim faoi deara go bhfuil mé athraithe ó ámadán go dtí claonbholscaire. Árdú céime, meastú?:confused:
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Tagann ráiméis amach ón mbeirt ... ceapaim go bhfuil an páirtí is oiriúnaí duit marbh anois - Ailtirí_na hAiséirghe
Níor airigh mé caint ariamh ar an ghluaiseacht sin go dtí anois.

Céard a déarfainn?. Bhain sé le na hamanna sin is dócha.

Faraor ní chríostaí mé, mar sin ní dóigh liom go mbeadh fáilte mhóir romham a bheith sa bpáirtí céanna.

Ach creidim go síoraí gurb é an scoilt is mó sa tír seo ná a scoilt idir gael agus gall. Ach in anneoin an t-ainm, is iad FG an treabh is gallda.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org
Níor airigh mé caint ariamh ar an ghluaiseacht sin go dtí anois.

Céard a déarfainn?. Bhain sé le na hamanna sin is dócha.

Faraor ní chríostaí mé, mar sin ní dóigh liom go mbeadh fáilte mhóir romham a bheith sa bpáirtí céanna.

Ach creidim go síoraí gurb é an scoilt is mó sa tír seo ná a scoilt idir gael agus gall. Ach in anneoin an t-ainm, is iad FG an treabh is gallda.
Is é pointe deiridh an bhóthair "tá mise níos Gaelaí ná tusa" ná buama Ómaigh.

Seo ceist bheag duit. Cad a cheapann tú faoin nGlas Triarach? Is é sin an polasaí a thugann ceart crosta do rialtas na Ríochta Aontaithe ar imscaradh Arm na hÉireann taobh amuigh den stát. Cé hiad na páirtithe atá i bhfábhar an pholasaí agus cé hiad na páirtithe atá ina aghaidh?
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Is é pointe deiridh an bhóthair "tá mise níos Gaelaí ná tusa" ná buama Ómaigh.

Seo ceist bheag duit. Cad a cheapann tú faoin nGlas Triarach? Is é sin an polasaí a thugann ceart crosta do rialtas na Ríochta Aontaithe ar imscaradh Arm na hÉireann taobh amuigh den stát. Cé hiad na páirtithe atá i bhfábhar an pholasaí agus cé hiad na páirtithe atá ina aghaidh?
Ní aontaím le sin. Ní raibh mórán Ghaeilge ráite idir baill don fíor-IRA ar an lá náireach céanna déarfainn. Tá difríocht idir gaelachas agus cúrsaí polaitíochta.

Maidir leis an Ghlas Thriarach is mar sin dhe, creidim nach ceart a bheith ag amharc ag an neodracht ach tactic le hais polasaí ann féin. Is tír beag muid agus más orainn tacú le NATO nó EU nó UN, tá sé maith go leor liomsa.

Agus ár ndóigh ní bheinn ag brath le cinnireacht nó prionsabal ó pháirtí ar bith sa tír seo, go mór mhór FF nó FG. Seachas na Glasaigh b'fhéidir. Agus ní aontaím leosan ar an gceist seo.
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top