Fógraíochta ar Raidió na Gaeltachta

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Sílim go mba chóir do Raidió na Gaeltachta ghlacadh le fógraíochta ar an stáisiún. Tá an tslí nár ghlacann siad é brónach, sean-aimseartha agus uaigneach don stáisiún ceapaim. Cad a gceapann sibh faoi?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
Ní ag ceasacht ort atá mé ach is maith liom go bhfuil áiteanna fós ann nach bhfuil ag síoriarraidh rudaí a dhíol liom. Tá mé bréan de.Sílim go mba chóir do gach stáisiún raidió gan glacadh le fógraíochta ar na stáisiúin. Tá an tslí inár ghlacann siad é brónach, sean-aimseartha agus uaigneach dona stáisiúin ceapaim.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Tá ar na stáisiún raidió airgead a fháil. Go ginerálta faigheann siad é ó fógraíochta. Ní féidir é sin a athrú. Is cuid de RTÉ é RnaG. Nílim ag rá go mba chóir do stáisiún a bheith sáite le fógraíochta ach beadh sé níos bríomhar má raibh muid in ann a thuiscint go bhfuil tacaíocht ón lucht gnó (sa Ghaeltacht don cuid is mó) ag an stáisiún. Beadh an stáisiún níos bríomhar go ginearálta.
 
Last edited:

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
-Tá ar na stáisiún raidió airgead a fháil.

+ cosúil le gach rud eile ar an saol, nach mór

-Go ginerálta faigheann siad é ó fógraíochta.

+ Tá foinsí eile ann.

-Ní féidir é sin a athrú.

+Is féidir aon rud a athrú.

-Is cuid de RTÉ é RnaG.

+...agus?....

- Nílim ag rá go mba chóir do stáisiún a bheith sáite le fógraíochta ach beadh sé níos bríomhar má raibh muid in ann a thuiscint go bhfuil tacaíocht ón lucht gnó (sa Ghaeltacht don cuid is mó) ag an stáisiún.

+ An bhfuil dul amú orm nó nach bhfuil fógraíocht ar TG4; agus gur beag de nach bhfuil i mbéarla. Tacaíocht airgid atá tú a rá is dócha seachas tacaíocht idéil.

-Beadh an stáisiún níos bríomhar go ginearálta.

+Ní éistím l;e stáisiúin raidio cionn is go mbíonn siad bríomhar nó a mhalairt. Éistím leo cionn is go bhfuil siad ag cur rud ar fáil atá uaim!

Tríd is tríd, b'fhearr liom stáisiúin gan fhógraíocht, agus níl RnaG ina aonar ón taobh sin!
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Tríd is tríd, b'fhearr liom stáisiúin gan fhógraíocht, agus níl RnaG ina aonar ón taobh sin!
Cad iad na stáisiún eile nach glacann le fograíochta?

Tá fógraí ar RnaL, do Gaelscéal mar shampla. Bhí (níl mé cinnte an bhfuil siad fós ag déanamh é- is dócha go bhfuil ceapaim) NearFM sásta fógraí a dhéanamh do grúpaí pobail i mBaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh. Sílim go mbeadh sé an-mhaith má raibh RnaG ag déanamh é sin freisin do grúpaí ón Ghaeltacht agus grúpaí/eagraíochtaí Gaeilge eile:D
 
YoungLiberal

Well-known member
Joined
May 10, 2009
Messages
2,048
Sílim go mba chóir do Raidió na Gaeltachta ghlacadh le fógraíochta ar an stáisiún. Tá an tslí nár ghlacann siad é brónach, sean-aimseartha agus uaigneach don stáisiún ceapaim. Cad a gceapann sibh faoi?
Brónach? Uaigneach? Cé tá uaigneach 'gus brónach, tú féin nó muintir RnaG?
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Brónach? Uaigneach? Cé tá uaigneach 'gus brónach, tú féin nó muintir RnaG?
Sílim go bhfuil an córas atá acu anois- gan ghlacadh le fógraíochta- go maith bhféidir má tá cónaí ort sa Ghaeltacht ach má tá an stáisiún ag iarraidh forbairt le pobal na Gaeilge timpeall an domhan ba chóir dóibh glacadh le fógraíochta. Beidh siad ag fáil brabús freisin. Tá mé ag rá é sin thuas domsa. Bhféidir go bhfuil mé i mo aonar leis an dtuairim sin, ach ní dóibh liom é. Má raibh fógraíocht ar an stáisiún do comhlachtaí, eagraíochtaí agus grúpaí ó thimpeall na tíre beadh sé sin mar fhorbairt mhaith ceapaim.
 
YoungLiberal

Well-known member
Joined
May 10, 2009
Messages
2,048
Sílim go bhfuil an córas atá acu anois- gan ghlacadh le fógraíochta- go maith bhféidir má tá cónaí ort sa Ghaeltacht ach má tá an stáisiún ag iarraidh forbairt le pobal na Gaeilge timpeall an domhan ba chóir dóibh glacadh le fógraíochta. Beidh siad ag fáil brabús freisin. Tá mé ag rá é sin thuas domsa. Bhféidir go bhfuil mé i mo aonar leis an dtuairim sin, ach ní dóibh liom é. Tá RnaG "beo" sa Ghaeltacht. Má raibh fógraíocht ar an stáisiún do comhlachtaí, eagraíochtaí agus grúpaí ó thimpeall na tíre beadh sé sin mar fhorbairt mhaith ceapaim.
Bhuel, is go munitir na Gaeltachta atá sé ann. Tá leid san ainm:p

Maidir leis an uaigneas agus an brón, b'fhéidir go mbeadh tú níos fearr as labhairt le síciatraí má tá an tionchar sin ag easpa fógraíocht ort!
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Bhuel, is go munitir na Gaeltachta atá sé ann. Tá leid san ainm:p
Sea bhí an díospóireacht seo agam le duine ar an tsuíomh seo cheana. Dúirt mé gur raidió pobal do muintir na Gaeltachta is ea é. Tá sé mar sin ach is stáisiún náisiúnta é freisin áfach. Tá cúpla clár lonnaithe i mBaile Átha Cliath acu agus ag díriú ar scéalta ar an taobh thoir den tír.

Tá "Adhmhaidín" go hiontach. Má raibh mé suas go moch go maidin :D beadh mé ag éisteacht leis go minic. Is aoibheann liom clár Áine Ní Churraoin freisin. Ach sílim go mbíonn formhór dena éisteoirí sa tír ag éisteacht ó 8.00 go dtí timpeall 3.00. Tar éis é sin bíonn a lan ceol uafásach ceapaim agus tá an chuma ar an scéal go nach bhfuil éinne ag éisteacht leis. Beadh fógraíochta (fiú saor in aisce do roinnt grúpaí Gaeltachta/Gaeilge) in ann an lán fuinneamh a thabhairt don stáisiún go náisiúnta! :p
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Maidir leis an uaigneas agus an brón, b'fhéidir go mbeadh tú níos fearr as labhairt le síciatraí má tá an tionchar sin ag easpa fógraíocht ort!
Tá an tionchar sin agam ó cláracha a mbíonn ar siúl i rith an lae le cheol uafásach. Níl mé cinnte an ndéanann siad "lead-ins" do na cláracha freisin (an ndéanann?). Fiú má raibh fógra amháin gach leath uair a chloig- do Chonradh na Gaeilge mar shampla nó comharchumainn éigin beadh cuma níos bríomhair air.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior

GJG

Well-known member
Joined
Aug 10, 2006
Messages
3,112
Website
blog.hereshow.ie
Nuair a cosnaíonn stáisiún €9m gach blian, (i bhfad níos mó ná a lán staisiún áitúil) agus níl go leor lucht éisteachta acu chun fógraí a mhealladh, tá fadhbh mór acu.

Ba maith liom a feiceáil an méad gearáin a dhéantar in aghaidh RnaG - beidh sé sin slí maith chun tuiscint a fhail cé mhéid daoine atá ag éisteacht go fírinneach.

B'fhéidir go gcuireadh mé an ceist sin le RTÉ.
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817

Ní stáisiún áitiúil é Ráidió na Gaeltachta, craoltar ar fud na tíre é. Ní cóir mar sin, é a chur i gcomparáid ar bonn costais le stáisiúin den saghas sin. Caithfear cuimhneamh, glan i gcodarsnacht le leithéidí Clare FM agus Radio Kerry, go bhfuil ar RnaG foirgintí a riaradh i nDún na nGall, Ciarraí agus Gaillimh (Bác leis ach is dócha go dtéann siad i gcomhar le RTÉ dóibh siúd), chun freastal ar a n-eisteoirí, ní hamháin ó thaobh clúdaigh de, ach chun dul i dteaghmháil leo, is chun páirt a ghlacadh sa chlár.
 
Tá sé fíor nach stáisiún áitiúil é Ráidió na Gaeltachta, agus go bhfuil bonn costais i bhfad níos árd acu. Is mór an trua nach bhfuil lucht éisteachta chomh mór le stáisiún áitiúil acu.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Dúirt duine ó RnaG sa alt sin ón Indo go mbeadh ortha foireann nua a chur le chéile chun déileáil le fógraíochta? Níl a fhios agam cén fáth. Ní bheadh ach duine amháin de dhíth, ceapaim.
 
Chuala mé blianta ó shin go creideann RnaG nach bheadh an airgid ón fógraíochta go leor chun post a thabhairt le duine amhain chun na fógraí a dhíoladh.

Níl fhios agam go bhfuil sé fíor fós, ach sílim go bhfuil, mar níl fógraí ann faoi láthair.
 
Last edited:

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Tá sé fíor nach stáisiún áitiúil é Ráidió na Gaeltachta, agus go bhfuil bonn costais i bhfad níos árd acu. Is mór an trua nach bhfuil lucht éisteachta chomh mór le stáisiún áitiúil acu.
Bhuel, dhéanfadh sé maitheas do do phluicín Gaeilge dá gcuirfeá tú féin le comhaireamh cinn a n-éisteoirí!
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,703
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Ceapaim go mba chóir go mbeadh na láithreoirí i ann ceol Béarla a chraoladh freisin. Ach go mbeadh sé mar polasaí go gcaithfear say 50% den cheol a chraoladh i aon clár amháin a bheith as Gaeilge/nó ceol traidisiúnta Éireannach-ceol gan focail!
 
New Threads

Most Replies

Top