Gaeilge i gCathair na Gaillimhe

redneck

Well-known member
Joined
May 5, 2007
Messages
8,002
Ceapaim go mbeidh cúltúr ceanntar nua i gCathair na Gaillimh, taobh thiar de "Spanish Arch". Beidh súil agam go mbeidh ceanntar Gaeilge ann. Tá Ceantar Gaeilge in mBéal Feirste.


www.gleg.ie
 


DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,552
Ceapaim go mbeidh cúltúr ceanntar nua i gCathair na Gaillimh, taobh thiar de "Spanish Arch". Beidh súil agam go mbeidh ceanntar Gaeilge ann. Tá Ceantar Gaeilge in mBéal Feirste.


Gaillimh le Gaeilge, An Ghaeilge i nGaillimh, Irish language and culture in Galway, Gaeilge sa Ghnó, Irish in Business
Tá Ceathrú Gaeltachta i mBéal Feirste- tá ceithre ceathrúna oifigiúla sa chathair.

Ní dóibh liom gur chuala mé go bhfuil sé pleanáilte chun ceathrúna a bheith i gcathair na Gaillimhe freisin.

Aontaím leis an smaoineamh- agus sa ardchathair agus Corcaí freisin- ach tá siad an-costasach agus i gcás Bhaile Átha Cliath, ós rud é cé chomh mhór é bheadh sé deacair tionchar mhór a bheith ar Cheathrú Gaeilge ann de bharr nach bhfuil mórán eagraíochtaí Gaeilge sa chathair lasmuigh de na heagraíochtaí cur chun cinn na Gaeilge. So má tá Ceathrú Gaeilge i mBaile Átha Cliath déarfainn gur ceathrú bheag a bheadh ann agus níl mé cinnte an mbeidh mórán tairbhe nó tionchar as.

Má fhásann an Ghaeilge go mór i mBaile Átha Cliath bheadh suim agam ann ach de bharr go gcosnóidh sé a lán airgead agus go bheadh sé fós réasúnta bheag tar éis sin ní dóibh liom go bhfuil mórán pointe a bheith ag plé é sna laethanta seo.

Níl mé chomh eolasach faoi cathair na Gaillimhe ach táim ag smaoineamh go mbeadh na fadhbanna céanna ann freisin.

Má bhfaigheann Raidió na dTreabh ceadúnas oifigiúla ón mBCI agus CRAOL chun a bheith in ann craoladh timpeall an chontae ar fad agus má éiríonn le gaelcholáiste a bheith i mo mórcheantar Bhaile Átha Cliath 15 agus má thagann fás mhór ar na dhá gaelcholáistí is nua i mBaile Átha Cliath agus an ceann Coláiste na Tulchann molta i mo mórcheantar beidh mé ar mhuin na muice. :)
 
Last edited:

ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,078
An féidir ceanntar le Gaeilge a bhunú áit éigin i gcampus NUIG?,

Nuair a bhi me san Coláiste Ollsgoile i nGaillimh fadó fadó measaim go raibh nios mó ar siúil ann tré Gaeilge 50 bliain ó shoin
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,552
An féidir ceanntar le Gaeilge a bhunú áit éigin i gcampus NUIG?,
Is smaoineamh maith é sin. Ceapaim go bhfuil teach amháin ar champas TCD le haghaidh gaeilgeoirí. Ba chóir go mbeadh rogha maith ann ó thaobh a leithéid sna hollscoileanna agus coláistí ar fad ina bhfuil an Ghaeilge á mhúineadh dar liom. Bheadh sé iontach i ngach coláiste tríú leibhéal ina bhfuil Gaeilge á múineadh agus bheadh sé iontach arís i nGaillimh de bharr go bhfuil Gaeltacht mhór sa chontae.
 

ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,078
Is dóigh liom go bhfuil eagriochta éagsula ag obair ar son an Gaeilge i Gaillimh.
An féidir linn leathnach a oscailte anseo chun eolas a scaipiú fútha?
 

General Urko

Well-known member
Joined
Oct 24, 2012
Messages
15,853
Measaim go bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt ar shráideanna na Gaillimhe anois ná ag aon am ó na 70idí!
 
Last edited by a moderator:

redneck

Well-known member
Joined
May 5, 2007
Messages
8,002
Ba mhaith liom chomhgairdeas a dhéanamh go dtí TG4.
 


New Threads

Most Replies

Top Bottom