Gaeltachtaí Caillte

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,874
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
An-shuimiúil! Má éiríonn leis an córas oideachais nua sa Ghaeltacht ó mí Mheán Fómhair 2017 ar aghaidh beidh sé níos éasca é a leathnú amach go dtí gaelscoileanna nó gaelcholáistí agus ceapaim go mbeidh níos mó éileamh arís ar ghaelscoileanna freisin. Tá 4 Gaelcholáiste nua ann in Éirinn ó 2014. Dhá cinn i mBaile Átha Cliath; ceann amháin i gCorcaigh; agus ceann i nDún Geimhin. Tá seans maith ann go mbeidh gaelcholáiste nua i Sligeach, Port Laoise, Caisleán Cnucha agus Maigh Nuad thar na gearr blianta amach romhainn freisin. Má fhásann an Ghaeilge go inbhuanaithe sa Ghaeltacht agus i mBaile Átha Cliath agus ins na ceantair eile le ghaelscoileanna agus gaelcholáistí timpeall na tíre tá seans maith ann go bhfásfaidh an Ghaeilge go maith san iar-Ghaeltachtaí. Go háirithe má tá scoileanna Gaeilge sna ceantair.

Níl na ceithre gaelcholáistí nua in Éirinn ach óg go fóill agus níl siad ag feidhmiú go hiomlán go fóill sa mhéid is nach bhfuil siad sa ach dara/tríú bliain. Beidh gaelcholáiste mhór le thógáil i gcathair Luimnígh freisin a mbeidh in ann 750 dalta a thógáil.

Tá comharthaí mhór amuigh ansin go bhfuil ag éirí go maith leis an Ghaeilge. Ciallaíonn na comharthaí seo gur féidir leis an Ghaeilge a fhás go mór in Éirinn agus leis sin timpeall na cruinne. Seans go bhfuil na spriocanna ó thaobh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge réalaíoch go fóill!
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,874
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior

Caothaoir

Well-known member
Joined
Jan 30, 2009
Messages
418

Caothaoir

Well-known member
Joined
Jan 30, 2009
Messages
418
Breanainn said:
Lean Gaeltacht Thír Eoghain ar aghaidh go dtí na gCaogaidí, agus foilsíodh leabhar ar muintir Ghoirtín i 2009:

Macallaí na Gaeltachta le cloisteáil i dTír Eoghain

http://www.derryjournal.com/news/opi...hain-1-2141590
Seo clár faisnéise i dtaobh Ghaeilge Thír Eoghain:

[video=youtube;h5cvPskVm3Y]https://www.youtube.com/watch?v=h5cvPskVm3Y[/video]
 
Cellachán Chaisil

Well-known member
Joined
Mar 3, 2009
Messages
9,841
An Ghaeilge a bhí á labhairt sa cheantar sin, bhí sí an-chosúil le Gaeilge (nó Gaelainn :)) Phort Láirge ('thá' in ionad 'tá', 'chón' in ionad 'chomh', srl.), nach fíor é sin?
Ádh mór dóibh.
Is fíor go deimhin. Na défhoghair chéanna acu freisin. Féin mar hyne srl.

Tá taifeadtaí ar fáil ar a leithéid, a bhuíochas sin do na Doegan recordings.

https://www.doegen.ie/taxonomy/term/22074
 
Last edited:

Caothaoir

Well-known member
Joined
Jan 30, 2009
Messages
418
Ó bheith ag léamh an chéad-naisc faoi Ghaeilge Oirialla, is léir go bhfuil an ceart ag an dream a deireann nach mbeifí ag cur síos ar Ghaeilge na hÉireann agus ar Ghaeilge na hAlban mar dhá theanga faoi leith dá mbeadh cainiúintí oirthuaisceart na hÉireann (agus iardheisceart na hAlban) fós ar marthain.

Feicim ansin gnéithe atá le fáil in Albain: 'dh' i gcorp focail = 'γ' go minic.
'ao' = 'ö' i Muineachán de réir an údair.
Tá 'ionna' + úrú (ionna gcrann "in a tree") cosúil le 'ann an' i nGaeilge Alban.

Thar a bheith suimiúil.
 
I nGaeilge Aontroma, tá bha acu in áit bhí san aimsir chaite. Rud a bhí sa Ghaeilge Chlasaiceach sa chéad phearsa.
 
Caothaoir

Well-known member
Joined
Jan 30, 2009
Messages
418
I nGaeilge Aontroma, tá bha acu in áit bhí san aimsir chaite. Rud a bhí sa Ghaeilge Chlasaiceach sa chéad phearsa.
An bhfuil cainteoirí dúchais fós le fáil sna Gleanna?
 
Cellachán Chaisil

Well-known member
Joined
Mar 3, 2009
Messages
9,841
An bhfuil cainteoirí dúchais fós le fáil sna Gleanna?
Ní dóigh liom é. Táim ag déanamh gur cailleadh an cainteoir deiridh ar Reachrainn sna hochtóidí. Ba dhóigh liom gur cailleadh cainteoirí an Ghleanna i bhfad roimhe sin.,
 
Caothaoir

Well-known member
Joined
Jan 30, 2009
Messages
418
Ní dóigh liom é. Táim ag déanamh gur cailleadh an cainteoir deiridh ar Reachrainn sna hochtóidí. Ba dhóigh liom gur cailleadh cainteoirí an Ghleanna i bhfad roimhe sin.,
GRMA as sin.
Is trua é.
 
Hunter-Gatherer

Well-known member
Joined
Jan 31, 2014
Messages
1,494
teanga a h aon - Bearla

teanga eile

New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top