• It has come to our attention that some users may have been "banned" when they tried to change their passwords after the site was hacked due to a glitch in the old vBulletin software. This would have occurred around the end of February and does not apply after the site was converted to Xenforo. If you believe you were affected by this, please contact a staff member or use the Contact us link at the bottom of any forum page.

Gardai gan Gaeilge sa Ghaeltacht

Carl Claudius

Well-known member
Joined
Dec 21, 2012
Messages
1,263
Ta se raite faoi lathair nach bhfuil dothain Gaeilge ag na Gardai sa Ghaeltacht (faigheann siad deontas ag an am ceanna).

An bhfuil cead againn labhairt le na Gardai sa Ghaeltacht no fiu sa Ghalltacht tri mhean na Gaeilge? No an gceapfadh siad go mbeadh to ar 'iarraidh a bheith glic'.

taithi pearsanta ag aon duine?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,341

B'fhéidir go bhfuil na rialacha chéanna ag na Gardaí agus atá ag an suíomh seo: Má labhraím Gaeilge ar na snáithe eile, scriostar mo chaint agus tugtar rabhadh dom.
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,847
An mbeidh siad ag gabháil gach duine sa Ghaeltacht anois? nó am bhfuil taobh eile ar an scéal, meas tú???? :)
Ar ndóigh, níl anseo ach craiceann an scéil. Ach, dealraíonn sé gur gabhadh é toisc nach raibh na Gardaí in ann deileáil leis trí mheán na Gaeilge.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,341
Ar ndóigh, níl anseo ach craiceann an scéil. Ach, dealraíonn sé gur gabhadh é toisc nach raibh na Gardaí in ann deileáil leis trí mheán na Gaeilge.

B'fhéidir é, dar ndóigh!

Bíonn an garda bocht i bponc amhail gach státsheirbhíseach eile. Tá dhá theanga oifigiúil in Éirinn, ach níl an dá theanga ag, abair, 1%-2% den phobal. Fágann sé, ar an mheán, má bhuaileann tú le 50-100 garda, go mbeadh Gaeilge ag duine acu.

Is dóigh go ndearna an rud ceart anseo, mo dhuine a choinneáil go mbeadh duine teanga ar fáil.
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,847
B'fhéidir é, dar ndóigh!

Bíonn an garda bocht i bponc amhail gach státsheirbhíseach eile. Tá dhá theanga oifigiúil in Éirinn, ach níl an dá theanga ag, abair, 1%-2% den phobal. Fágann sé, ar an mheán, má bhuaileann tú le 50-100 garda, go mbeadh Gaeilge ag duine acu.
Nach é sin an fhadhb is dóigh. Ceapann lucht an bhéarla nach gá dóibh an teanga a fhoghlaim toisc go n-iompróidh Gaeilgeoir ar bith a labhródh leis ar an mBéarla láithreach, is cuma cén comhthéacs. Dealraíonn sé go n-airítear i gcoitinne gur nadúrtha é sin, nach soilíos é don bhéarlóir. B'fhéidir gur cóir an fód a sheasamh, cos a chur re taca is a rá amach go hoscailte gur comhartha measa teanga dúchais duine a úsáid leis, is gur comhartha drochmheasa é diúltú cóir máireach teanga duine eile a labhairt, is cuma cén chomh cumasach is atá sé i do theanga féin.

Is dóigh go ndearna an rud ceart anseo, mo dhuine a choinneáil go mbeadh duine teanga ar fáil.
Ach is féidir duine a choinneáil gan é a ghabhadh, ar ndóigh.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,341
R.Nach é sin an fhadhb is dóigh.

F. Is cuid den fhadhb é, gan dabht

R.Ceapann lucht an bhéarla nach gá dóibh an teanga a fhoghlaim toisc go n-iompróidh Gaeilgeoir ar bith a labhródh leis ar an mBéarla láithreach, is cuma cén comhthéacs.
F. Ní dóigh liom go gcuireann siad a leithéid de dua orthu fhéin agus "ceapadh" a dhéanamh. Níor bhuail mé le duine ná daoine in aon tír a fhoghlaimeas na teangacha oifigiúla eile acu muna bhfuil buntaistí airgid ná cumhachta ag baint leo. Bíon corrdhuine annar spéis leo teangacha dar ndóigh.

R. Dealraíonn sé go n-airítear i gcoitinne gur nadúrtha é sin, nach soilíos é don bhéarlóir.
F. Muna bhfuil leas an bhéarlóra ann, ní rachaidh sé ann.

R. B'fhéidir gur cóir an fód a sheasamh, cos a chur re taca is a rá amach go hoscailte gur comhartha measa teanga dúchais duine a úsáid leis, is gur comhartha drochmheasa é diúltú cóir máireach teanga duine eile a labhairt, is cuma cén chomh cumasach is atá sé i do theanga féin.
F. Tá an fód beag scáinte cheana. Agus sa lá atá inniu ann, is beag meas ar rudaí seachtracha, agus tá an drochmheas i réim go coiteanta.

R.Ach is féidir duine a choinneáil gan é a ghabhadh, ar ndóigh.
F. Aidhe! Tá an chumhacht sin ag an garda
 
Last edited:
Top