• It has come to our attention that some users may have been "banned" when they tried to change their passwords after the site was hacked due to a glitch in the old vBulletin software. This would have occurred around the end of February and does not apply after the site was converted to Xenforo. If you believe you were affected by this, please contact a staff member or use the Contact us link at the bottom of any forum page.

Ginmhilleadh


Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
Mar atá a fhios agaibh cheana tá cás cúirte á throid ag triúr as Éirinn i gcúirt na hEorpa um Chearta an Duine ina maíonn siad gur sáraíodh a gcearta daonna sa tír seo toisc go raibh sé orthu ginmhilleadh a fháil thar sáile.
Bhí idir fhadhbanna sláintí agus intinne ag an triúr le linn an thoirchis .i. toircheas eachtópach, ceimiteiripe agus bean eile le fadhbanna andúile, agus b'in é an fáth go raibh sé orthu an ginmhilleadh a fháil.

Anois deirtear go bhfuil cás láidir acu agus go bhfuil seans láidir ann go rialóidh cúirt na hEorpa in aghaidh dlí na hÉireann.

Cúpla cheist, an bhfuil sé ceart ginmhilleadh a bheith ar fáil in Éirinn le haghaidh cúiseanna difriúla? .i. na cúiseanna a d'fhulaing na mná i gceist.
Nó ar chóir go mbeadh ginmhilleadh ar fáil mar rogha i gcoitinne ar nós tíortha eile?
Agus an aontaíonn sibh go bhfuil sé ceart go leor go mbeidh cúirt na hEorpa ag rialú in aghaidh ár ndlíthe/mbunreachta féin ar chásanna tábhachta mar seo?

Airteagal 40.3.3 de Bhunreacht na hÉireann:
Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.
Ní hionann an cás seo agus cás bean uasal X cúpla bhliain ó shin ina raibh a beatha i mbaol.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Á! Tuigim anois eagarfhocal LÁ NUA inniu:

http://www.nuacht.com/Anseo


Go bhfios dom (?) níl ach trí nó ceithre thír san Eoraip a chuireann cosc áirid ar ghinmhilleadh: An Phortaingéil, Málta, An Pholainn agus Poblacht na hÉireann.

Is léir anch bhfuil lucht moráltachta ar aon fhocal i leith an bhirt seo
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
Go bhfios dom (?) níl ach trí nó ceithre thír san Eoraip a chuireann cosc áirid ar ghinmhilleadh: An Phortaingéil, Málta, An Pholainn agus Poblacht na hÉireann
Na déan dearmad ar an stáitín ó thuaidh ;)

Do bharúil ar chúirt na hEorpa ag rialú in aghaidh dlíthe na tíre seo?

Is léir anch bhfuil lucht moráltachta ar aon fhocal i leith an bhirt seo
Is annamh a bhíonn éinne ar aon fhocal i leith ginmhilleadh, go pearsanta táim go hiomlán ina aghaidh agus ní ghlacaim ar chor ar bith leis an argóint liobrálach gur chóir go mbeadh an "rogha" ag duine duine eile a mharú ( bhíodh aithne agam ar fhear as Sasana agus bhainfeadh seisean agus a chailínse úsáid as ginmhilleadh mar shórt frithghiniúna, déistineach), ach táim amhrasach faoin cheist seo atá caite suas ag an bhean ag fulaingt ó gceimiteiripe agus an bhean le toircheas eachtópach ( 'sé sin, tá an leanbh ag fás taobh amuigh den bhroinn). B'fhéidir i gcásanna mar sin gur chóir ginmhilleadh a bheith ar fáil?
N'fheadar
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Cúchonnacht said:
Go bhfios dom (?) níl ach trí nó ceithre thír san Eoraip a chuireann cosc áirid ar ghinmhilleadh: An Phortaingéil, Málta, An Pholainn agus Poblacht na hÉireann
Na déan dearmad ar an stáitín ó thuaidh ;)

Ní dhéanfaidh, muis, ach ní tír é
:shock:
Do bharúil ar chúirt na hEorpa ag rialú in aghaidh dlíthe na tíre seo?

[quote:1zfgzn5y]Is léir anch bhfuil lucht moráltachta ar aon fhocal i leith an bhirt seo
Is annamh a bhíonn éinne ar aon fhocal i leith ginmhilleadh, go pearsanta táim go hiomlán ina aghaidh agus ní ghlacaim ar chor ar bith leis an argóint liobrálach gur chóir go mbeadh an "rogha" ag duine duine eile a mharú ( bhíodh aithne agam ar fhear as Sasana agus bhainfeadh seisean agus a chailínse úsáid as ginmhilleadh mar shórt frithghiniúna, déistineach), ach táim amhrasach faoin cheist seo caite suas ag an bhean ag fulaingt ó gceimiteiripe agus an bhean le toircheas eachtópach ( 'sé sin, tá an leanbh ag fás taobh amuigh den bhroinn). B'fhéidir i gcásanna mar sin gur chóir ginmhilleadh a bheith ar fáil?
N'fheadar

An roinnfá linn an mhorálacht ar a bhunaigh tú do thuairim? :?

[/quote:1zfgzn5y]
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
[quote:2qjfmurx]Is annamh a bhíonn éinne ar aon fhocal i leith ginmhilleadh, go pearsanta táim go hiomlán ina aghaidh agus ní ghlacaim ar chor ar bith leis an argóint liobrálach gur chóir go mbeadh an "rogha" ag duine duine eile a mharú ( bhíodh aithne agam ar fhear as Sasana agus bhainfeadh seisean agus a chailínse úsáid as ginmhilleadh mar shórt frithghiniúna, déistineach), ach táim amhrasach faoin cheist seo caite suas ag an bhean ag fulaingt ó gceimiteiripe agus an bhean le toircheas eachtópach ( 'sé sin, tá an leanbh ag fás taobh amuigh den bhroinn). B'fhéidir i gcásanna mar sin gur chóir ginmhilleadh a bheith ar fáil?
N'fheadar
An roinnfá linn an mhorálacht ar a bhunaigh tú do thuairim?[/quote:2qjfmurx]

Maidir le ginmhilleadh, i gcoitinne, creidim go láidir i gceart na mbeo gan breith chun a mbeatha mar atá scríofa sa mbunreacht s'againne.

Maidir leis an triúr sa gcás cúirte seo de, ní aontaím gur chóir go mbeadh an "rogha" ag an bhean atá ina handúileach, toisc gur andúileach í.
Tá an "rogha" ar fáil di an páiste a thabhairt suas le haghaidh uchtaithe gan é a mharú.

Ó thaobh na mná leis an toircheas eachtópach bheadh mo thuairim ag brath ar cén cineál toirchis eachtópaigh atá i gceist, deirtear go bhfuil seans ag an leanbh má tá sé lonnaithe sa bhfeadán fallópach ach má tá an féatas sa mbolg deirtear nach bhfuil mórán seans ann

Agus an bhean ag fulaingt ó ailse, an mbeadh sí in ann dul tríd agus í lag agus ag fáil ceimiteiripe?
An mairfeadh sí an bhreith?
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
D'iarr mé moráltacht ort, thug tú creideamh dom, agus dlí.

An bhfuil moráltacht agat nó creideamh amháin?
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
duine n said:
D'iarr mé moráltacht ort, thug tú creideamh dom, agus dlí.

An bhfuil moráltacht agat nó creideamh amháin?
B'fhéidir nach dtuigim an focal moráltacht i gceart, ach bhíos den tuairim gurb shin a thug mé, ceart agus cóir, an iompar ceart ó thaobh cearta de srl. mo thuairim bunaithe ar an gceart sin, ceart chun na beatha.

Níor luaigh mé creideamh.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Cúchonnacht said:
[quote="duine n":1041y551]D'iarr mé moráltacht ort, thug tú creideamh dom, agus dlí.

An bhfuil moráltacht agat nó creideamh amháin?
B'fhéidir nach dtuigim an focal moráltacht i gceart, ach bhíos den tuairim gurb shin a thug mé, ceart agus cóir, an iompar ceart ó thaobh cearta de srl. mo thuairim bunaithe ar an gceart sin, ceart chun na beatha.

Nuair a deirim an mhoráltacht sí atá i gceist agam an chaoi ar shocraigh tú i do chroí istigh is i do choinsias an maith nó olc an beart



Níor luaigh mé creideamh.

" creidim go láidir "

[/quote:1041y551]
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
[quote:2s1sjqs2]B'fhéidir nach dtuigim an focal moráltacht i gceart, ach bhíos den tuairim gurb shin a thug mé, ceart agus cóir, an iompar ceart ó thaobh cearta de srl. mo thuairim bunaithe ar an gceart sin, ceart chun na beatha.
Nuair a deirim an mhoráltacht sí atá i gceist agam an chaoi ar shocraigh tú i do chroí istigh is i do choinsias an maith nó olc an beart [/quote:2s1sjqs2]

Táim ag ceapadh go mbeadh a fhios ag éinne a rugadh is a tógadh i dtír sibhialta cad is ceart agus cad is cóir ó thaobh ceart chun na beatha de.
Tagann an tuiscint sin ó do chuid scolaíochta is dóigh, ó do thuismitheoirí, do mhuintir agus ó tsochaí timpeall ort i gcoitinne.

Domsa, tagann mo thuiscint ar ghinmhilleadh ón méid léite, feicthe agus cloiste agam ar an ábhar.
Ní chuimhin liomsa é á plé sa mbaile nó sa scoil, sna ngoirt, sa bhád nó sa gCill.

[quote:2s1sjqs2]Níor luaigh mé creideamh.
" creidim go láidir "[/quote:2s1sjqs2]

Níor luaigh mé creideamh, ach, ós rud é go bhfuil sé chomhthábhachtach duitse, is Caitliceach mé.
Ach ní shin le rá go bhfuil mo dhearcadh ar ghinmhilleadh bunaithe ar theagasc na hEaglaise Chaitlicigh amháin.
Mar a luaigh mé sna pointe thuas.

An bhfuil aon thuairim agatsa atá bunaithe ar an cheist faoi chúirt na hEorpa, ghinmhilleadh agus nach bhfuil bunaithe ar mo chreideamh pearsanta?
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Cúchonnacht said:
Táim ag ceapadh go mbeadh a fhios ag éinne a rugadh is a tógadh i dtír sibhialta cad is ceart agus cad is cóir ó thaobh ceart chun na beatha de.

Sin an buille, nach ea? Níl gach éinne ar aon fhocal

Tagann an tuiscint sin ó do chuid scolaíochta is dóigh, ó do thuismitheoirí, do mhuintir agus ó tsochaí timpeall ort i gcoitinne.

Anois tá tú ag labhairt faoi thuiscint, seachas oibriú amach cad is maith is olc ann. Cad é mar a tháinig tú ar an tuigse seo, nó tuige a bhfuil tú ar aon fhocal agus a bhfuir tú amach ó dhaoine eile?
[quote:2b478b57]Níor luaigh mé creideamh.
" creidim go láidir "
Níor luaigh mé creideamh, ach, ós rud é go bhfuil sé chomhthábhachtach duitse, is Caitliceach mé.

Luaigh tú thuas "creidim go láidir" .i. creidim .i. gníomh creidimh

Ach ní shin le rá go bhfuil mo dhearcadh ar ghinmhilleadh bunaithe ar theagasc na hEaglaise Chaitlicigh amháin.
Mar a luaigh mé sna pointe thuas.

An bhfuil aon thuairim agatsa atá bunaithe ar an cheist faoi chúirt na hEorpa, ghinmhilleadh agus nach bhfuil bunaithe ar mo chreideamh pearsanta?

Táim fós ag iarraidh an cheist a chíoradh ó thaobh na moráltachta de. Sin an fáth a bhfuil mé i riocht na ceisteanna a chur faoi láthair.
Ó thaobh na cúirte de, is tabhachtaí dom an mhorálacht is ní ligfidh mé do dhlí dhaonna teacht idir mé is coinsias

[/quote:2b478b57]
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
[quote:2at9ijhk]Táim ag ceapadh go mbeadh a fhios ag éinne a rugadh is a tógadh i dtír sibhialta cad is ceart agus cad is cóir ó thaobh ceart chun na beatha de.
Sin an buille, nach ea? Níl gach éinne ar aon fhocal[/quote:2at9ijhk]

Nílim ag rá go bhfuilim ar aon fhocal le héinne.
Chuile sheans nach bhfuilim ar aon fhocal le mo dheartháireacha nó le mo chairde ar an gceist, agus rugadh is a tógadh muid sa gceantar céanna .i. fuair muid an teagasc morálta chéanna más maith leat.
Ach ba mhaith liom a cheapadh, dá bhfeicfeadh siad céard a tharlaíonns don fhéatas sa bpróiseas ginmhillte, bheadh a fhios acu go mbeadh sé mí-mhorálta agus míchóir aon rud beo a dhul tríd a leithéid.

[quote:2at9ijhk]Tagann an tuiscint sin ó do chuid scolaíochta is dóigh, ó do thuismitheoirí, do mhuintir agus ó tsochaí timpeall ort i gcoitinne.
Anois tá tú ag labhairt faoi thuiscint, seachas oibriú amach cad is maith is olc ann. Cad é mar a tháinig tú ar an tuigse seo, nó tuige a bhfuil tú ar aon fhocal agus a bhfuir tú amach ó dhaoine eile[/quote:2at9ijhk]

Sea, tuiscint ar cad is cóir agus míchóir.
Dála an scéil an bhfuil tú ag caint faoin gcás sa gcúirt nó ginmhilleadh i gcoitinne?

Luaigh tú thuas "creidim go láidir" .i. creidim .i. gníomh creidimh
In ainm Foc. :roll:
An mbeadh fadhb agat le duine ag teacht ar bharúil mhorálta le cabhair óna chreideamh anois?
An dtruaillíonn teagasc na hEaglaise an bharúil mhorálta?

Ó thaobh na cúirte de, is tabhachtaí dom an mhorálacht is ní ligfidh mé do dhlí dhaonna teacht idir mé is coinsias
Tuigim duit
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Cúchonnacht said:
[quote:wswtswze]Táim ag ceapadh go mbeadh a fhios ag éinne a rugadh is a tógadh i dtír sibhialta cad is ceart agus cad is cóir ó thaobh ceart chun na beatha de.
Sin an buille, nach ea? Níl gach éinne ar aon fhocal
Nílim ag rá go bhfuilim ar aon fhocal le héinne.
Chuile sheans nach bhfuilim ar aon fhocal le mo dheartháireacha nó le mo chairde ar an gceist, agus rugadh is a tógadh muid sa gceantar céanna .i. fuair muid an teagasc morálta chéanna más maith leat.
Ach ba mhaith liom a cheapadh, dá bhfeicfeadh siad céard a tharlaíonns don fhéatas sa bpróiseas ginmhillte, bheadh a fhios acu go mbeadh sé mí-mhorálta agus míchóir aon rud beo a dhul tríd a leithéid.

Mar sin, cá bhfuair tú an mhoráltacht? :cool:

[quote:wswtswze]Tagann an tuiscint sin ó do chuid scolaíochta is dóigh, ó do thuismitheoirí, do mhuintir agus ó tsochaí timpeall ort i gcoitinne.
Ósmóis?

Anois tá tú ag labhairt faoi thuiscint, seachas oibriú amach cad is maith is olc ann. Cad é mar a tháinig tú ar an tuigse seo, nó tuige a bhfuil tú ar aon fhocal agus a bhfuir tú amach ó dhaoine eile[/quote:wswtswze]

Sea, tuiscint ar cad is cóir agus míchóir.

Bhal , cad é mar a tháinig tú an an tuiscint?


Dála an scéil an bhfuil tú ag caint faoin gcás sa gcúirt nó ginmhilleadh i gcoitinne?

Tá mé ag fiosrú moráltacht an ghinmhillte i gcoininne

Luaigh tú thuas "creidim go láidir" .i. creidim .i. gníomh creidimh
In ainm Foc. :roll:
An mbeadh fadhb agat le duine ag teacht ar bharúil mhorálta le cabhair óna chreideamh anois?

Ní bheadh. An bhfuil tú a rá go mar sin é nó dúirt tú a mhalairt thuas?


An dtruaillíonn teagasc na hEaglaise an bharúil mhorálta?

Cá bhfios domsa?
Ó thaobh na cúirte de, is tabhachtaí dom an mhorálacht is ní ligfidh mé do dhlí dhaonna teacht idir mé is coinsias
Tuigim duit[/quote:wswtswze]
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
[quote:39hi5eas][quote:39hi5eas][quote:39hi5eas]Táim ag ceapadh go mbeadh a fhios ag éinne a rugadh is a tógadh i dtír sibhialta cad is ceart agus cad is cóir ó thaobh ceart chun na beatha de.
Sin an buille, nach ea? Níl gach éinne ar aon fhocal
[/quote:39hi5eas]
Nílim ag rá go bhfuilim ar aon fhocal le héinne.
Chuile sheans nach bhfuilim ar aon fhocal le mo dheartháireacha nó le mo chairde ar an gceist, agus rugadh is a tógadh muid sa gceantar céanna .i. fuair muid an teagasc morálta chéanna más maith leat.
Ach ba mhaith liom a cheapadh, dá bhfeicfeadh siad céard a tharlaíonns don fhéatas sa bpróiseas ginmhillte, bheadh a fhios acu go mbeadh sé mí-mhorálta agus míchóir aon rud beo a dhul tríd a leithéid.[/quote:39hi5eas]

Mar sin, cá bhfuair tú an mhoráltacht?[/quote:39hi5eas]

Cad is moráltacht ann ach tuiscint ar cad is ceart agus mícheart.
Faightear an tuiscint seo - mar a dúirt mé cheana- ó do thuismitheoirí, do mhuintir, sochaí, agus scolaíocht srl.

Cad is moráltacht ann i leith ginmhillte ach tuiscint ar an bhfuil an ceart chun beatha ag an duine .i. an bhfuil an ceart sin níos tábhachtaí ná ceart duine eile rogha a dhéanamh an bheatha sin a bhaint de.

[quote:39hi5eas]Tagann an tuiscint sin ó do chuid scolaíochta is dóigh, ó do thuismitheoirí, do mhuintir agus ó tsochaí timpeall ort i gcoitinne.
Ósmóis?[/quote:39hi5eas]

Foghlaimítear cad is ceart agus mícheart ó aois óg srl.
Foghlaimítear, tá súil agam, go bhfuil sé mícheart duine eile a ghortú etc etc agus leanann an fhoghlaim mhorálta seo ar aghaidh.
Mar sin, ba chóir go mbeadh a fhios agat agus tú níos aibí go bhfuil sé míchóir duine eile a mharú .i. ginmhilleadh.
Faraor, toisc go bhfuil aineolas amuigh ansin maidir le ginmhilleadh, níl a fhios ag daoine go díreach cad a tharlaíonns, freisin creideann daoine eile nach bhfuil beatha á tógáil ó duine sa bhroinn toisc go bhfuil sé gan bhreith go fóilleach.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Gabh mo leithscéal dul crua ort scaiteamh ach tá mé ag cíoradh na ceiste mé fhéin

Maith thú as d'fhreagairt uileghabhálach :D
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
duine n said:
Gabh mo leithscéal dul crua ort scaiteamh ach tá mé ag cíoradh na ceiste mé fhéin
Fadhb ar bith, táim sa bhád céanna leat, leis an bhfírinne a rá
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Seo an scéal agam go nuige seo:

An Ginmhilleadh:

An mhoráltacht:

Maith nó olc é; ceart nó cearr; eisceachtaí? creideamh?
rogha? cé a shocraíonn? An ionann moráltacht phríobháideach is moráltacht an stáit/an saoil mhóir?

An dlí:

tuige? tuige sa mbunreacht? cloí leis?
Cur i bhfeidhm? Tuige? an fiú é?

An tSochaí:

Sochar nó dochar?
Cé a bhéas thíos/thuas leis?
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
Domsa, is ceist shoiléir dhubh agus bán é mar a déarfá .i. aithníonn tú ceart chun beatha ag an duine gan bhreith nó nach n-aithníonn.
Uaireanta is féidir an iomarca smaoinimh a dhéanamh ar an gceist seo, óir níl ann ag deireadh na dála ach an cheist shimplí sin thuas.

An dlí:
tuige? tuige sa mbunreacht? cloí leis?
Cur i bhfeidhm? Tuige? an fiú é?
Aithníonn stát na tíre seo an ceart sin (ceart chun beatha ag an duine gan bhreith) agus cosnaíonn sé le dlí é, an dlí céanna a chosnaíonn gach uile dhuine.

An tSochaí: An mhoráltacht:
srl

Ba chóir go mbeadh moráltacht coitianta ag an tsochaí más áil leis an bpobal sin feidhmiú go réidh.
In Éirinn, tá an mhoráltacht choitianta ann go bhfuil sé míchóir beatha duine gan bhreith a scriosadh.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Cúchonnacht said:
Domsa, is ceist shoiléir dhubh agus bán é mar a déarfá .i. aithníonn tú ceart chun beatha ag an duine gan bhreith nó nach n-aithníonn.

Cá bhfágann sin an mhairfeacht agus an bhreith anabaí: Tá líon acusan chomh mór agus breitheanna cruthanta? Má shocraigh an nadúr a leithéid, tuige nach bhfuil cead ag an duine a mhacsamhail a shocrú?

Uaireanta is féidir an iomarca smaoinimh a dhéanamh ar an gceist seo, óir níl ann ag deireadh na dála ach an cheist shimplí sin thuas.

Agus uaireanta is féidir an ganntanas smaoinimh a dhéanamh ar an gceist seo
An dlí:
tuige? tuige sa mbunreacht? cloí leis?
Cur i bhfeidhm? Tuige? an fiú é?
Aithníonn stát na tíre seo an ceart sin (ceart chun beatha ag an duine gan bhreith) agus cosnaíonn sé le dlí é, an dlí céanna a chosnaíonn gach uile dhuine.

De réir mar a thuigim déantear lear mór ginmhillte , idir 20 000 agus 50 000 ar Éireannaigh gach bliain agus is beag duine ar a chuirter an dlí. Nach bréagchráifeacht í nuair nach gcuirtear na dlí i bhfeidhm, gan tabhairt faoin mBunreacht

[quote:2c4jbl8m]An tSochaí: An mhoráltacht:
srl

Ba chóir go mbeadh moráltacht coitianta ag an tsochaí más áil leis an bpobal sin feidhmiú go réidh.

Sea! Ach cad is moráltacht choiteann ann?

In Éirinn, tá an mhoráltacht choitianta ann go bhfuil sé míchóir beatha duine gan bhreith a scriosadh.

Tá, is dócha, de iarmhairt na críostaíochta. Ach tá athrú cló ag teacht ar phobal na hÉireann: daoine ar a mhalairt de fhealsúnachtaí agus gan fhealsúnacht ar bith, daoine ó chúlraí agus traidisiúin dhifriúla. An bhfuil ceartanna acusan?

[/quote:2c4jbl8m]
 

Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
Bail ó Dhia ar na ceisteanna, ach ar ndóigh níl na freagraí agamsa, níl agam ach mo thuairimí orthu.

[quote:3gxteteb]Domsa, is ceist shoiléir dhubh agus bán é mar a déarfá .i. aithníonn tú ceart chun beatha ag an duine gan bhreith nó nach n-aithníonn.
Cá bhfágann sin an mhairfeacht agus an bhreith anabaí: Tá líon acusan chomh mór agus breitheanna cruthanta? Má shocraigh an nadúr a leithéid, tuige nach bhfuil cead ag an duine a mhacsamhail a shocrú?[/quote:3gxteteb]

Ceist mhaith, agus bheadh sé deacair an ceann sin a fhreagairt gan chreideamh ag teacht isteach.
Luíonn an mhairfeacht agus an bhreith anabaí le nádúr mar a dúirt tú. Agus is dóigh liom gur cheist eiticiúil é a bhraitheann ar do chreidiúint eiticiúil .i. ní sé cóir go bhfuil an chumhacht ag duine "obair Dé" a dhéanamh nuair a thagann sé go dtí bás is beatha.

[quote:3gxteteb]Uaireanta is féidir an iomarca smaoinimh a dhéanamh ar an gceist seo, óir níl ann ag deireadh na dála ach an cheist shimplí sin thuas.
Agus uaireanta is féidir an ganntanas smaoinimh a dhéanamh ar an gceist seo[/quote:3gxteteb]

Is féidir, cinnte. Ganntanas smaoinimh ar an gceist simplí.

[quote:3gxteteb]Aithníonn stát na tíre seo an ceart sin (ceart chun beatha ag an duine gan bhreith) agus cosnaíonn sé le dlí é, an dlí céanna a chosnaíonn gach uile dhuine.
De réir mar a thuigim déantear lear mór ginmhillte , idir 20 000 agus 50 000 ar Éireannaigh gach bliain agus is beag duine ar a chuirter an dlí. Nach bréagchráifeacht í nuair nach gcuirtear na dlí i bhfeidhm, gan tabhairt faoin mBunreacht[/quote:3gxteteb]

Níl a fhios agam conas go gcuirfí an dlí ar dhuine a fhágann an tír seo le haghaidh ginmhillte, bheadh sé orthu is dóigh téigh isteach sa nGarda Síochána agus a rá leo go raibh an dlí briste acu. N'fheadar.

Ní thuigim d'fhadhb leis an mBunreacht agus an chosaint a thugann sé do bheatha an duine. ?

[quote:3gxteteb]Ba chóir go mbeadh moráltacht coitianta ag an tsochaí más áil leis an bpobal sin feidhmiú go réidh.
Sea! Ach cad is moráltacht choiteann ann? [/quote:3gxteteb]

Is dóigh gurbh ionann moráltacht choiteann agus an dearcadh coiteann go bhfuil sé mícheart duine a mharú toisc go bhfuil sé fós sa bhroinn.
Go bhfios dom, tá an dearcadh sin ag formhór na nÉireannach.

Is féidir go bhfuilim mícheart faoi sin, Éireannaigh an Tíogair Cheiltigh srl

Tá, is dócha, de iarmhairt na críostaíochta. Ach tá athrú cló ag teacht ar phobal na hÉireann: daoine ar a mhalairt de fhealsúnachtaí agus gan fhealsúnacht ar bith, daoine ó chúlraí agus traidisiúin dhifriúla. An bhfuil ceartanna acusan?
Baineann an cheist sin le himeascadh, ar cheart nó nár cheart go nglacfadh daoine nua ag teacht go hÉirinn lenár moráltacht choiteann ar cheisteanna eiticiúla?
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,339
Cúchonnacht said:
Bail ó Dhia ar na ceisteanna, ach ar ndóigh níl na freagraí agamsa, níl agam ach mo thuairimí orthu.

[quote:3rhudvd4]Domsa, is ceist shoiléir dhubh agus bán é mar a déarfá .i. aithníonn tú ceart chun beatha ag an duine gan bhreith nó nach n-aithníonn.
Cá bhfágann sin an mhairfeacht agus an bhreith anabaí: Tá líon acusan chomh mór agus breitheanna cruthanta? Má shocraigh an nadúr a leithéid, tuige nach bhfuil cead ag an duine a mhacsamhail a shocrú?
Ceist mhaith, agus bheadh sé deacair an ceann sin a fhreagairt gan chreideamh ag teacht isteach.

Bhal, braitheann sé ar an gcreideamh. Níl ginmhillte mícheadaithe ag creidimh áirithe. Fós féach óráid Beinidicht XVI ag Regensburg anuraidh ina admhaigh sé nach dtagann an réasúnaíocht salach ar an gcreideamh

Luíonn an mhairfeacht agus an bhreith anabaí le nádúr mar a dúirt tú. Agus is dóigh liom gur cheist eiticiúil é a bhraitheann ar do chreidiúint eiticiúil .i. ní sé cóir go bhfuil an chumhacht ag duine "obair Dé" a dhéanamh nuair a thagann sé go dtí bás is beatha.


Bhal eascraíonn eitic as moráltacht, mar sin is moráltacht a tá idir chaibidil againn i dtólamh
" ní sé cóir go bhfuil an chumhacht ag duine "obair Dé" a dhéanamh nuair a thagann sé go dtí bás is beatha. " Ach ní thagann cosc i gceist nuair is galair mharfacha, mar shampla, a mbíonn i gceist .i. tig le daoine teacht timpeall galair mharfacha le leighis, cogásaíocht, teacht roimhe, 7rl. Ní maíonn morán gur "obair Dé" galair nach ceart a leigheas, cé go ritheann sé liom gur mhaígh amadáin éigin gur pionós Dé a bhí in SEIF.



[quote:3rhudvd4]Uaireanta is féidir an iomarca smaoinimh a dhéanamh ar an gceist seo, óir níl ann ag deireadh na dála ach an cheist shimplí sin thuas.
Agus uaireanta is féidir an ganntanas smaoinimh a dhéanamh ar an gceist seo[/quote:3rhudvd4]

Is féidir, cinnte. Ganntanas smaoinimh ar an gceist simplí.


Caide?


[quote:3rhudvd4]Aithníonn stát na tíre seo an ceart sin (ceart chun beatha ag an duine gan bhreith) agus cosnaíonn sé le dlí é, an dlí céanna a chosnaíonn gach uile dhuine.
De réir mar a thuigim déantear lear mór ginmhillte , idir 20 000 agus 50 000 ar Éireannaigh gach bliain agus is beag duine ar a chuirter an dlí. Nach bréagchráifeacht í nuair nach gcuirtear na dlí i bhfeidhm, gan tabhairt faoin mBunreacht[/quote:3rhudvd4]

Níl a fhios agam conas go gcuirfí an dlí ar dhuine a fhágann an tír seo le haghaidh ginmhillte, bheadh sé orthu is dóigh téigh isteach sa nGarda Síochána agus a rá leo go raibh an dlí briste acu. N'fheadar.

Mar sin, dlí gan fheidhm é


Ní thuigim d'fhadhb leis an mBunreacht agus an chosaint a thugann sé do bheatha an duine. ?

Ní hionann ceist agus fadhb. Earraí ar leith iad.
Muna féidir an dlí a chur i bhfuidhm , tuige a bhfuil sé luaite sa mbunreacht?



[quote:3rhudvd4]Ba chóir go mbeadh moráltacht coitianta ag an tsochaí más áil leis an bpobal sin feidhmiú go réidh.
Sea! Ach cad is moráltacht choiteann ann? [/quote:3rhudvd4]

Is dóigh gurbh ionann moráltacht choiteann agus an dearcadh coiteann go bhfuil sé mícheart duine a mharú toisc go bhfuil sé fós sa bhroinn.

Ní thagaim leat: ní hionann moráltacht agus dearcadh. Mar a dúirt mé is í an chaoi a idirdhealaítear an mhaith ón olc atá ann . Rud fann an dearcadh.

Go bhfios dom, tá an dearcadh sin ag formhór na nÉireannach.


Más dearcadh gan bhunús é, tiocfadih athrú air mar a thagann athrú ar dhaoine is pobail

Is féidir go bhfuilim mícheart faoi sin, Éireannaigh an Tíogair Cheiltigh srl

Sin an buille, nach ea?


Tá, is dócha, de iarmhairt na críostaíochta. Ach tá athrú cló ag teacht ar phobal na hÉireann: daoine ar a mhalairt de fhealsúnachtaí agus gan fhealsúnacht ar bith, daoine ó chúlraí agus traidisiúin dhifriúla. An bhfuil ceartanna acusan?
Baineann an cheist sin le himeascadh, ar cheart nó nár cheart go nglacfadh daoine nua ag teacht go hÉirinn lenár moráltacht choiteann ar cheisteanna eiticiúla?

Dar ndóigh, ní féidir réamhchionníollacha a chur roimh lucht isteach agus is iomaí traidisiúin atá amuigh anasi. Le daonlathas, diaidh ar ndiaidh, tiocfaidh siad i gcion ar phobal na hÉireann

[/quote:3rhudvd4]
 
Top