Gluaiseacht na nGaelscoileanna

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,552
Tá an próiseas tosaithe anois. Tá sé dochreidte gur féidir le haon duine a bheith ag rá go mbeidh deireadh leis an gcinneadh anois nó sna míonna atá amach romhainn. Fiú má tá FF i gcumhacht tar éis an chéad olltoghchán eile leantar leis (ach amháin sa chás go bhfuil amadán críochnaithe acu mar Aire Oideachais).
Dia idir sin agus an drochrud!
 


Barroso

Well-known member
Joined
Oct 1, 2011
Messages
5,125
Is léir nach léigh tú an phostáil a scríobh mé roimhe sin, nó go rinne tú dearmad air. Tá sé anois mar sprioc oifigiúil ag Joe McHugh agus an Roinn Oideachais go mbeidh líon na ndaltaí ag freastal ar ghaelscoileanna na tíre á dhúbailt sna blianta atá amach romhainn.
Sprioc oifigiúil, an ea?

Tá bealach an-éasca ann chun a fháil amach más fíor é seo. An freagra ar an gceistín bheag bhídeach seo:

Cé mhéid airgid atá curtha ar leataobh sa mbuiséad reatha chuige seo?
 

Barroso

Well-known member
Joined
Oct 1, 2011
Messages
5,125
Níl an straitéis curtha le chéile go fóill.
Á, admhaíonn tú nach bhfuil aon straitéis ann.

Níor cuireadh aon airgead ar fáil sa mbuiséad mar gheal ar nach bhfuil straitéis ar bith ann.
Luíonn ciall leis sin, caithfidh mé a rá.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,268
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Tá an straitéis le n-ullmhú. Níl rocket science i gceist chun a thuiscint go gcaithfear teacht ar straitéis ar dtús sular cuirfear i bhfeidhm é. Tá an próiseas tosaithe.
 

Barroso

Well-known member
Joined
Oct 1, 2011
Messages
5,125
Tá an straitéis le n-ullmhú. Níl rocket science i gceist chun a thuiscint go gcaithfear teacht ar straitéis ar dtús sular cuirfear i bhfeidhm é. Tá an próiseas tosaithe.
Próiseas 50 bliana chun stritéis 50 bliana a chumadh.
Tar ar ais sa mbliain 2120, agus beidh an straitéis i bhfeidhm.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,552
Ní dóigh liom go bhfuil cur chuige nua ar bith ann, seachas go bhfuil toghchán ar an mbealach, agus seo soundbite chuige sin.
Tá FG i gcumhacht le 9 mbliana anuas, agus níor éirigh leo Acht Gaeilge nua a rith. Seo í an fhírinne. Seo é cur chuige "nua" FG i dtaobh na Gaeilge.
Ach tá siad in ann comóradh a dhéanamh ar na dúchrónaigh. Bhuel, bhí sin i gceist acu ...

Casadh dom go bhfuil mé ag athléamh "Do na Firéin" le Máirtín Ó Cadhain a chuireadh i gcló 58 bliana ó shoin.

"Ach Fine Gel agus an Ghaeilge?...........
"Chuala mé......bhí mé ag éisteacht le lucht óráidíocht Fhine Gael ag fiafraí cé an fhóint ("use, utility") í an Ghaeilge....
"Ach go bunúsach tá an ceart ag Fine Gael agus ba mhaith an rud gur ar an gcóir siúd a dhúisigh siad an cheist. Mar dháiríre níl fóint ar bith sa nGaeilge. Níos lú i bhfad ná tá san Íoslainnis, cur i gcás....
"Vótáil mé d'Fhianna Fáil , i ngeall ar an bhfogha faoin Ghaeilge agus dá bharr sin amháin."


Ní mé ar athraigh mórán!!
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,552
Tá an straitéis le n-ullmhú. Níl rocket science i gceist chun a thuiscint go gcaithfear teacht ar straitéis ar dtús sular cuirfear i bhfeidhm é. Tá an próiseas tosaithe.


Bliain mhaith ina dhiadh, b'fhéidir!
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,268
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Gluaiseacht na nGaelscoileanna agus Olltoghchán 2020- Cormac McCashin, An Foras Pátrúnachta ar Raidió na Life & Near FM (5.2.20)


 


New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top