Isliú pá 10% d'oibrithe nua

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Mar cheann de na "leasuithe" atá ar bun ag an rialtas, tá siad chun tuarastal 10% níos ísle a íoc d'oibrithe nua sa státchóras. Ceapaim go bhfuil sé seo an mhí-chothrom. Tá pinsin agus coinníollacha níos fearr ag na daoine atá ag obair sa stát-chóras faoi láthair - rud a chiallaíonn go bhfuil ísliú níos mó ná 10% i gceist nuair a chuireann tú gach rud san áireamh.

Ní dlíodóir mé, ach nach bhfuil sé mí-dhleathach tuarastail dhifriúla a íoc do dhaoine atá ag déanamh an obair chéanna? Níol cead ag an rialtas tuarastal níos ísle a íoc do mhná - cén fáth go bhfuil siad ábalta tuarastal níos ísle a íoc do dhaoine níos óige? Tá liosta anseo ar shuíomh an Údarás Comhionannais de na cúiseanna NACH féidir leat úsáid mar chúis idirdhealaithe - agus is í an aois ceann de na cúiseanna leagtha amach.

Tá an leasú seo ag cosaint na daoine ar an taobh istigh. B'fhéidir nach dtugann Socrú Pháirc an Chrócaigh cead don rialtas tuarastail na n-oibrithe poiblí a ísliú arís, ach ag deireadh an lae (deich nó fiche bliain amach anseo) beidh meanthuarastail sa Státchóras níos ísle mar gheall ar an socrú seo. Cad a tharlóidh nuair a thosaíonn na nua-oibrithe seo ag obair - an mbeidh siad sásta páirt a ghlacadh sna cheardchumainn a vótáil ar son SPC?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462

Tuigim duit a DhG, ach nach bhfuil an freagra agat cheana? Tá an SPC bailí. Ach tá cluiche úr ann i dtaobh na bhfostaithe úra.

Abair gur comhlucht príobháideach a bhí ann, báite i bhfiacha, agus gan a bheith cinnte an bhfuil brabús ann. Cad a dhéanfadh na fostaithe lena bpost a choinneáil?

íslú pá, dhéarfainn.

An bhfágann sé seo nach bhfaigheadh na poiliteoiríní úra ach 90%?

Cá bhfágfear na dífhostaithe: An mbeidh 90% den dól ag dul do na cinn úra?

Cinnte tá míchothroime ann ach tá cliseadh geilleagair ann fosta. Níl éalú na péine ann.
 
LiamORaiste

Member
Joined
Aug 6, 2003
Messages
95
Website
igaeilge.wordpress.com
Ba cheart iachaill a chur ar na daoine atá ag obair sa Stat Choras faoi lathair ísliú pá eile a ghlacadh chun a bheith ar chomhchéim leis na stat seirbhísigh nua. Iad san - agus na polaiteoirí - is cúis leis an sainn seo. Ba cheart go mbeadh siad ar thús cadhnaíochta maidir le ciorruithe...
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Ní dlíodóir mé, ach nach bhfuil sé mí-dhleathach tuarastail dhifriúla a íoc do dhaoine atá ag déanamh an obair chéanna? Níol cead ag an rialtas tuarastal níos ísle a íoc do mhná - cén fáth go bhfuil siad ábalta tuarastal níos ísle a íoc do dhaoine níos óige? Tá liosta anseo ar shuíomh an Údarás Comhionannais de na cúiseanna NACH féidir leat úsáid mar chúis idirdhealaithe - agus is í an aois ceann de na cúiseanna leagtha amach.
Níl in aon chor. An chaoi ina bhfuil an pá sa státseirbhís i láthair na huaire, dá fhad is atáthar ann is amhlaidh is mó airgid a bhfaightear. Is dócha gur mar sin a oibríonn cuid mhaith comhlachtaí, mar dhuais, dar leo, d'oibrithe dílseacha, cé go bhfuil an cúram céanna ag na hoibrithe uilig.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
An chaoi ina bhfuil an pá sa státseirbhís i láthair na huaire, dá fhad is atáthar ann is amhlaidh is mó airgid a bhfaightear. Is dócha gur mar sin a oibríonn cuid mhaith comhlachtaí, mar dhuais, dar leo, d'oibrithe dílseacha, cé go bhfuil an cúram céanna ag na hoibrithe uilig.
An bhfuil an dól mar an gcéanna? nó an míchothroime eile é seo?
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Níl in aon chor. An chaoi ina bhfuil an pá sa státseirbhís i láthair na huaire, dá fhad is atáthar ann is amhlaidh is mó airgid a bhfaightear. Is dócha gur mar sin a oibríonn cuid mhaith comhlachtaí, mar dhuais, dar leo, d'oibrithe dílseacha, cé go bhfuil an cúram céanna ag na hoibrithe uilig.
Níl sé chomh simplí sin. Cé nach bhfuil dream ar bith luaite sa riail nua, tá sé soiléir go mbeidh daoine óga thíos leis.

Cuir i gcás riail nua cosúil le seo "ní thabharfar incrimint do dhaoine a fhágann an oifig ar feadh tréimhse de 3 mhí nó níos faide go dtí go bhfuil siad ar ais ag obair ar feadh 3 bliana". Níl dream luaite i mo riail nua ach tá sé soiléir go mbeidh cailliúnt airgid ag mná má chuirfí riail mar sin i bhfeidhm (mar gheall ar saoire mháithreachais).

Níl a fhios agam faoi gach rud atá sna rialacháin nua, ach cad a tharlóidh nuair a shroicheann oibrí nua barr scála na n-incrimintí? An mbeidh sé ag déanamh an obair chéanna ach ag fáil tuarastal níos ísle ná sean-oibrí?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
1, Cad a cheapann tú féin?

2.An bhfuil tú ag iarraidh incrimintí diúltacha a thabhairt do dhaoine atá ag fáil an dóil?
1. Cad is fiú mo cheapadh? Níl fhios agam.

2. Chan fhuil mé ag iarraidh ach fios an scéil.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
1. Cad is fiú mo cheapadh? Níl fhios agam.
Tá vóta agat cosúil le gach duine eile (más duine fásta thú).

2. Chan fhuil mé ag iarraidh ach fios an scéil.
Faigheann daoine faoi 22 bliain d'aois 100 euro (nó níos lú)
Faigheann daoine faoi ó 22 go 24 150 euro (nó níos lú)
Faigheann daoine níos sine ná 24 196 euro (nó níos lú)

Féach anseo: Liúntas Iarrthóra Poist******»******Tacaíochtaí do Lucht Cuardaigh Post******»******Scéimeanna agus Seirbhísí******»******An Roinn Coimirce Sóisialaí

Níl an idirdhealú céanna á dhéanamh sa chás seo mar tá gach duine ar an scála céanna.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
Tá vóta agat cosúil le gach duine eile (más duine fásta thú).

Faigheann daoine faoi 22 bliain d'aois 100 euro (nó níos lú)
Faigheann daoine faoi ó 22 go 24 150 euro (nó níos lú)
Faigheann daoine níos sine ná 24 196 euro (nó níos lú)

Féach anseo: Liúntas Iarrthóra Poist******»******Tacaíochtaí do Lucht Cuardaigh Post******»******Scéimeanna agus Seirbhísí******»******An Roinn Coimirce Sóisialaí

Níl an idirdhealú céanna á dhéanamh sa chás seo mar tá gach duine ar an scála céanna.

"Tá vóta agat cosúil le gach duine eile (más duine fásta thú)."

Níl, tá conaí orm taobh amuigh den Stát. Bhain siad an ceart sin uaim ar mo shlí amach

"Faigheann daoine...."

Bhí mé ag fiosrú faoi laghdú de dhroim na géirchéime nach mbeadh ar an idirlíon go fóill.
Dála an scéal 65£ an t-uasmhéid dóil sa Bhreatainn ( 80/90€ )

[ Chonaic tú é seo gan dabht ]

De Gaulle i measc na nGael - The Irish Times - Tue, Nov 30, 2010
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
"Tá vóta agat cosúil le gach duine eile (más duine fásta thú)."

Níl, tá conaí orm taobh amuigh den Stát. Bhain siad an ceart sin uaim ar mo shlí amach

"Faigheann daoine...."

Bhí mé ag fiosrú faoi laghdú de dhroim na géirchéime nach mbeadh ar an idirlíon go fóill.
Dála an scéal 65£ an t-uasmhéid dóil sa Bhreatainn ( 80/90€ )
Beidh gearradh siar 5% ag an Roinn Leasa Shóisialigh (de réir Plean 4 bliana an rialtais) ach ní fhoilseofar na hathraithe go dtí lá na cáinaisnéise.

duine n said:
GRMA - ní fhaca mé an píosa sin.
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Níl sé chomh simplí sin. Cé nach bhfuil dream ar bith luaite sa riail nua, tá sé soiléir go mbeidh daoine óga thíos leis.

Cuir i gcás riail nua cosúil le seo "ní thabharfar incrimint do dhaoine a fhágann an oifig ar feadh tréimhse de 3 mhí nó níos faide go dtí go bhfuil siad ar ais ag obair ar feadh 3 bliana". Níl dream luaite i mo riail nua ach tá sé soiléir go mbeidh cailliúnt airgid ag mná má chuirfí riail mar sin i bhfeidhm (mar gheall ar saoire mháithreachais).

Níl a fhios agam faoi gach rud atá sna rialacháin nua, ach cad a tharlóidh nuair a shroicheann oibrí nua barr scála na n-incrimintí? An mbeidh sé ag déanamh an obair chéanna ach ag fáil tuarastal níos ísle ná sean-oibrí?
Beidh, ach ní leithcheal é sin, deirfinn. Nuair a thosaíos féin ag obair in Éircom, deich mbliana nó mar sin ó shin, bhí dream ann ar státseirbhísigh iad. Bhí poist bhuana inphinsinte acusan, rud nach raibh agam féin, bhí tuarastal níos airde á dtuilleamh acu, agus coinníollacha oibre acu, nach raibh agam féin, in ainneoin go raibh an obair cheanann chéanna ar siúl againn. Níorbh ann ach go raibh conradh ní b'fhearr acusan, ná mar a bhí agamsa, is go raibh ar an gcomhlacht a chomhlíonadh, an rud is amhlaidh do na seanfhondúirí seanstáitseirbhíse anois, a mbeidh tuarastal agus conradh níos fearr acusan, ná mar a bheidh ag na bocanna óga thar tairseach isteach.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
Beidh gearradh siar 5% ag an Roinn Leasa Shóisialigh (de réir Plean 4 bliana an rialtais) ach ní fhoilseofar na hathraithe go dtí lá na cáinaisnéise.
Fágfadh sin an ráta dífhostaíochta + 100% ní ba mhó ná mar atá sé sna 6 chondae.

Ach tá sé ráite go bhfuil an tuarastal is mó san Eoraip do ceann rialtais ag an plobaire Ó Comhain, agus an ceathrú is mó ar domhain, más fíor, Cad a chaillfeadh seisean? 10%? 100%.
Níl sé ag déanamh ró dhona mar chaiftín na Titanice. Dála an scéil, scoireadh pá gach duine ar fhoireann na Titanice a luath is a tharla an tubaiste. Níl mé ag moladh sin do Státsheirbhísigh, ach is oircheas dóibh mar chách luí faoi ghearradh na bhfiacha.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Fágfadh sin an ráta dífhostaíochta + 100% ní ba mhó ná mar atá sé sna 6 chondae.

Ach tá sé ráite go bhfuil an tuarastal is mó san Eoraip do ceann rialtais ag an plobaire Ó Comhain, agus an ceathrú is mó ar domhain, más fíor, Cad a chaillfeadh seisean? 10%? 100%.
Níl sé ag déanamh ró dhona mar chaiftín na Titanice. Dála an scéil, scoireadh pá gach duine ar fhoireann na Titanice a luath is a tharla an tubaiste. Níl mé ag moladh sin do Státsheirbhísigh, ach is oircheas dóibh mar chách luí faoi ghearradh na bhfiacha.
Bhí clár teilifíse ann i rith ré Thatcher ina raibh carachtar darbh ainm "Loadsamoney". Tár éis buaileadh le duine bhíodh sé i gcónaí ag rá "Tá mise go mór níos saibhre ná tusa". Smaoinim air nuair a léim faoi cruinniú idir Ó Comhain agus Merkel nó Sarkozy.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,462
Bhí clár teilifíse ann i rith ré Thatcher ina raibh carachtar darbh ainm "Loadsamoney". Tár éis buaileadh le duine bhíodh sé i gcónaí ag rá "Tá mise go mór níos saibhre ná tusa". Smaoinim air nuair a léim faoi cruinniú idir Ó Comhain agus Merkel nó Sarkozy.
Ní thuigim thú go baileach.

An bhfuil an plobaire ag labhairt leis an crabadach agus leis an ceirtlín á rá : Tá cáiníocóirí níos amadach agamsa?
 
New Threads

Most Replies

Top