Leabhair do Pháistí: moltaí agus léirmheasanna

cashinhand

Well-known member
Joined
Dec 13, 2007
Messages
916
A chairde,

Ar mhiste libh do thuairimí a roinnt maidir le hábhar léitheoireachta don aos óg?

Chun tús a chur leis an bplé, mholfainn na cinn a leanas:

An Seilide agus an Míol Mór - aistrithe ag Gabriel Rosenstock... cliste, greannmhar in áiteanna, an-jab déanta aige go deo. Mholfainn aon rud a d'aistrigh Rosentock do pháistí... féach freisin A Leithéid!

Gugalaí Gug: amhráin ar CD agus leabhar. Gaeilge Chonnachta. Thar cinn!

Ící Pící: amhráin ar CD arís agus leabhar. Gaeilge Uladh. Thar barr!

Níl Rabhlaí Rabhlaí (Gaeilge na Mumhan) cloiste ná léíte agam go fóill. Céard a cheapann sibh faoi?

Tá seoda á gcur amach ag Futa Fata (an comhlacht a chuir Gugalaí Gug i dtoll a chéile), roinnt díobh bunaithe ar leabhair a scríobhadh den chéad uair thar lear.... leithéid Mac Tíre na Draíochta agus Gobnait Gé.

Sin mo chuidse do lá inniu.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,489

Airgead síos? Nach maith a bhaisteadh thú?

Nárbh fearraide duit an scéal a chur faoi na páistí fhéin?

Ar an drochuair níl ach daoine pháistiúla ag taobhú an tsuímh seo, agus is annamh a mbíonn páistí páistiúil
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top