"Limericks" as Gaeilge?

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
An scríobhtar "Limericks" as Gaeilge?

Deir Brian: "Féach ar an gciste
Tá Éire beagnach banc-bhriste.
Beidh mé an-dian ar
chosmhuintir na tíre.
Go n-itheann na boicht cácaí milse!"
 


bullyee

Member
Joined
Jun 30, 2008
Messages
44
Mo mhairg nar labhair an Bull moran sna snáithidi seo le fada an lae. Tá an cuma air nach bhfuil moran ag tarlu i saol na nGael. Caithfimid gan bheith buartha fan caighdean gaeilge atá againn ( mé fein a bhfuil mé ag smaoineamh). Mar sin de tá an foclóir poca imo lámh agus me reidh le comhra a dheanamh ar chursai comh aisteacha ón saghas cloigeann atá ag David Beckham go dti briseadh Chionn tSáile agus culu ár sinseir.
 

fool

Active member
Joined
Feb 9, 2005
Messages
150
Féach ar "An Tsine Bheo", scríobhta le Gabriel Rosenstok. Nílim cinnte, ach cheapaim go bfhuill limericks isteach ann.
 

Míshásta

Member
Joined
Sep 21, 2005
Messages
49
Website
chetwyndedowns.blogspot.com
Chun nach mbeadh sí gan aon choinne choíche,
Cheannaigh múnlaí deasa ruibéir mar chíocha,
Toisc nár fhéad Mícheál
gan a bheith á láimhseáil,
D'fhág sí 'ge iad roimh dheireadh na hoíche.

Bhí fear ann i gcathair na Laoi,
thit i ngrá ag aois nócha trí,
chun súirí lena stór,
thóg viagra thar fóir
is fuair bás de bharr bualadh taom croí.

Bhí fear bocht i gCathair Saidhbhín,
ina shlat ní raibh ann ach cipín,
arsa 'bhean leis, a stór,
tá sé fada go leor
mar bíonn sé 'gcónaí crua righin.

Bhí sagart ó cheantair Mhúsgraí,
ag teilgean a mhúin thar an gclaí,
nuair go hobann gan choinne,
séideán sí ina choinne,
d'fhág sa láib é ar a fhleasc ina luí.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Chetwynde Downs
 

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Is file thú, a Mhíshásta.

Seo iarracht eile:

Tá sé ag cur sneachta i mBaile Átha Cliath
Dúirt an tAire: "Buíochas le Dia
An sioc is an sneachta abú
Níl pingin rua ag dul amú
Níl éinne ag dul suas go hIKEA"
 

Seánod

Active member
Joined
Apr 5, 2005
Messages
208
Is breá liom bheith i mo shuí
ag léamh ar politics ponc ie
ní bhíonn barraíocht gramadaí
ná an cineál sin amaidí
ach tuairimí ag daoi agus ag saoi
 

florin

Well-known member
Joined
May 17, 2008
Messages
1,346
Nach téann an "Limerick" ó meter a bhain filí úsaid as sa Ghaeilge? Léigh mé go raibh 300+ meters ag an bhfile fadó, is dóigh gur cheann é an Luimneach.
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Bhi fear ann fadó i mBéal Átha 'n Ghaorthaidh,
A bhiodh ag tabhairt aire dho na caoraigh,
Bhiodh sé dhá rideáil dar ndóigh,
Chuile oiche is ló,
Is anois tá gearb' móra 'r a phéire!
 
Last edited:

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Bhi fear ann fadó as Carna,
Sea, sin Carna i gConamara,
A bhiodh ar a sháimhin só,
Ag casadh amhrán dar ndóigh,
Ar a bhealadh siar as Bearna.
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Is mise an t-aon duine in Éirinn,
Ón Rinn, go Ros a' Mhil is go Teileann,
A d'fhéadfadh 100 pionta a ól,
Is damhsa ar stól,
Cé nach n-aontódh na seanleaids as Árann!

Cá bhfuil na fili Gaeilge?? Aon cheann ag aon duine eile?
 

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Bhí an Taoiseach sa Dáil ag maslú na léinte gorma
"Nil tú cáilithe, ní féidir leat, ceisteanna a chur ormsa"
Bliain ina dhiaidh, athrú ar an scéal
An tír i gcruachás, ár neamhspleáchas i mbaol
Athrú rialtais de dhíth nó beidh an todhchaí an-dorcha
 
Last edited:

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Tá dream darbh ainm CÓIR
De ghnáth, téann siad thar fóir
Scaip siad ráiméis
Chuaigh an taobh Níl i léig
Agus glacadh le Conradh Liospóin
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,426
Liospóin, mo Ghiolla Mear,
Nach tú an bhean is an fear?
Chaoch tú súil
Is thug muid dúil
Cé go bhfuil tú cearr!
 

An Ghearb

Member
Joined
Jan 29, 2007
Messages
60
Ambaiste, go ndéarfaidís aifreann!
Seo libh, athvótáilidh sa reifreann;
An freagra seo thart
Cé dleathach ní ceart
Sabháilimis Éire ar ifreann
 

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Ba aoibhinn beatha an Cheann Chomhairle
Le limos is gach uile compórd aige
Ach tháinig FOI isteach
Chuaigh na fíricí amach
Anois tá brón ar an tarbh díchorónaithe
 

An Ghearb

Member
Joined
Jan 29, 2007
Messages
60
Laochín na tíre, 'c Gioll' Mhuire
Os comhair na gceamraí bhí ar buile:
"Ní maith liom tú 'shá
Insa drom, ach a Sheáin,
Ní fhanfad sa bhfreasúra a thuilleadh."
 

DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
1,994
Website
ga.wikipedia.org
Ba é Sync ainm an mhodhnóra
A bhuaigh an bonn órga
As a cuid dian-mhodhnóireachta
Ag scriosadh Gael-scríobhnóireachta
Mar a deirtear i gCoronation Street "Flaming Nora!"
 


New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top