• It has come to our attention that some users may have been "banned" when they tried to change their passwords after the site was hacked due to a glitch in the old vBulletin software. This would have occurred around the end of February and does not apply after the site was converted to Xenforo. If you believe you were affected by this, please contact a staff member or use the Contact us link at the bottom of any forum page.

Linux agus ríomhchláir as Gaeilge


tumeltyni

Member
Joined
Oct 10, 2003
Messages
38
An bhfuil Linux á úsáid ag éinne ar an suíomh seo? Chuir Andrew ar mo ríomhaire é ag an deireadh seachtaine, agus tá a lán ríomhchláir le fáil as gaeilge ar, tá sé go h-iontach!

Thaispeán sé freisin conas na ríomhchláir a aistriú ó Béarla, tá an suíomh seo an-éasca ar fad a úsáid. Táimse tar éis roinnt aistriúchán a dhéanamh anois ach níl mo chuid gramadaí rómhaith i ndáiríre. Is féidir rudaí a cheartú ann freisin.

An mbeadh suim ag aon duine anseo cabhrú leis an aistriúchán? Beimid in ann gach rud ar an ríomhaire a dhéanamh as gaeilge!
 

Gary

Member
Joined
Nov 11, 2005
Messages
59
Céard Faoi Windows Gaeilge?

Tá gach rud aistrithe cheana fhéin níl aon fháth a bheith ag dul i ngleic leis na haistriúcháin
:wink:
 

tumeltyni

Member
Joined
Oct 10, 2003
Messages
38
Windows, ptsshhh..... ;)

Cuirtear Linux ar mo ríomhaire toisc nár mhaith liom Windows ar cur ar bith (bíonn Mac OSX á úsáid agam san obair) agus toisc go raibh mo ríómhaire i bhfad ró mall.

Ar aon nós, an bhfuil gach phíosa de Windows aistrithe? Agus muna bhfuil, an féidir na chláir eile a aistriú?
 

tumeltyni

Member
Joined
Oct 10, 2003
Messages
38
Chuir mé an ceist ar Andrew arís, agus dúirt sé go bhfuil i bhfad níos mó tacaíocht teanga ar fáil ó Linux ná atá ó Windows.
 

Cliste

Active member
Joined
Aug 5, 2005
Messages
176
Agus nach fuair windows duais dá iarrachtaí ó thaobh na gaeilge de? :roll:

Níl rogadh ceart ann, mar ní obraíonn cluichí riomhaire ach ar windows.
 

tumeltyni

Member
Joined
Oct 10, 2003
Messages
38
Is féidir a lán cluichí a fháil do Linux, agus ní gá duit iocadh astu. Cuir "linux games" isteach i Google chun cuid dóibh a fheiceáil. Cén fáth go bhfuil Windows á úsáid ag aon duine?
 

Simon.D

Well-known member
Joined
Sep 5, 2005
Messages
804
Cliste said:
Agus nach fuair windows duais dá iarrachtaí ó thaobh na gaeilge de? :roll:

Níl rogadh ceart ann, mar ní obraíonn cluichí riomhaire ach ar windows.
Is feidir leat partition a dhéanamh ar an diosca crua, ag cruthú leath amháin do Windows agus leath eile do Ubuntu nó OS mar sin..
 

ergo

Member
Joined
Sep 29, 2006
Messages
41
Nil moran fios agam faoi Linux, ach bhi coras UNIX uair amhain. Bhi se i bhafad niso eascui na "Fuinneoga"
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,277
Úsáideann an tsuíomh seo agus Daon Phoblacht Chorcaí VBulletin. Tá rogha Gaeilge ar Daon Phoblacht Chorcaí anois. Léigh mé ar Boards.ie go rinne Foras na Gaeilge an taistriúchán. Tá súil agam go mbeidh an rogha ar an tsuíomh seo freisin. Molaim daíobh tacaíocht a léiriú don smaoineamh ar an tsnáth seo.

 

jo9jo

Well-known member
Joined
Mar 25, 2011
Messages
4,895
Tá dáileadh maith Linux Ubuntu. féidir leat a chruthú ar CD beo agus triail a bhaint amach. más mian leat é féidir leat a shuiteáil ceachtar standalone nó mar progragram laistigh fuinneoga. Is féidir dhá tosaithe
 
Top