Machnamh an lae

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Ar an 25 Márta, 1920, tháinig an chéad scata de na Dúchrónaigh in Éirinn!
 


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Fá Bhille um Rialtas Dúchais d'Éirinn 1886, ní bheadh aon fhisire d'Éirinn, fá Bhille 1892 bheadh 80 feisire d'Éirinn agus fá Bhille 1912, bheadh 42 d'Éirinn.

Diúltaíodh na Billí in 1886 agus 1892 ach chuir Asquith, PríomhAire Shasana Bille fá bhráid Parlimint ar an 11 Aibreán 1912.

Thairg Sir Edward Carson leasú chun Cúige Uladh ar fad a ligean amach ó réim an Bhille, ach diúltaíodh don leasú le vótaí 294 in aghaidh 197

Ritheadh an Bille trí Theach na dTeachtaí i mí Eanáir 1913.

Ach níor ghlacadh Teach na dTiarnaí leis an Bhillle agus bhí sé le bheith ar fionraí go dtí samhradh 1914.
"D'fhógair an Rialtas cogadh ar Ultaibh aréir. Glacfaimid leis an bhfógra cogaidh. Nílimid neamhullamh ar fad chuige."

Edward Carson
Albert Hall, Londain 12 Meitheamh 1912
 
Last edited:

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
"D'fhógair an Rialtas cogadh ar Ultaibh aréir. Glacfaimid leis an bhfógra cogaidh. Nílimid neamhullamh ar fad chuige."

Edward Carson
Albert Hall, Londain 12 Meitheamh 1912

Ar an 28 Meán Fomhair, 1912, chuireadh "Conradh agus Cúnant Sollúnta" in aghaidh an Rialtais Dúchais faoi bhráid an phobail lena shíniú, agus chuir 471,414 Ultach, idir fhir is mhná, os cionn sé bliana déag d'aois, a n-ainm leis.

Ba é Carson an chéad duine ar lucht a shínithe.

Tosaíodh ina dhiadh sin ar Óglaigh Uladh a dhruileáil go hoscailte.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Ar an 28 Meán Fomhair, 1912, chuireadh "Conradh agus Cúnant Sollúnta" in aghaidh an Rialtais Dúchais faoi bhráid an phobail lena shíniú, agus chuir 471,414 Ultach, idir fhir is mhná, os cionn sé bliana déag d'aois, a n-ainm leis.

Ba é Carson an chéad duine ar lucht a shínithe.

Tosaíodh ina dhiadh sin ar Óglaigh Uladh a dhruileáil go hoscailte.

Chuireadh tiomsú ar 80 000 + d'Óglaigh Uladh i mBaile Mhoiréil, in aice le Béal Feirste ar an 9 Aibreán, 1912. Rinne Bonar Law, ceannaire pháirtí Coiméadach na Breataine, agus gaiscígh eile faoina gcasóga eireabaill, léirbhreathniú orthu .

In éineacht leis, bhí 70 Feisirí Parlaiminte ó Shasana,, Albain agus an Bhreatain Bheag
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Chuireadh tiomsú ar 80 000 + d'Óglaigh Uladh i mBaile Mhoiréil, in aice le Béal Feirste ar an 9 Aibreán, 1912. Rinne Bonar Law, ceannaire pháirtí Coiméadach na Breataine, agus gaiscígh eile faoina gcasóga eireabaill, léirbhreathniú orthu .

In éineacht leis, bhí 70 Feisirí Parlaiminte ó Shasana,, Albain agus an Bhreatain Bheag

Faoi Mheán Fomhair 1913, fógraíodh go mbunófaí Rialtas Sealadach do Chúige Uladh le comhaire mhíleata agus £1,000,000 mar chiste ráthaíochta.

Dúirt ceannairí poilitíochta, an pairtí Coiméadach ina measc, le hÓglaigh Uladh go raibh sé "de dhualgas ó Dhia" orthu éirí amach in aghaidh an Rialtais Dúchais d'Éirinn.

Tugadh airm i dtír, iarradh cabhair ar Impire na Gearmáine, agus tugadh dúshlán faoi Rí Shasana..
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Faoi Mheán Fomhair 1913, fógraíodh go mbunófaí Rialtas Sealadach do Chúige Uladh le comhaire mhíleata agus £1,000,000 mar chiste ráthaíochta.

Dúirt ceannairí poilitíochta, an pairtí Coiméadach ina measc, le hÓglaigh Uladh go raibh sé "de dhualgas ó Dhia" orthu éirí amach in aghaidh an Rialtais Dúchais d'Éirinn.

Tugadh airm i dtír, iarradh cabhair ar Impire na Gearmáine, agus tugadh dúshlán faoi Rí Shasana..
Bhain na gnóthaí sin go léir leis an "mbladhmann mór", ach d'éirigh leis an mbladhmann, Ní dhearna Rialtas Shasana dada, ach thug siad le haithint gur cuireadh scanradh orthu. Caintíodh ar chomhréiteach , agus ar phleananna chun Éire a dheighilt.

Timpeall an ama chéanna tharla Stailc agus Frithdhúnadh Mór

 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Bhain na gnóthaí sin go léir leis an "mbladhmann mór", ach d'éirigh leis an mbladhmann, Ní dhearna Rialtas Shasana dada, ach thug siad le haithint gur cuireadh scanradh orthu. Caintíodh ar chomhréiteach , agus ar phleananna chun Éire a dheighilt.



An ceacht a fuarthas ó na hUltaigh neamhghéillteacha, chuaigh sé i bhfeidhm ar phobal an Deiscirt. Má b'fhéidir le hÓglaigh Uladh airm a fháil chun troid in aghaidh an Rialtais Dúchais níor léir dóibhsean cén fath nach mbeadh fórsa Óglach sa Deisceart a dhéanfadh an rud chéanna ar son Rialtais Dúchais,

Tionscnaíodh Óglaigh na hÉireann ar an 25 Samhain, 1913, sa Rotunda i mBaile Átha Cliath.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
An ceacht a fuarthas ó na hUltaigh neamhghéillteacha, chuaigh sé i bhfeidhm ar phobal an Deiscirt. Má b'fhéidir le hÓglaigh Uladh airm a fháil chun troid in aghaidh an Rialtais Dúchais níor léir dóibhsean cén fath nach mbeadh fórsa Óglach sa Deisceart a dhéanfadh an rud chéanna ar son Rialtais Dúchais,

Tionscnaíodh Óglaigh na hÉireann ar an 25 Samhain, 1913, sa Rotunda i mBaile Átha Cliath.
24 Aibreán 1914, smugláladh lasta 35 000 raidhfil Mauser agus 2 500 000 piléir dóibh isteach go Latharna d'Óglaigh Uladh.

Ar 26 Iúil 1914, tháinig an Asgard isteach go Binn Éadar le 900 raidhfil Mauser agus 26 000 piléir d'Óglaigh na hÉireann.

Ní dhearna iarracht cur isteach i Latharna agus rinneadh iarracht na hairm a bhaint i mBaile Átha Cliath
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
24 Aibreán 1914, smugláladh lasta 35 000 raidhfil Mauser agus 2 500 000 piléir dóibh isteach go Latharna d'Óglaigh Uladh.

Ar 26 Iúil 1914, tháinig an Asgard isteach go Binn Éadar le 900 raidhfil Mauser agus 26 000 piléir d'Óglaigh na hÉireann.

Ní dhearna iarracht cur isteach i Latharna agus rinneadh iarracht na hairm a bhaint i mBaile Átha Cliath

Tugadh an darna lasta, 600 raidhfil agus 20 000 piléar, i dtír as an luamh "Chotah" , i gCill Chomhghaill, Co. Chill Mhantáin ar 1 Lúnasa 1914
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Síneadh Comhaontú Aoine an Chéasta taca an lá seo 21 bliain ó shin, 10 Aibreán, agus tá Éire faoi shíocháin ó shin.


An dtréigfidh an Sasanach an Comhaontú lena Bhreatimeacht?
 

ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,075
Síneadh Comhaontú Aoine an Chéasta taca an lá seo 21 bliain ó shin, 10 Aibreán, agus tá Éire faoi shíocháin ó shin.


An dtréigfidh an Sasanach an Comhaontú lena Bhreatimeacht?
Bfhéidir go dtréigidís. Níl móran fhios nó suim ag an gnáth politeoir sasanach i gcúrsaí na h-Éireann
 
Last edited:

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
"Seo an fhirinne nach n-admhaítear coiteanta: nach gcreideann éinne, ach an IRA, go n-imeodih an teorainn le n-ár linn."

Breandán Ó hEithir (1963)
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Veni Carthaginem, et circumstrepebat me undique sartago flagitiosorum amorum.


Thánag don Chartaig agus coire drochghrá ag cíochnú im thimpeall.


Naomh Aibhistín
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Rapiebant me spectacula theatrica, plena imaginibus miseriarum mearum et fomitibus ignis mei.


"...baineadh dem bhonna mé le taispeántais amharclainne a bhí lán d'íomhanna mo thruamhéile agus d'ábhair mo thine."


Naomh Aibhistín
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
"Tráth dá raibh, bhí an códmhalartú ina rogha, ansin ina ghnás ach anois tá sé beagnach éigeantach i gcomhrá Gaeilge."

Ciarán Lenoach,
as: Dioscúrsa na Gaeilge Iarthraidisiúnta: Dioscúrsa ar strae.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
"Dar le saineolaithe ní mór do 66% den phobal a bheith ag gaeilgeoireacht le go mairfidh an teanga mar theanga pobail. Más fíor, tá a cosa nite."

Máire Ní Fhinneadha (2012)
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Magna est veritas et praevalet

(Bíonn an fhírinne tréan agus bíonn an bua aici).
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
£4 10s a bhí ar phasáiste báid ó Dhoire go Nua Eabhrach in 1885 nuair a thóg Micí Mac Gabhann (Rotha Mór an tSaoil ) an bád. Timpeall €5, sílim.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,553
Téann creideamh críostaí faoi dhéin ghnúis Dé, gnúis Dé mar a tá sé. Tá an creideamh cosúil Leis-sean Air a dhírtear é. Ceanglaíonn sé sinn le Dia, an tAon agus an Trí-in-aon. Scáthánaíonn sé nádúr an Dé seo.


Romano Guardini
 


New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top