Machnamh an lae

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
"Ar ghlacadh dó le luacha an choilínitheora...d'fhonn é féin a uaisliú, dar leis, bíonn sé sásta lámh a chur ina chealú féin. Agus, a fhearacht siúd nach mian leo a ngaolta bochta a amhdachtáil, ceileann an duine coilínithe, agus é á chomhshamhlú, a dhúchas uilig ar ábhar náire anois dó é."

Albert Memmi

Albert Memmi - Wikipedia[/QUOTE]
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
" Is í an teanga dhúchais...an ceann is lú fiúntais...Más uaidh ( .i. an géillsineach coilínithe ) dul chun cinn a dhéanamh , áit a chruthú do féin sa bpobal nó sa tsaol, níorbh fholáir dó géilleadh ar dtús do theanga a mhaistrí. Sa gcoimhlint teanga in intinn an duine choilínithe , is í an teanga dúchais a bhascadh. Níorbh fholáir dó an teanga náireach seo a chaitheamh i dtráipisí is í a cheilt ó radharc strainséirí."

Albert Memmi

Albert Memmi - Wikipedia
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
" Níor chuir náisiúnachas na nglún a d'imigh romhainne - Éireannaigh Aontaithe, Fíníní, IRA ( idir shean agus nua) - bac ar ár gcúl-le-cineachas féin, an ghné teanga seo san áireamh." 🤓📚😎🧐

Tomás Mac Síomóin
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
" Tá an Ghaeltacht róchloíte inniu le haon chur ar a son féin a bheith innti,,,,Dháiríre, tá an Ghaeltacht inniu broghach le táirmhéin, le sense of inferiority. Is meaasa míle uair é ná aon bhochtanas. Dár ndóigh, ní bochtanas go dtí é."

Máirtín Ó Cadhain
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
" Ní thuigeann riar nach beag de ghnáth-Éoreannaigh an lae inniu go n-eascraíonn siad ó na glúnta sárchoilínithe nach raibh sásta oidhreacht a ndúchais féin a roinnt ar a sliocht."

Tomás Mac Síomóin
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
" Ceist: an trí chultúr an chine bhriste amháin, an phearsanacht choilínithe á hiompar ag caint agus béasa na muintire ó ghlún go glún, a tháinig táirmhéin seo an chine bhuailte, a dhrogall roimh Ghaeilge san áireamh, anuas chugainne?

Nó an féidir gur fhág tráma ár gcuid staire lorg buan ar dhúchas bitheolaíoch, ár ADN, ar mhuintir na hÉireann, a bhfuil an táirmhéin seo ar cheann dá thorthaí."

Tomás Mac Síomóin
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
" Is dual do phobail inar loit an coilíneachas a gcultúr dhúchasacha ( Maoraigh na Nua-Shéalainne, pobail dhúchasacha Meiriceá Thuaidh, Gaeil na hÈireann is na hAlban, srl.) foréigean teallaigh thar an meán a léiriú, dímheas ar a gcultúir is ar a dteangacha dúchasacha maille le mí-úsáid substaintí, mar shampla biotáille, drugaí srl. "

Tomás Mac Síomóin
 
ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,242

Bfhéidir go bfhuil seo fíor go geinerálta, ach tá díofrachtáí idir na slíanna a d'éirigh leis. m.sh, na Maoraigh troid in aghaidh an coilineiachas san tSualann Nua i gcomparáid leis na Rua-Indiagh i Americá.

Bhi cogaidh san dá áit, agus conraithe freisin. Ach do chómhlíonadh na chonraithe leis na Maoraigh níos fearr ná leis na Rua-Indiagh. Measaim go bfhuil níos mó mortais cine agus bród ag na Maoraigh.

Agus an sathairn seo chugainn béidh na All Blacks i BAC. Nuair a thagann an Haka, beidh ómós ag cách. Ní dóigh liom go mbéach an ómós cheanna roimh damhsa aon dream eile
 
Bhain mé an sliocht thuas, agus na sleachta eile, ó aiste ag Tomás Mac Síomóin in a bhfuil sé ag argóint i dtaobh iarmhairt an choilíneachais trí chéile.

Níl a lán eolas agam i dtaobh na Maorach : ach sílim sa Nua-Shealainn go bhfuil athréimiú cultúr agus teanga na Maorach faoi lán tseoil.

Anois, níl lá locht agam ar an Haka más comhartha omóis é don Mhaoraigh é, seachas géitse folamh le "eagla" a chur ar an "namhaid", a dream ar chuma leo an Maorach.

Ach i ndiaidh sin, tá súil agam go mbeidh cluiche géar ann, agus an lá ag Éire!!
 
Go deimhin
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
Is minic fonn orm rith ón gCríost chéanna,

dul i bhfolach uaidh,

é a thréigean,

ach níor éirigh liom fós éalú ó chú Neimhe.

Leanaim Críost an scéalaí,

Críost an radacach,

Críost na gceisteanna,

Críost na saoirse,

an Críost nár thug breith,

an Críost nár ghlac ina iomláine le creideamh a mhuintire féin,

an Críost ar theastaigh uaidh ualach a bhaint de dhroim na ndaoine seachas ualach a chur orthu,

an Críost ar theastaigh uaidh go mbeadh Dia mór linne agus go mbeadh muid mór le Dia

Pádraig Standún
 
ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,242
Sgribheann an t-Athar Standún san Connaught Telegraph gach seactain. De gná bíonn na píosaí i dtaobh a chuid obair san paróiste agus cúrsaí creidimh go geinerálta.

Is dócha gur file den chéad scoth é freisin. Ar nós stíl Gerard Manley Hoppins?
 
Thóg mé an sliocht thuas ó chéad leathanach an leabhair: Eaglais na gCatacómaí , a thosaigh mé á léamh le déanaí. Is dócha gur cuimhní chinn nó féinbheatháisnéis a tá ann, a tháinig amach in 2004.

Aig an am sin, dúirt sé go raibh níos mó ná 250 alt scríte aige don Connaught Telegraph. Is maith liom go bhfuil sé ag scríobh leis go fóill.

Ní filíocht a scríobhann sé, dar ndóigh: is dóigh gur leag mé amach a scríobh sé thuas mar dhán chun spás éigin a bheith idir na smaointe gleoite a mbíonn aige!!

Bhí meas riamh agam ar an Stándúnach mar shagart a scríobh "litríocht". Ach tá mé fiosrach i dtaobh a ghníomhaíocht Shóisialta chomh maith!!
 
ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,242
is minic fonn orm rith ón gcríost chéanna,

dul i bhfolach uaidh,

é a thréigean,

ach níor éirigh liom fós éalú ó chú neimhe.

Leanaim críost an scéalaí,

críost an radacach,

críost na gceisteanna,

críost na saoirse,

an críost nár thug breith,

an críost nár ghlac ina iomláine le creideamh a mhuintire féin,

an críost ar theastaigh uaidh ualach a bhaint de dhroim na ndaoine seachas ualach a chur orthu,

an críost ar theastaigh uaidh go mbeadh dia mór linne agus go mbeadh muid mór le dia

pádraig standún
grma....
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,295
" Is iad na léitheoirí is measa iad siúd atá mar shaighdiúirí chreachacha: beireann siad leo rud éigin a bhfuil feidhm acu leis, sailíonn is mearaíonn siad an fuíoll agus spídíonn siad an t-iomlán . "

Friedrich Nietzsche

Friedrich Nietzsche - Wikipedia
 
Top