Na Cláir Plé Eile

Gael

Active member
Joined
Jan 9, 2004
Messages
162
Céard iad bhur dtuairimí ar an gClár Plé Gaeilge seo i gcomparáid leis na cinn eile as Gaeilge? Ná bí buartha faoin áit seo a cháineadh más maith libh. Ní ghearrfar píonós ar aon tuairimí ina leith! :wink:

Politics.ie
http://www.politics.ie/forum/viewforum.php?f=96

Boards.ie
http://www.boards.ie/vbulletin/forumdisplay.php?f=31

Beo.ie
www.beo.ie/ple

Daltaí.com
http://www.daltai.com/discus/messages/board-topics.html

Clár Plé Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín
http://www.scoilgaeilge.org/liosta/

People Republic of Cork
http://www.peoplesrepublicofcork.com/~p ... y.php?f=20

An ndearna mé dearmad ar aon cheann acu?
Ní airím na cláir atá ann do fhoghlaimeoirí Gaeilge amháin.
 
Fiacc

Member
Joined
Apr 27, 2005
Messages
8
‘Sé an fhadhb a bhaineann leis an suíomh seo ná gur clár phlé polaitíochta é agus níl an leor Gaeilgeoirí sásta teacht anseo chun cúrsaí polaitíochta a phlé. B’fhearr leo bheith ag spocadh astu faoin Gaeilge agus Gluaiseacht na Gaeilge, na hargóintí folamh céanna ag dul timpeall is timpeall go cúng, ciorclach.

Ar an drochuair, níl móran eile ann, seachas Slugger O’Toole a mbíonn ag déileáil le cúrsaí an Tuaisceart. Bhí beo.ie i bhfad níos fearr chun cúrsaí reatha a phlé ach tá sé millte ag cladhairí le bliain anuas.
 
Seánod

Active member
Joined
Apr 5, 2005
Messages
208
Ní thig le clár plé ar bith a bheith níos fearr ná na pléiteoirí a bhíonn i mbun na cainte ann...

Tá cláracha maithe ag daltai.com agus scoil ghaeilge ghearoid toibin, agus tá an ceann seo go maith.

droch-chlár amach is amach atá in Beo.ie, cé go mbínn féin ann go minic. Tá an clár féin amscaí agus teoranta go teicniúil...agus tá cúpla gealt acadúil i ndiaidh é a scriosadh...ní bheidh mé féin ar ais ann, go dtí go ndéanfar é a fheabhsú agus a stiúradh
 
JamusN

Member
Joined
Feb 18, 2005
Messages
5
Website
caomhach.blogspot.com
Níl stiúrthóir ceart acu. Scrios Liam na drochtheachtaireachtaí cúpla uair, ach níl sé ábalta an t-am a chaitheamh atá de dhíth chun na cladhairí a dhíbeart i gceart. Tá sé scriosta, agus níl aon dul as ann go ndéanfar feabhas ar an gcóras atá ann. Sin é. Agus is mór an trua sin. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil mórán daoine dá mbíonn ann toilteannach dul go clár plé eile, ach nílid.

Tá ceann eile ann nach bhfuil sa liosta atá agaibh, sin an ceann seo:
http://philo-celtic.com/foram/index.php
 
Seánod

Active member
Joined
Apr 5, 2005
Messages
208
sean1 said:
Níl an nasc sin ag obair. Is dócha go bhuil an clár plé seo an ceann is fearr ó thaobh na Gaeilge nach bhfuil?
Tá dúil agam féin sa cheann seo. Is maith liom an dóigh a mbíonn na teachtaireachtaí Gaeilge is úire ar "Latest Discussions"...ní Ghetto na Gaeilge atá anseo...ach í mar chuid de shaol na polaitíochta, cé gurbh fhearr liom féin go mbeadh níos mó plé agus níos mó pléiteoirí Gaeilge á úsáid...
 
sean1

Active member
Joined
Feb 22, 2005
Messages
104
Website
www.gaelport.com
Tá sé níos fearr chun rudaí a phlé i mBéarla anseo os rud é go bhfuil na céadta pléiteoirí ann gan Gaeilge. Tá an áit seo go maith chun rudaí a bhaineann le an Ghaeilge a phlé. Is féidir linn rudaí eile a phlé freisin, ach de ghnáth tá sé níos éasca, agus tabhachtach chun a bheith ag phlé i mBéarla. Baineann sé sin le díospóireachtaí leis an Ghaeilge freisin.
 
Is í an chiall a bhainim as an ráiteas sin thuas ná "Ní fiú aon rud a phlé as Gaeilge, ach an Ghaeilge. Fág an fíorshaol ag an mBéarla." Sin an cineál meoin atá ag marú na teanga ón taobh istigh.
Is beag todhchaí atá ann don teanga más í an "breathnú imleacáin" seo a bheas ar siúl inti i gcónaí. Caithfidh mé a rá go mbím féin cuíosach tinn den phlé síoraí faoi Chás na Gaeilge, arís agus arís eile. B'fhearr liomsa labhairt faoi pholaitíocht, nó peil, nó teilifís, nó ceol nó ól nó bualadh craicinn as Gaeilge fiú, in áit 20 snáth nua a thosnú faoi "Chás na Gaeilge". :roll:
 
Seánod

Active member
Joined
Apr 5, 2005
Messages
208
Gael said:

Aontaímse leat, a Ghael...is fearr éagsúlacht a bheith sa phlé.
 
Céard é an pointe chun díospóireachtaí mar a luaigh tú a thosnú i nGaeilge anseo os rud é nach mbeidh ach leath-dosaen nó dhó ag glacadh páirt?

Má theastaíonn uait níos mó tuairimí agus eolas faoi rudaí de ghnáth anseo beadh sé níos ciallmhar chun glacadh páirt i ndíospóireachtaí i mBéarla anseo.

Go pearasanta, níl morán suim agam i spóirt, agus cé go haithníonn a lán cheol go mór liom níl suim agam i gceol mar abhár ginearálta. Tá suim agam sa pholaitíocht, agus is é sin an fáth a bhfuil mé ar politics.ie, ní don Ghaeilge.

Cinnte, is gníomhaire teanga mé freisin agus is breá liom a bheith a beith ag caint faoi bealaí chun í a chur chun cinn.

Gael said:
Is í an chiall a bhainim as an ráiteas sin thuas ná "Ní fiú aon rud a phlé as Gaeilge, ach an Ghaeilge. Fág an fíorshaol ag an mBéarla." Sin an cineál meoin atá ag marú na teanga ón taobh istigh.
Is é an príomh rud atá ag marú na teanga ná easpa daoine as sheasamh suas di in áiteanna mar seo. Níl aon suíomh is fearr chun é a dhéanamh ar an idirlíon. Thagann polaiteoirí chomh maith le gníomhairí ginearálta, daoine sa meáin cumursáide agus roinnt mhaith daoine cliste (nílim ag rá go nach bhuil ciall ag gach gníomhaire polaitiúl anseo) go dtí an forám seo.

Tá eiféacht ag an suíomh seo sa pholaitíocht, is cuma muna bhuil ceisteanna faoi ar 'Questions and Answers' nó '7 Lá' faoi.

Is breá liom a bheith ag díospóireacht faoin bpolaitiócht i nGaeilge, ach ní fheicim a lán 'agendas' ag morán gaelgóirí anseo. Mar a dúirt Risteard- agus is cainteoir dúchasach é- ní bheidh sé ag phlé i nGaeilge ionas gur féidir leis a rá go bhfuil sé in ann. Is teanga bheag í, agus cé go bhfuil íomha mhaith aici i mease formhór na daoine sa tír, tá an-obair fós le déanamh- go háirithe san earnáil ghnó. Is é sin an fáth a bhfuil mé i nGael-Taca agus ag obair chun a chinntiú go bhfuil comharthaí Gaelacha le feiceáil i siopaí srl. agus go bhfuil forbairtheoití ag usáid í, cosúil le thíos.

Ard Mhín An Iolair, Gaoth Dobhair

Sliabh Rua, Moate

Cois na hAbhainn, Cloyne

AG PLEANAIL
Ní bhfaigeann mé morán aitheantas as an méid ama a chuirim isteach i nGael-Taca go deonach, agus ní bhfaigeann tú morán aitheantas as an sár-obair a dhéanann tú mar eagarthóir ar an suíomh seo. Téann mó chuid teachtaireachtaí ar an suíomh seo go dtí na háiteanna ina dhéanann siad difríocht.
 
sean1

Active member
Joined
Feb 22, 2005
Messages
104
Website
www.gaelport.com
Seánod said:
Gael said:
Is í an chiall a bhainim as an ráiteas sin thuas ná "Ní fiú aon rud a phlé as Gaeilge, ach an Ghaeilge. Fág an fíorshaol ag an mBéarla." Sin an cineál meoin atá ag marú na teanga ón taobh istigh.
Is beag todhchaí atá ann don teanga más í an "breathnú imleacáin" seo a bheas ar siúl inti i gcónaí. Caithfidh mé a rá go mbím féin cuíosach tinn den phlé síoraí faoi Chás na Gaeilge, arís agus arís eile. B'fhearr liomsa labhairt faoi pholaitíocht, nó peil, nó teilifís, nó ceol nó ól nó bualadh craicinn as Gaeilge fiú, in áit 20 snáth nua a thosnú faoi "Chás na Gaeilge". :roll:
Aontaímse leat, a Ghael...is fearr éagsúlacht a bheith sa phlé.
Is fearr, gan amhras. Cá bhfuil an éagsúlacht ins' ábhair na topaicí afách? An bhfuil gá ar daoine labhair faoi rudaí i nGaeilge muna bhfuil suim acu ins' an ábhar? Ní h-ionann sin éagsúil.
 
Gary

Member
Joined
Nov 11, 2005
Messages
59
Gael said:
sean1 said:
Tá sé níos fearr chun rudaí a phlé i mBéarla anseo os rud é go bhfuil na céadta pléiteoirí ann gan Gaeilge. Tá an áit seo go maith chun rudaí a bhaineann le an Ghaeilge a phlé. Is féidir linn rudaí eile a phlé freisin, ach de ghnáth tá sé níos éasca, agus tabhachtach chun a bheith ag phlé i mBéarla. Baineann sé sin le díospóireachtaí leis an Ghaeilge freisin.
Is í an chiall a bhainim as an ráiteas sin thuas ná "Ní fiú aon rud a phlé as Gaeilge, ach an Ghaeilge. Fág an fíorshaol ag an mBéarla." Sin an cineál meoin atá ag marú na teanga ón taobh istigh.
Is beag todhchaí atá ann don teanga más í an "breathnú imleacáin" seo a bheas ar siúl inti i gcónaí. Caithfidh mé a rá go mbím féin cuíosach tinn den phlé síoraí faoi Chás na Gaeilge, arís agus arís eile. B'fhearr liomsa labhairt faoi pholaitíocht, nó peil, nó teilifís, nó ceol nó ól nó bualadh craicinn as Gaeilge fiú, in áit 20 snáth nua a thosnú faoi "Chás na Gaeilge". :roll:
Aontaím go hiomlán leat a Ghael.
 
Gary

Member
Joined
Nov 11, 2005
Messages
59
Mar a dúirt Risteard- agus is cainteoir dúchasach é- ní bheidh sé ag phlé i nGaeilge ionas gur féidir leis a rá go bhfuil sé in ann
Tá sí marbh mar sin. :x Má tá suim ag daoine éigin i rudaí éigin, cén fáth nár thosaigh siad snáth faoi. bain mé an sult a bheith ag caint agus ag scríobh Gaeilge d'ainneoin go bhfuil mé i m'fhoghlaimeoir (Leis mo Ghaeilge lofa) ach muna bhfuil suim ag cainteoir dúchasach fúithi... lá brónach
 
Gary

Member
Joined
Nov 11, 2005
Messages
59
nó peil, nó teilifís, nó ceol nó ól nó bualadh craicinn as Gaeilge
:D an bhfuil céad againne rudaí mar seo a phlé, cheap mé go gcaithfidh tú a bheith ag caint faoi pholaitíocht amháin ar an suíomh seo.. is aoibhinn liom peil, ól, ceol, teilifís agus ar ndóigh, bualadh craicinnn... an ndearna sibh bualadh craicinn trí Ghaeilge riamh.. bheadh sé sin gas craic ar fad :D
 
sean1

Active member
Joined
Feb 22, 2005
Messages
104
Website
www.gaelport.com
Gary said:
Gael said:
sean1 said:
Tá sé níos fearr chun rudaí a phlé i mBéarla anseo os rud é go bhfuil na céadta pléiteoirí ann gan Gaeilge. Tá an áit seo go maith chun rudaí a bhaineann le an Ghaeilge a phlé. Is féidir linn rudaí eile a phlé freisin, ach de ghnáth tá sé níos éasca, agus tabhachtach chun a bheith ag phlé i mBéarla. Baineann sé sin le díospóireachtaí leis an Ghaeilge freisin.
Is í an chiall a bhainim as an ráiteas sin thuas ná "Ní fiú aon rud a phlé as Gaeilge, ach an Ghaeilge. Fág an fíorshaol ag an mBéarla." Sin an cineál meoin atá ag marú na teanga ón taobh istigh.
Is beag todhchaí atá ann don teanga más í an "breathnú imleacáin" seo a bheas ar siúl inti i gcónaí. Caithfidh mé a rá go mbím féin cuíosach tinn den phlé síoraí faoi Chás na Gaeilge, arís agus arís eile. B'fhearr liomsa labhairt faoi pholaitíocht, nó peil, nó teilifís, nó ceol nó ól nó bualadh craicinn as Gaeilge fiú, in áit 20 snáth nua a thosnú faoi "Chás na Gaeilge". :roll:

Aontaím go hiomlán leat a Ghael.
Ní dúirt mé go bhfuil sé níos fearr gan a bheith a phlé i nGaeilge.
 
JamusN

Member
Joined
Feb 18, 2005
Messages
5
Website
caomhach.blogspot.com
sean1 said:
Níl an nasc sin ag obair. Is dócha go bhuil an clár plé seo an ceann is fearr ó thaobh na Gaeilge nach bhfuil?
Cuireadh ag an deireadh nár scríobh mise. Tá sé ceartaithe agam.

Má tá an ceann seo an ceann is fearr maidir leis an nGaeilge, fiú fós, bhí botún i mbeagnach gach teachtaireacht i ndiaidh do chinnse. Ach is cuma sin, i bhfírinne. Nílimid anseo chun caint faoin nGaeilge - tá áiteanna eile ann do sin.

Má bhíonn ábhar suimiúil agus spreagúil ann agus é á phlé as Gaeilge, tiocfaidh na daoine (chun gearán a dhéanamh go bhfuilimid á phlé as Gaeilge...).
 
Gary

Member
Joined
Nov 11, 2005
Messages
59
sean1 said:
Gary said:
Gael said:
sean1 said:
Tá sé níos fearr chun rudaí a phlé i mBéarla anseo os rud é go bhfuil na céadta pléiteoirí ann gan Gaeilge. Tá an áit seo go maith chun rudaí a bhaineann le an Ghaeilge a phlé. Is féidir linn rudaí eile a phlé freisin, ach de ghnáth tá sé níos éasca, agus tabhachtach chun a bheith ag phlé i mBéarla. Baineann sé sin le díospóireachtaí leis an Ghaeilge freisin.
Is í an chiall a bhainim as an ráiteas sin thuas ná "Ní fiú aon rud a phlé as Gaeilge, ach an Ghaeilge. Fág an fíorshaol ag an mBéarla." Sin an cineál meoin atá ag marú na teanga ón taobh istigh.
Is beag todhchaí atá ann don teanga más í an "breathnú imleacáin" seo a bheas ar siúl inti i gcónaí. Caithfidh mé a rá go mbím féin cuíosach tinn den phlé síoraí faoi Chás na Gaeilge, arís agus arís eile. B'fhearr liomsa labhairt faoi pholaitíocht, nó peil, nó teilifís, nó ceol nó ól nó bualadh craicinn as Gaeilge fiú, in áit 20 snáth nua a thosnú faoi "Chás na Gaeilge". :roll:

Aontaím go hiomlán leat a Ghael.
Ní dúirt mé go bhfuil sé níos fearr gan a bheith a phlé i nGaeilge.
Tá a fhios agam a chara.
ach gan go leor plé faoi rudaí eile seachas Gaeilge í féin beidh sé ag marú na teanga ón taobh istigh mar a dúirt Gael.

Ní bhfaigeann mé morán aitheantas as an méid ama a chuirim isteach i nGael-Taca go deonach
Maith thú maidir leis seo. ach sin an rud leis obair dheonach ar an drochuair
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top