Na Gaeltachtaí

Domhnall

Active member
Joined
Apr 25, 2010
Messages
210
An ceart dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta?

Tá cónaí ormsa i gcroílár Chonamara. Tá an Ghaeilge á labhairt go forleathan, tá daoine ag foghlaim, ag obair &rl trí Ghaeilge. Ach ní mar sin atá sé gach áit sa ghaeltacht seo.

De bharr chúrsaí eacnamaíochta, bealach amháin nó bealach eile beidh orainn glacadh le gearradh siar ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta & ar bhuiséád an Údaráis.

Níl an Ghaeilge mar theanga an phobail i ndáiríre ag phobal Bhearna mar shampla amháin. An ceart go mbeadh Bearna fós taobh istigh den teorainn Ghaeltachta?
Nach bhféadfadh muid an t-airgead a chaitheamh i dteorainneacha nua Gaeltachta - áiteanna a bheadh % níos airde Gaeilgeoirí, níos lú daoine agus dá bharr bheadh sé níos fusa dúinn glacadh le pé gearradh siar a gearrtar ar na buiséid thuasluaite?
 


antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Bhuel tá an scéal seo casta go maith a Dhomhnaill.

Céard is Gaeltacht ann?
An raibh na teorannacha ceart ón chéad lá?
Cén difríocht a dhéanfadh a-tharraingt?

Agus go speisialta, ba mhaith liom thú an cheist seo a fhreagairt -

Cé mhéad airgead atá an Stát ag caitheamh ar an Ghaeilge i mBearna?
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
An ceart dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta?
Tá sé ag tarlú. Tá teorainn nua ag an Roinn anois ach níl siad curtha i bhfeidhm go hoifigiúil go fóill. Beidh le gairid le cúnamh Dé ach táim ag rá é seo ar feadh dhá bhliain ar a laghadh anois.

Tá cónaí ormsa i gcroílár Chonamara. Tá an Ghaeilge á labhairt go forleathan, tá daoine ag foghlaim, ag obair &rl trí Ghaeilge.
An bhfuil na daoine óige ag labhairt í lena chéile?


Níl an Ghaeilge mar theanga an phobail i ndáiríre ag phobal Bhearna mar shampla amháin. An ceart go mbeadh Bearna fós taobh istigh den teorainn Ghaeltachta?
Níl aithne mhaith agam ar Bhearna ach muna bhfuil na teanga a labhairt mar teanga pobail in aon áit níl sé ceart a bheith sa Ghaeltacht oifigiúil.
 

Domhnall

Active member
Joined
Apr 25, 2010
Messages
210
Más buan mo chuimhne a chairde, ní raibh an tAire Ó Cuív sásta toisc gur drochscéal a bhí ann do na Gaeltachtaí tríd is tríd. Bheadh Gaeltachtaí i bhfad níos lú againne agus níos mó breacghaeltachtaí seachas fíorghaeltachtaí. Thiocfadh na scéalta ar ais amach arís faoin "teanga marbh" &rl. Ní aontaím leis an meon sin, áfach. Ba cheart dúinn a bheith réalaíoch faoi staid na teanga. Cén chaoi go bhféadfadh linn dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann mura bhfuil eolas cruinn os ár gcomhair?

Darren, 'bhfuil a fhios agat - pé uair a bhím thart ar ghaeltacht éigin, caithim cluas amach ag éisteacht le daoine óga. Is féidir liom an méid seo a rá leat - ag an Supervalu, Indreabhán / An Eurospar, An Cheathrú Rua & ag an halla spóirt, Leitir Móir níor chuala mé ach Gaeilge á labhairt ag déagóirí. Sin 100% an fhírinne. Chuir sé áthas an domhain orm toisc nach raibh mé ag súil lena leithéid. Comhartha dóchais é - gan mhúinteoirí / tuistí ag éisteacht leo.

Níl na figiúir agam faoi Bhearna ach aontaím, mura bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag an bpobal ní cheart go mbeadh sé ina Ghaeltacht.
 

antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Is féidir liom an méid seo a rá leat - ag an Supervalu, Indreabhán / An Eurospar, An Cheathrú Rua & ag an halla spóirt, Leitir Móir níor chuala mé ach Gaeilge á labhairt ag déagóirí. Sin 100% an fhírinne.
Bhuel creidim gach focal a scríobhann tú a Dhomhnall.

Agus molaim thú freisin - tá tú ag sábháil an phláinéid agus an laghad siopadóireacht a dhéanann tú.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Darren, 'bhfuil a fhios agat - pé uair a bhím thart ar ghaeltacht éigin, caithim cluas amach ag éisteacht le daoine óga. Is féidir liom an méid seo a rá leat - ag an Supervalu, Indreabhán / An Eurospar, An Cheathrú Rua & ag an halla spóirt, Leitir Móir níor chuala mé ach Gaeilge á labhairt ag déagóirí. Sin 100% an fhírinne. Chuir sé áthas an domhain orm toisc nach raibh mé ag súil lena leithéid. Comhartha dóchais é - gan mhúinteoirí / tuistí ag éisteacht leo.
An-mhaith ar fad! Sílim áfach go bhfuil formhór dena deagoirí i nGaoth Dobhair i dTír Conaill ag labhairt Béarla lena chéile ós rud é go bhfuil scata mhaith deagoirí sa cheantar gan Ghaeilge líofa. 'Is é sin an méid a dúirt cúpla déagóir liom ansin ar aon nós.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Físeán a rinne mé agus mo chara inné agus sinn i Leitir Móir. Mo leithscéal faoin gcaighdeán- táim ag ceannach ceamthaifeadán amárach! :) Má cuireann tú an fhuaim thuas go barr tá tú in ann beagnach é ar fad a chloisteáil.

 
Last edited:

luasgirl

Well-known member
Joined
Jun 10, 2011
Messages
431
Rith an méid seo liom ag léamh do phost, ó Beo.ie na míosa, ar sheans nach bhfuil sé léite agaibh.
Tá seisean ag diriú ar na 'Gaeltachtaí' i gcathair na Gaillimhe.

Déanfaidh mise mo bhreithiúnas air chomh maith ach ní bheidh sé bunaithe ar chruinneas nó ar líofacht a chuid Ghaeilge ach ar an méid seo: an mbeidh sé de mhisneach aige moltaí a bhí déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a chur i bhfeidhm? Mar shampla, an mbeidh sé toilteanach glacadh leis na critéir theangeolaíocha a bhí molta sa staidéar sin? An mbeidh se sásta deireadh a chur leis an gcur i gcéill atá ar bun ag a Roinn, faoina gcuirfear airgead amú ar phleanáil teanga i gceantair sa nGaeltacht oifigiúil nach bhfuil rian ar bith den Ghaeilge fágtha iontu? An mbeidh sé sásta deireadh a chur le stádas Gaeltachta na n-eastát tithíochta ar imeall na Gaillimhe?

Tuigtear do chuile dhuine nach bhfuil aon bhunús teangeolaíoch le stádas Gaeltachta a bheith ag eastáit tithíochta i dTír Oileáin agus i gCnoc na Cathrach. Tá bunús stairiúil agus tíreolaíoch leis ceart go leor: tógadh na heastáit sin ar thalamh le aitheantas Ghaeltachta ó 1956, nuair nach raibh ach 500 duine ina gcónaí sa gceantar agus Gaeilge ar a dtoil ag a mórfhormhór. Anois tá cónaí ar 15,000 sa nGaeltacht oifigiúil i gCathair na Gaillimhe, níos mó ná mar atá ina gcónaí i nGaeltacht Chonamara agus Árann le chéile. Is scannal é go bhfuil aitheantas Gaeltachta ón stát ag na eastáit sin i gcónaí.
 

Cellachán Chaisil

Well-known member
Joined
Mar 3, 2009
Messages
9,841
Físeán a rinne mé agus mo chara inné agus sinn i Leitir Móir. Mo leithscéal faoin gcaighdeán- táim ag ceannach ceamthaifeadán amárach! :) Má cuireann tú an fhuaim thuas go barr tá tú in ann beagnach é ar fad a chloisteáil.

[video=youtube;HTw--z4cEP0]https://www.youtube.com/watch?v=HTw--z4cEP0&list=UUx58Pb6mrTNgqZraZM64G0Q[/video]​
Tionscnamh chailleach de Blárach?
 

luasgirl

Well-known member
Joined
Jun 10, 2011
Messages
431
An bhfuil ceantair Ghaeltachta eile seachas na cinn luaite gur chóir an stádas a chailliú de bharr easpa iomlán de Ghaeilge ann?
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Aontaím go mór leis an bplean chun ár nGaeltachtaí a bheith a bheith ainmnithe mar Gaeltacht saghas A,B nó C mar gheall ar an méid d'uimhir de cainteoirí Gaeilge laethúil iontu. Ba chóir go mbeadh athrú dena teorainn chomh luath is féidir. Monuar ní fheicimse é ag tarlú ar feadh cúpla bhliain eile ar a laghad ach nuair a tharlaíonn sé agus nuair a bheidh na Bailte Seirbhísí Gaeltachta againn beidh sé iontach. Má tá Gaeltacht fágtha againn ag an am sin.
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Níl an Ghaeilge mar theanga an phobail i ndáiríre ag phobal Bhearna mar shampla amháin. An ceart go mbeadh Bearna fós taobh istigh den teorainn Ghaeltachta?
Nach bhféadfadh muid an t-airgead a chaitheamh i dteorainneacha nua Gaeltachta - áiteanna a bheadh % níos airde Gaeilgeoirí, níos lú daoine agus dá bharr bheadh sé níos fusa dúinn glacadh le pé gearradh siar a gearrtar ar na buiséid thuasluaite?


An bhfuil ceantair Ghaeltachta eile seachas na cinn luaite gur chóir an stádas a chailliú de bharr easpa iomlán de Ghaeilge ann?
Is breac-Ghaeltacht de shórt éigin é Bearna no? Ba chóir go mbeadh breac-ghaeltachaí in ann fanacht sa Ghaeltacht mar catagóir C Ghaeltacht sílim ach is rud mícheart é ceantair gan méid mhór (timpeall 30% sílim) uimhir gaeilgeoirí a fhanacht sa Ghaeltacht oifigiúil. Fiú ní bheadh i bhfad ná níos mó na 1%-2% de daonra cuid mhór den Ghaeltacht oifigiúil inniu mar cainteoirí Gaeilge líofa laethúil agus is rud mícheart é dúinn le grá don dteanga agus a labhraíonn í go bhfuil na ceantair seo sa Ghaeltacht. Fiú tá comhartha ag rá "Fáilte go dtí an Ghaeltacht" cúpla míle amuigh den dtaobh thoir de gcathair na Gaillimhe. Is rud go hiomlán mícheart é seo agus beidh meas agam do Joe McHugh má réitíonn sé an ábhar seo le linn nó roimh dheireadh a dtréimhse mar Aire Stáit.
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Ní aontaím ar chor ar bith chun seans roinnt bhliain a thabhairt do fhormhór na ceantair sa Ghaeltacht oifigiúil anois, iad gan uimhir réasúnta mhór cainteoirí Gaeilge, fanacht sa Ghaeltacht ag tabhairt deis dó chun obair ar plean teanga chun an teanga a chur chun cinn. Ba chóir go mbeadh teorainn na Gaeltachta athrú sa gearr/meán téarma agus gach ceantar leagtha síos mar ceantair catagóir A,B nó C le breac-Gaeltachtaí ag fanacht sa Ghaeltacht mar catagóir C, nó fiú bhféidir in amanna B. Is féidir plean teanga a chur i bhfeidhm ins na ceantair tógtha amach as an Ghaeltacht ina dhiaidh na teorainn a athrú. Agus cíbe faoin fhíor-Ghaeltacht is lú seans a mbeidh ag an uimhir cainteoirí Gaeilge mhéadú ins na ceantair eile agus an tír go ginearálta muna bhfuil an Rialtas ag déanamh an infheistiú i bhfeachtais margaíochta ag margaíochta na Gaeilge ar an dteilifís gach bhliain. Tá folús ceannaireacht don Ghaeilge a thabhairt ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, cé in amanna dhéanann Enda Kenny agus roinnt polaiteoirí eile óna bpáirtithe agallaimh as Gaeilge sa meáin, agus ní bheidh sé a líonadh ag obair ar feachtas leath-bácáilte ag súil chun ceantair gan Ghaeilge nó mórán Ghaeilge a fhás mar ceantair le a lán Gaeilge go háirithe nach bhfuil an margaíocht ag dul ar aghaidh ó thaobh feachtais margaíochta náisiúnta bliantúil.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Leis an tSlí an Atlantaigh Fhiáin againn anois agus suas go dtí 8 Bailte Seirbhísí Gaeltachta a bheith againn ní bheadh sé go maith muna bhfuil an cinneadh ó thaobh comharthaí bóithre dátheangach le comhstádas don Ghaeilge orthu déanta mar cinneadh buan nó fad-téarmach.

Agus ag caint faoi na Bailte seo an bheadh sé ciallmhar chun na hocht gcinn thíos a roghnú nó phiocáil mar Bailte Seirbhísí Gaeilge? Má tá plean leathan acu chun an teanga a chur chun cinn i gcomhpháirt de obair eile feicim an ciall le cé nach bhfuil a lán Gaeilge i fhormhór d'acu ach sílim don cuid is mó go mba chóir bhféidir iad a bheith piocáilte mar Bailte Thairsí Gaeltachta nó Gateway Towns to the Gaeltacht, sé sin má bhuaileann siad an sprioc sin. Bheadh An Spidéal, agus ní cathair na Gaillimhe, ag comhlíonadh an critéir seo i nGaillimh i gcomparáid leis an moladh atá an anois.

Bailte Seirbhísí Gaeltacht- Moladh

• An Fál Carrach-Falcarragh
• An Clochán Liath- Dungloe
• Béal an Mhuirthead- Belmullet
• Cathair na Gaillimhe- Galway City
• An Daingean- Dingle
• Cathair Saidhbhín-Cahirciveen
• Dún Garbhán- Dungarvan
• Baile átha Buí - Athboy
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Dé réir nasc a roinn duine éigin ar snáth eile ar an suíomh seo anocht de réir daonáireamh 2011 níl ach 20,000 cainteoirí Gaeilge laethúil sa Ghaeltacht.
 

ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,067
1. Darren, GRMA as an video, ach faraor ni raibh mé indon ach cuid beag as a chloisint.

2. I dtaobh na ceanntair Breac-Gaeltacha thart ar Cathair na Gaillimhe; bhí mé ar sgoil i nGaillimh ó 1952. Ó 1956 bhí mé in Ollsgoil na Gaillimhe, agus freisin ag obair mar printíseach dlí in oifig dlíodóir. San sgoil, Ollsgoil, agus san oifig dlí níór chuala mé Gaeilge ar bith ar teanga na ndaoine as na mbreach Gaeltachaí i Gaillimh agus macguaird. m.s Bearna, Cnoc na Cearra, Tír na n-Oileáin, Baile na Cláir.

3. Anois tá líon mór tithe sna ceanntracha sin agus ní dóigh liom go bhfuil mórán eolas ná spéis ag na daoine nua sin san Gaeilge


4, Bhí Gaeilge le cloisint san Spidéal agus ó thiar den Spidéal, sna Oileáin Árainn ( agus tá fós ) agus bhí Gaeilge le cloisint ar sráideanna na Gaillimhe á labhairt ag na daoine as na ceanntracha sin

5 Ach i dtaobh cothú agus spreagú an Ghaeilge sna ceanntracha sin, pé acú Fíor nó Breac-Gaeltachaí? Ceist casta achrannach sin.
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
1. Darren, GRMA as an video, ach faraor ni raibh mé indon ach cuid beag as a chloisint.

2. I dtaobh na ceanntair Breac-Gaeltacha thart ar Cathair na Gaillimhe; bhí mé ar sgoil i nGaillimh ó 1952. Ó 1956 bhí mé in Ollsgoil na Gaillimhe, agus freisin ag obair mar printíseach dlí in oifig dlíodóir. San sgoil, Ollsgoil, agus san oifig dlí níór chuala mé Gaeilge ar bith air teanga na ndaoine as na mbreach Gaeltachaí i Gaillimh agus macguaird. m.s Bearna, Cnoc na Cearra, Tír na n-Oileáin, Baile na Cláir.

3. Anois tá líon mór tithe sna ceanntracha sin agus ní dóigh liom go bhfuil mórán eolas ná spéis ag na daoine nua sin san Gaeilge


4, Bhí Gaeilge le cloisint san Spidéal agus ó thiar den Spidéal, sna Oileáin Árainn ( agus tá fós )

5 Ach i dtaobh cothú agus spreagú an Ghaeilge sna ceanntracha sin, pé acú Fíor nó Breac-Gaeltachaí? Ceist casta achrannach sin.
De réir an nasc ó ndaonáireamh a chonaic mé anocht is an-bheag an méid Gaeilge nó cainteoirí Gaeilge laethúil i ngach ceann den mbailte liostaithe agam thuas i mBearna san áireamh. Mar sin ní dóibh liom go mba chóir iad a bheith sa Ghaeltacht ach mar Bailte Thairsí na Gaeltachta.
 


New Threads

Top