Oireachtas na Gaeilge 2010

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
An t-am sin den bhliain buailte linn arís! Cé a bheidh ag gabháil go Leitir Ceanainn agus cad leis is mó a bhfuil tú ag súil?

Cinnte dearfa beidh mise ann. Ní chaillfinn ar ór ná ar airgead é! Ag súil go mór ach go háirithe leis na hAgallaimh Bheirte, na lúibíní, na hamhráin nuachumtha, an damhsa a fheiceáil ó stól éigin i mbeár éigin, an chraic is an comhluadar agus le roinnt CDnna nua a cheannach ag na seoltaí éagsúla a bhíonn ar siúl ann!

Aoinne eile?

Oireachtas na Gaeilge 2009 ba cheart dom a rá!
 
Last edited:


Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Feicim go mbeidh Guth na Gaeltachta agus a bhfeachtas in aghaidh chiorruithe an Bhord Snip á sheoladh go hoifigiúil ag an Oireachtas.

Tuilleadh Eolais:

An Druma Mór: Guth na Gaeltachta ag an Oireachtas

An bhfuil eolas ag aoinne eile faoi thada eile a bheidh á sheoladh ná ag tarlú ag an Oireachtas nó an dream sibh nach mbacanna leis? 'Oireachtas Virgins' mar a déarfá!
 

Ráth Cúil

Member
Joined
Oct 28, 2009
Messages
56
Tá'm cinnte go n-éiróidh go gheal leis

Tabhair ar ais go Bleá Cliath é an bhliain seo chugainn.

Níl a dhóthain airgid ag mic léinn bochta ar nós mé féin bheith ag taistil fud fad na tíre.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,457
Níl a dhóthain airgid ag mic léinn bochta ar nós mé féin bheith ag taistil fud fad na tíre.
Ar an ordóg.
Mála codlata láidir agat: codail i scioból agus féar ann.
Déan gar nó dhó dod bhricfeasta, dinnéar is tae.
Beir éadaigh teo leat.

Bí seiftiúil!
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Ar an ordóg.
Mála codlata láidir agat: codail i scioból agus féar ann.
Déan gar nó dhó dod bhricfeasta, dinnéar is tae.
Beir éadaigh teo leat.

Bí seiftiúil!
Mar a dhéantaí sna seanlaethanta é!

Bhí Oireachtas na Bliana seo iontach. Craic iontach. Neart ceoil is damhsa. Neart lúibíní, agallamh beirte is amhráin nuachumhtha. Neart piontaí. Mar a bhíonn sé i gcónaí - damanta.

An mbeidh tú ag Feile na Mí, a Ráth Cúil? Níl sé rófhada ó bhaile dhuit. Tá sé chomh maith céanna leis an Oireachtas.
 

deirdrem

Well-known member
Joined
Nov 1, 2009
Messages
920
Seachas an chraic agus an ceol agus mar sin de, nach raibh an tAire (an gá a ainm a lua ?) chun ráiteas a dhéanamh faoin bplean 200 bliain? an bhfuil a fhios ag éinne céard a dúirt sé nó an raibh aon rud fiúntach ann? Bhreathnaigh mé ar shuíomh na roinne, ach níor tháinig mé ar an gcaint in áit ar bith. Má tá nasc ag éinne, b'fhéidir go gcuirfidh tú ar fáil anseo é chun go bhfeicfinn céard a dúirt sé.
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Seachas an chraic agus an ceol agus mar sin de, nach raibh an tAire (an gá a ainm a lua ?) chun ráiteas a dhéanamh faoin bplean 200 bliain? an bhfuil a fhios ag éinne céard a dúirt sé nó an raibh aon rud fiúntach ann? Bhreathnaigh mé ar shuíomh na roinne, ach níor tháinig mé ar an gcaint in áit ar bith. Má tá nasc ag éinne, b'fhéidir go gcuirfidh tú ar fáil anseo é chun go bhfeicfinn céard a dúirt sé.
Níor dhúirt sé tada. Dúirt sé nach raibh cead aige aon rud a rá agus go raibh cúrsaí na Gaeilge fós á bplé ag an rialtas. Ní raibh mé i láthair ag an am ach b'in a dúradh liom.

A Bhodaigh, an bhfuil aon fhíseán eile agat ón Oireachtas?
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,457
Bhí Oireachtas na Bliana seo iontach. Craic iontach. Neart ceoil is damhsa. Neart lúibíní, agallamh beirte is amhráin nuachumhtha. Neart piontaí. Mar a bhíonn sé i gcónaí - damanta.

.
Gann ó thaobh poilitíochta mar sin?
 

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Gann ó thaobh poilitíochta mar sin?

Sea! Agus sin mar is ceart dó bheith - muna bhfuil scéal dearfach le fógairt cibé!

Maidir le hOireachtas na Gaeilge 2010, cé a bheidh ag gabháil. Dúradh ar Raidió na Gaeltachta inné go raibh an Gleneagle lán. Mar sin mholfainn daoibh deifir a dhéanamh ma tá lóistín uaibh!
 

An Bodach

Member
Joined
Jun 30, 2009
Messages
9
[ame="http://www.youtube.com/watch?v=fH9dQqLDARk&NR=1"]YouTube - Oireachtas na Samhna 2009 - Club na Feile Letterkenny[/ame]

Seo d'aonduine a bhfuil cathú orthu do chlub na féile
 

An Bodach

Member
Joined
Jun 30, 2009
Messages
9
[ame="http://www.youtube.com/watch?v=wRCWtNV2Ddc&feature=player_embedded"]YouTube - MairtIn Tom Sheainín - Oireachtas na Gaeilge 2009 Letterkenny[/ame]

[ame="http://www.youtube.com/watch?v=zZj500j9j68&feature=related"]YouTube - Oireachtas na Gaeilge Letterkenny 2009[/ame]

agus an cailín a thaifead an físeán....

[ame="http://www.youtube.com/watch?v=H_fS7BQShJA&feature=related"]YouTube - Edwina Guckian - Oireachtas 2008[/ame]

Bainigí sult astu..
 

An Bodach

Member
Joined
Jun 30, 2009
Messages
9
má tá fonn oraibh blas níos cuimsitheach a fheiceáil den fhéile, seo uaidh 2008 i gCorcaigh. Uaidh Foinnse bail o Dhia orthu... bhuel and sean Fhoinnse..
 

An Bodach

Member
Joined
Jun 30, 2009
Messages
9
oops..

[ame="http://www.youtube.com/watch?v=-cO4DUAj0-U&feature=related"]YouTube - Oireachtas Beo 2008[/ame]
 

Lámh dearg abú

Active member
Joined
Sep 24, 2006
Messages
130
Bhí mé ann oíche Aoine agus an t-óstán plódaithe go doras. Mo chéad uair ag Club na Féile!- a leithéid de chraic nach bhfaighfeá áit ar bith eile. Beidh mé ag pilleadh aráis arís is arís eile amcah anseo. Mholfainn an t-Oireachtas d'achan duine ar a bhfuil suim aici/aige sa teanga.
 
Last edited:

Culann

Well-known member
Joined
Nov 27, 2007
Messages
416
Bhí me ann oíche Aoine agus an t-óstán plódaithe go doras. Mo chéad ag Club na Féile!- a leithéid de chraic nach bhfaighfeá áit ar bith eile. Beidh mé ag pilleadh aráis arís is arís eile amch anseo. Mholfainn an t-Oireachtas d'achan duine ar a bhfuil suim aici/aige sa teanga.
Togha fir! Mholfainn duit do lóistín a chur in áirithe go luath. Tá óstán nó dhó lán cheana féin!
 


New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top