• Due to a glitch in the old vBulletin software, some users were "banned" when they tried to change their passwords at the end of February. This does not apply after the site was converted to Xenforo. If you were affected by this, please us viua the Contact us link in the footer.

Pádraig Ó Cuanacháin R.I.P


DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,475
1932-2008

Fuair an gníomhaire Gaeilge, Pádraig Ó Cuanacháin, bás i gCorcaigh le déanaí.

Bhí sé mar an stiúrthóir margaíochta don eagraíocht margaíochta Gaeilge Gael-Taca.

Bhí aithne agam air agus ó mo thaithí féin bhí sé gan aon amhras an gníomhaire Gaeilge is fearr sa tír.

I an-chuid den tír tá an-chuid dena fhorbairtí cónaithe nua ainmnithe as Gaeilge. Is de bharr obair Pádraig ach go háirithe a bhfuilimid ag feiceáil an fhorbairt seo san earnáil seo. D'oibrigh sé leis an earnáil ghnó chun úsáid a bhaint as ár dteanga.

Gan amhras, rinne sé go leor obair eile. Bhunaigh sé roinnt gaelscoileanna nuair a bhí sé mar an timire do Gaelsoileanna Teo. i gcúige Mumhan ar feadh roinnt blianta 'sna hochtóidí.

D'fhág sé oidhreacht an-tábhachtach do todhchaí an teanga gaelach.

Crothnóidh lucht na Gaeilge é.

Ní bheidh a leithéid ann arís.

R.I.P
 
Last edited by a moderator:


Cúchonnacht

Active member
Joined
Jan 10, 2008
Messages
192
Ar dheis lámh Dé go raibh a anam uasal Gaelach.
Agus déanaim comhbhrón lena theaghlach agus tú fhéin freisin Darren.
 

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,847
Cén aois a bhí slánaithe aige?
 

Seánod

Active member
Joined
Apr 5, 2005
Messages
208
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal. Casadh orm é cúpla uair agus ba mhór an spreagadh agus an tógáil croí é dreas comhrá a dhéanamh leis. Bhíodh sé de shíor ag cur síolta i ngort na Gaeilge.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,475
Sé seo an alt ó Lá Nua faoi inniu. Is trua nach raibh aithne ag níos mó daoine i ngluaiseacht na Gaeilge air. Cheap go leor/formhór dena daoine i ngluaiseacht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath go raibh sé mar laoch na Gaeilge do Corcaigh agus cúige na Mumhan amháin. I ndáiríre bhí sé mar laoch náisiúnta ach bhí a torthaí níos feiceálaí i gcúige Mumhan.

D'oibrigh sé le forbróirí agus tógáilí ní amháin i gcúige Mumhan ach ar fud na tíre. Tá a obair le feiceáil ar fud na tíre.

Pádraig Ó Cuanacháin, laoch na Gaeilge, ar lár

Cailleadh laoch i measc na laochanna, maidin Dé Domhnaigh, nuair a chuaigh Pádraig Ó Cuanacháin ar shlí na fírinne in aois a 76 bliain.
Bhí cáil náisiúnta ar Phádraig as an sár-obair a rinne sé ar son na Gaeilge i rith a shaoil.
'Fear breá cairdiúil, lán de scéalta agus de ghreann a bhí ann,' arsa a chomhghleacaí i nGael-Taca Chorcaí, Barra Ó Caoimh. 'Bhí sé dearfach i gcónaí agus ní raibh suim ar bith aige i ndrochscéalta.
'Bhí sé go hiontach ag gríosú daoine agus ní raibh éinne níos fearr ann chun daoine a thabhairt le chéile.'
Mana a bhí aige le fada an lá maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná nach raibh gá le mórán ach dul amach a labhairt le daoine agus do mholtaí a mhíniú dóibh, agus óna thaithí féin, go mbeidís sásta éisteacht leat agus glacadh leis na moltaí.
Tógadh an tUasal Ó Cuanacháin i gCrosaire Tuirnéir i gCathair Chorcaí agus d'fhreastail sé ar Scoil Chríost Rí agus ar Choláiste na mBráithre sa Mhainistir Thuaidh.
Chaith sé roinnt blianta ag obair do Chomhairle Cathrach Chorcaí agus ansin, d'oibrigh sé mar oifigeach margaíochta le hÚdarás na Gaeltachta ag mealladh tionscail go Gaeltachtaí na Mumhan.
Thosaigh sé ag obair sna 1980í le Gaelscoileanna Teo agus chabhraigh le pobail éagsúla chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i gCorcaigh.
Thaistil sé ó pharóiste go paróiste ag bunú coistí áitiúla agus bhí baint aige le bunú dosaen Gaelscoil, ina measc, Gaelscoil Mhachan agus Gaelscoil Sheáin Uí Ríordáin.
Ag deireadh na n-ochtóidí, bhunaigh sé Gael Taca Chorcaí chun úsáid na Gaeilge in earnálacha an ghnó agus na tógála a spreagadh.
Is ansin a bhain sé amach clú agus cáil náisiúnta as ucht a chuid oibre ar son na teanga.
'Bhí a chroí istigh sa Ghaeilge agus ní amháin gur chabhraigh sé le bunú Gaelscoile ach sheoladh sé litir agus seic ó Ghael-Taca chuig scoileanna nuabhunaithe ar fud na tíre chun a rá leo nach rabhadar leo féin,' arsa Barra Ó Caoimh.
'An sprioc a bhí aige le Gael Taca ná go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil go poiblí ag daltaí agus iad ag teacht amach as an scoil.
'Tá go leor leor siopaí, tithe tábhairne, comhlachtaí agus busanna i gCoracigh agus rian éigin den Ghaeilge le feiceáil orthu de bharr a ndearna sé, rud a thugann le fios gur teanga bheo í an Ghaeilge,' ar seisean.
Rinne an tUasal Ó Cuanacháin éacht thar na bearta freisin maidir le hainmneacha Gaeilge a mholadh do thógálaithe eastáit tithíochta, agus glacadh lena mholtaí le haghaidh os cionn 400 eastát ar leith, formhór acu i gContae Chorcaí agus i gCúige Mumhan.
Seachas cúrsaí teanga, bhí an-spéis aige sa stair agus bhí saineolas aige ar stair Chathair Chorcaí agus ar an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda.
Chuir sé spéis i gceoldrámaí Gilbert & Sullivan go háirithe, agus bhí suim aige i gcúrsaí litríochta agus scríobh sé go rialta do Ireland’s Own.
Tógfar é ó O'Connor's Funeral Home ag Droichead an Gheata Thuaidh i gCorcaigh go Séipéal Naomh Seosamh in Montenotte ag 8.00in anocht.
Beidh aifreann ar siúl ag 11.00rn maidin amárach agus cuirfear i Reilig Naomh Caitríona i gCill Chúile é ina dhiaidh.
Maireann a bhean chéile, Nóirín, a iníon, Deirdre, agus ceathrar mac: Ciarán, Fergus, Brian agus Colm.
Ar dheis Dé go raibh a anam.
 
Last edited by a moderator:

LiamORaiste

Member
Joined
Aug 6, 2003
Messages
95
Website
igaeilge.wordpress.com
Is cinnte gur laoch abea Ó Cuanacháin agus tá saol na Gaeilge níos boichte de bharr é bheith caillte agus níos saibhre de bharr an méid a rinne sé le linn a shaoil ar son a thír agus ar son a theanga.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,475
Is cuimhin nuair a rinne mé clár dátheangach uair amháin ar Dublin South FM an príomh stáisiún raidió pobal i mBaile Átha Cliath Theas. Bhí duine i nGael-Taca in mBaile Átha Cliath mar an aoi.

B'shin an seachtain ina dúirt an Rialtas go mbeadh siad ag lorg stádas oifigiúil don Ghaeilge san AE.

Bhíomar inár shuí ag ullmhú don clár agus céard a bhí ar an deasc ach preas-ráiteas ó Phádraig ó Ghael-Taca i gCorcaigh faoin scéal agus ag rá go mbeadh sé sásta labhairt an an stáisiún faoin scéal!!!
 
Last edited by a moderator:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,475
Pádraig ar chlár Cois Laoi, Raidió na Gaeltachta (2007-2008)

Tháinig mé ar chóip den gclár speisialta seo i gcuimhne ar Phádraig Ó Cuanacháin cúpla seachtaine ina dhiaidh a bháis in 2008 ar Raidió na Gaeltachta níos luaithe inniu:

Clár i gcuimhne ar Phádraig Ó Cuanacháin, bunaitheoir Ghael-Taca a bhásaigh ar an 2 Márta 2008- Cois Laoi, Raidió na Gaeltachta (28 Márta 2008)

Agus seo é mír ó 2007 ar Raidió na Gaeltachta a bhí á athchraoladh ar an gclár sin uaslódálaithe agam anseo inniu mar acmhainn eile (is dócha go raibh sé seo an uair dheireanach ina raibh Pádraig mar aoi ar Raidió na Gaeltachta):

Pádraig Ó Cuanacháin agus Gael-Taca- Cois Laoi Raidió na Gaeltachta (Mí Samhna 2007)

Tá an leathanach baile ag an suíomh gréasáin pearsanta is a bhí aige an-shuimiúil freisin!

Seans nach mbeidh aon uasdátaithe eile agam ar an snáithe seo go dtí go dtagaim ar aon acmhainní maith eile ina leith agus níl a fhios agam cathain a tharlóidh sé sin.
 
Last edited:

New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top