Postáil amháin in aghaidh an lae ar an bhfóram Gaeilge

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Léim p.ie anois agus arís ach ní dhéanaim mórán postáil ar an suíomh, an chuid is mó acu is freagraí ar na biogóidithe frithghaelacha.

Chun tacú leis an bhfóram Gaeilge táim chun postáil amháin ar an laghad a dhéanamh anseo gach lá, agus níos mó más féidir. Má dhéanann muid ar fad amhlaidh tiocfaidh fás ar an bhfóram seo.

Beir bua
 


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,489
Cad a mhuscail thú, a Jx3?

Beagnach 220 post le ceithre bliana go leith; cúigiú post sa lá agus anois tú ag moladh farrasbarr ar dhaoine eile.

Cad tá ort?
 

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Babtha mórtais chine. Is le uisce beatha agus cóc a leigheastar sin, ach neosfaidh Brian Mór sin duit. Ach is fíor duit, laghdú mór atá tagtha uirthi, nach raibh tórramh againn uirthi cúpla mí ó shin. Ní féidir cur i gcoinne na tuairime anois gur tháinig meath uirthi nuair a baineadh na postálacha b'aicisi ón bpríomhleathanach.
 

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Cad a mhuscail thú, a Jx3?

Beagnach 220 post le ceithre bliana go leith; cúigiú post sa lá agus anois tú ag moladh farrasbarr ar dhaoine eile.

Cad tá ort?
N'fheadar in aon chor cad atá******orm! Ach cad is fiú na frithghael a chur ina dtost má******tá an Ghaeilge ina tost anseo freisin? Mar aon le sin chonaic mé******go bhfuil laghdú mór tagtha ar ghníomhaíocht san fhóram seo.
 
Last edited:

picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
20,659
Chun tacú leis an bhfóram Gaeilge táim chun postáil amháin ar an laghad a dhéanamh anseo gach lá, agus níos mó más féidir. Má dhéanann muid ar fad amhlaidh tiocfaidh fás ar an bhfóram seo.
Déanfaidh mé an rud céanna. Foghlaimeoir atá ionam agus mar sin de iarraim giota beag foighne orthu!
 

picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
20,659
Ní hea, ach réabhlóid na ndaoine dalla.
Ar a laghad thanig duine amháin chuig an Foram fá choinne drochmheas a chur orainn - agus bhí mé ag smaointiú gur drochmheasach an dream eile atá sa Foram Bhéarla! :eek:

Oíche mhaith duit.
 
Last edited:

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Ní hea, ach réabhlóid na ndaoine dalla.
Dá******mba rud é gur leigheas cailleach cantalacht an uafáis aon rud bheadh an Ghaeilge slán sábháilte fadó. Muna bhfuil aon dóchas agat fhéin bíodh agat, ná bí ag iarraidh misneach daoine eile a scrios.
 

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Cad é mar atá sin ag oibriú amach duit?
Maith go leor go dtí******seo, ba cheart dom a rá nach raibh an deireadh seachtaine i gceist agam, bíonn briseadh ón idirlíon de dhíth orm. Leanfaidh an réabhlóid ó Luan go hAoine : )
 

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Maith go leor go dtí******seo, ba cheart dom a rá nach raibh an deireadh seachtaine i gceist agam, bíonn briseadh ón idirlíon de dhíth orm. Leanfaidh an réabhlóid ó Luan go hAoine : )
Réabhloid structurtha mar sin? Ní fhacas riamh a leithéid.
 

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Chun cur leis an réabhlóid 'oibriú de réir rialach' seo, an bhféadfá é a leithniú go snáith nua in aghaidh an lae, in áit phoist nua amháin?
 

Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Chun cur leis an réabhlóid 'oibriú de réir rialach' seo, an bhféadfá é a leithniú go snáith nua in aghaidh an lae, in áit phoist nua amháin?
D'fhéadfainn cinnte, bhíos ag smaoineamh faoi sin ach ba mhaith liom an chéad chéim a thógáil leis na postanna i dtosach báire, ní aontaíom leis an teoiric Trotscaíoch nach féidir an réabhlóid a chur i gcrích trí leasuithe!
 

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
D'fhéadfainn cinnte, bhíos ag smaoineamh faoi sin ach ba mhaith liom an chéad chéim a thógáil leis na postanna i dtosach báire, ní aontaíom leis an teoiric Trotscaíoch nach féidir an réabhlóid a chur i gcrích trí leasuithe!
Bhuel mar a dhéarfadh múinteoirí ar fud fad na tíre bige seo, 'de réir a chéile a thógtar na caisleáin.'
 


New Threads

Most Replies

Top