• Due to a glitch in the old vBulletin software, some users were "banned" when they tried to change their passwords at the end of February. This does not apply after the site was converted to Xenforo. If you were affected by this, please us viua the Contact us link in the footer.

Raidió na Life – ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ag Gradaim na Meán Ceilteach 2013!


DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,439



Raidió na Life – ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ag Gradaim na Meán Ceilteach 2013!



Tá gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ buaite ag Raidió na Life i nGradaim na Meán Ceilteach (‘Celtic Media Awards’) 2013. Bronnadh an gradam ar stáisiún Gaelach Bhaile Átha Cliath ag searmanas in Abertawe (Swansea) na Breataine Bige an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart ag ócáid a chur clabhsúr le Féile na Meán Ceilteach 2013, féile a dhéanann ceiliúradh ar scannáin, teilifís, raidió agus na meáin úra a chuireann teangacha agus cultúir na dtíortha Cheilteacha chun cinn. Bíonn iomaíocht ghéar ag an bhféile le mórchraoltóirí as Éirinn, Albain, An Bhreatain Bheag, Sasana agus an Fhrainc – leithéidí RTÉ, BBC & TG4 go háirithe – san iomaíocht le cláir & ábhair atá léirithe i nGaeilge, i nGàidhlig na hAlban, i gCoirnis, Breatnais, Briotáinis, Manainnis, Fraincis agus i mBéarla.



Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: “Tá ríméad an domhain orainn Raidió na Life a bheith roghnaithe mar Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach 2013, an chéad uair i stair 34 bliain na féile gur éirigh le stáisiún raidió pobail an teideal a ghnóthú. Is é seo an gradam céanna atá buaite ag RTÉ Radio 1 agus ag ár gcairde in RTÉ Raidió na Gaeltachta roimhe seo. Ábhar bróid dochreidte dúinn is ea é.”



Mar stáisiún pobail is ar bhonn deonach a oibríonn na craoltóirí a ghlacann páirt i Raidió na Life. Níl ach foireann bheag de thriúr lánaimseartha fostaithe sa stáisiún: Bainisteoir, Teicneoir & Clár Reachtaire, mar aon le Maor Deireadh Seachtaine páirt-aimseartha. Glacann suas le 150 craoltóirí deonacha páirt sa stáisiún gach seachtain ag soláthar sceideal beo bríomhar de chláir raidió atá lán d’fhuinneamh, d’éagsúlacht & de shamhlaíocht , ag clúdú gach ábhar faoin spéir agus ag seinm gach stíl ceoil dá bhfuil ann.



“Le foireann bheag agus acmhainní teoranta, táimid fíor-fíor-bhródúil gur féidir linne i Raidió na Life seasamh taobh le taobh le leithéidí RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Radio Wales, BBC Radio nan Gàidheal agus BBC Radio Cymru - stáisiúin eile a bhí ainmnithe don ghradam seo i mbliana. Is ar éigean gur féidir linn a chreidiúint gur bronnadh an gradam seo orainne agus muid san ardchomhluadar sin. Gabhaimid buíochas speisialta ó chroí leis na saorálaithe go léir a thugann a gcuid ama saor in aisce do Raidió na Life gach seachtain chun seirbhís raidió comhaimseartha den chéad scoth a sholáthar trí Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath agus tríd an mbeoshruthú idirlín agus trí aip úrnua an stáisiúin freisin,” a dúirt Ó Fiannachta, “Táimid 20 Bliain Beo! Go mba fada buan Raidió na Life, Cuisle na Cathrach – Stáisiún Raidió na Bliana!”





Faoi Raidió na Life:



Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 1993 mar stáisiún pobail sainspéise.



Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d’éisteoirí. Aithnítear an stáisiún as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonah/damhsa, dord & droma, hip hop, r’n’b srl. – agus na cláir go léir curtha i láthair trí Ghaeilge.



Tá cúpla míle craoltóir deonach tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin TD, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104), Darragh Ó Tuama (Newstalk) agus neart eile nach iad. Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie freisin.



Bronnadh An Gradam Pobail ar an stáisiún sa Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 agus bhuaigh sé Duais Údarás Craolacháin na hÉireann don Stáisiúin Raidió Pobail is fearr i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael sa bhliain chéanna.



Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge.



Foireann Raidió na Life:



Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life: Muiris Ó Fiannachta



Teicneoir Raidió na Life: Fearghal Saxe



Clár Reachtaire Raidió na Life: Cian Mac Cárthaigh



Maor Deireadh Seachtaine: Marc Ó Loinsigh


– Críoch –



Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, déan teagmháil le:


Muiris Ó Fiannachta
Bainisteoir Stáisiúin
Raidió na Life 106.4FM
7 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2.
raidionalife.ie

Guthán/Telephone: +353 (0)1 661 6333 / 086...
R-phost/E-mail: muiris@raidionalife.ie


 
Last edited:


duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,362
"Tá cúpla míle craoltóir deonach tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta.."

Sin iontach maith.

Tá súil agam go bhfuil roinnt agat sa duais a Dharren!! :)
 

Johnny

Well-known member
Joined
Apr 29, 2004
Messages
1,223
Bhí mé féin im' chraoltóir deonach ann slám maith blianta ó shin anois.

Go maire na Gaeil uile ag Raidió na Life, agus tréaslaím leo an gradam uasal seo.
 

Popular Threads

Most Replies

Top