Raidió pobail agus pobal na Gaeilge in Éirinn

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Bheadh sé iontach má raibh ceadúnas náisiúnta ar FM ag Raidió Rí-Rá agus ceadúnas náisiúnta sna 6 contaetha ag Raidió Fáilte.

An féidir le stáisiún idirlíon cosúil le Raidió Rí-Rá ceadúnas náisiúnta a fháil ar FM agus iad gan aon oibreoirí lán-aimseartha? Nó ós rud é go bhfuil stáisiún raidió ag Raidió na Life an bheadh sé níos éasca ceadúnas náisiúnta a fháil ar FM? Tá na dhá stáisiún difriúil óna chéile cinnte. Ach lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus roinnt ceantair in aice leis níl mórán stáisiúin raidió. San Iarthar mar shampla níl ach timpeall 6 cinn.

Má raibh Raidió na Life chun craoladh timpeall an stát ó theas (le hainm nua is dócha) bheadh athrú bunreachtúil i gceist maidir leis an Roinn Cumarsáide, BCI agus CRAOL! Síleann daoine gurbh dúshlán ró-mhór é seo. Ach tá pobal na Gaeilge scaipthe timpeall an domhan le tacaíocht stáit sa stát seo. So in Éirinn tá pobal na Gaeilge scaipthe timpeall an stát agus oileán. Cén fáth a bhfuil sé cothrom go nach féidir le gaeilgeoirí i 25 as 26 contaetha sa stát éisteacht le stáisiún raidió Gaeilge atá dírithe ar phobal na Gaeilge seachas Raidió na Gaeltachta?

Cinnte tá acmhainní mhaith ag Raidió na Gaeltachta- le oifigí agus stiúideo i ngach Gaeltacht (mhór ar aon nós) agus le oifig i mBaile Átha Cliath; le ceadúnas náisiúnta ar FM ach go mór-mhór tá sé dírithe ar lucht na Gaeilge sna Gaeltachtaí. De bharr go nach bhfuil an Ghaeltacht láidir ó thaobh na Gaeilge de an mbeadh sé níos fearr chun ainm Raidió na Gaeltachta a athrú go dtí Raidió na Gaeilge bhféidir agus i bhfad níos mó caint a bheith air agus béime ar na gceantreacha uirbeacha?

Cad go díreach atá ag teastáil orainn mar gheall ar raidió trí mheán na Gaeilge in Éirinn thuaidh agus theas? Agus cad is féidir linn a bheith ag tnúth leis go praiticiúil sna blianta amach romhainn leis na hacmhainní airgeadais atá ag an stát thuaidh agus theas?
 
Last edited:

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,571

Ceist mhaith cinnte. Díogras agus teacht aniar, déarfainn, agus tathaint ar fhoinse airgid a mhaoinfeadh an fiontar.

Ach nach bhfuil raidio FM beagnach as dáta anois agus ré digiteacj ar na bacáin. Tá an idirlíon ann, agus tuítear agus féisbúc.
Ní fada go mbeidh gléas "craolta" ní b'úire ann, si dócha.

ACH, ACH, cá bhfuil an lucht éisteachta arna féachaint nach bhfuil ach idir 1 000 agus 2 000 ag léamh GAELSCÉAL gach seachtain. Is fada ó nach raibh am ag lucht na Gaeilge don Ghaeilge fhéin .
 
Níl mé cinnte an bhfuil sé ceart ach chuala mé le déanaí go mbeidh sé 20 bhliain sular mbeidh na raidió digiteach féin chomh forleathan ná na gnáth raidió féin atá againn faoi láthair. Cinnte leis na céadta (mílte?) stáisiún raidió le fáil in Éirinn ó thimpeall an domhan ar digiteach ní bheadh gá le ceadúnas náisiúnta ar FM. Bheinn ag tnúth go bheadh RnaL, Raidió Fáilte, Raidió na Gaeltachta agus Raidió Rí-Rá le fáil timpeall an domhan. Ach má dtógann sé 20 bhliain nó fiú 10 bhliain bheinn ag súil le Raidió na Life, atáim bainteach leis, a bheith ábalta aontú chun iarratas a sheoladh isteach chuig an BCI (i 2016 bheinn ag súil) chun ceadúnas náisiúnta a fháil. Níor thaispeáin aon duine ar an suíomh seo suim san ábhar chun rogha Gaeilge a bheith ar an suíomh seo le VBulletin (atá an suíomh seo rithithe air agus go bhfuil rogha Gaeilge le fáil air saor in aisce) so má tá an easpa suim céanna ann mar gheall ar RnaL ní tharlóidh sé.

An bhfuil eolas ag einne faoi cathain, timpeall, a bheidh raidió digiteach a n-úsáid go forleathan?
 
LowIQ

Active member
Joined
Feb 9, 2005
Messages
286
Is raidió áitiúil é R na G.
Is raidió áitiúil é R na L freisin.
Níl an "reach" céanna ag an idirlíon fós, ach tá sé i bhfad níos saoire.
Tá gá le ceol agus tá gá le caint. Bheifí in ann cúpla bealaí a bhunadh do ceol trad, rock, srl. Agus ní bheadh aon gá leannacht leis an scoilt idir thuas agus theas. Is Gaeilgeoirí uilig muid.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Lucht na Gaeilge +/- 60 000
A bhfuil ann +/- 7 000 000 000
Is Gaeilgeoirí uilig muid.
Glacaim leis do phointe. Ach tá Raidió Fáilte ann sa Tuaisceart agus cé gur náisiún amháin muid tá dhá stáit ar an t-oileán agus ceapaim go bheadh Raidió Fáilte sásta freastal ar an Tuaisceart nó na 6 contaetha.
Tar éis an Nuacht Idirnáisiúnta agus Náisiúnta ar RnaG bíonn an nuacht áitiúla don trí réigiún sílim. Ní dóibh liom go bhfuil nuacht ann ag díriú ar an taobh thoir den dtír an bhfuil? Cén fáth? Ba mhaith liom níos mó cainte a bheith ar RnaG san iarnóin freisin.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Labhair mé le fáilteoir ón BCI (Coimisiún Craolacháin na hÉireann) inniu agus dúirt sí go nach mbeadh bac ar Raidió na Life iarratas a dhéanamh chun a bheith in ann craoladh go náisiúnta ar FM!

Go ginearálta ní dhéanann stáisiúin raidió pleananna ach amháin do 3 bliana nó bhféidir 5 bliana amach rompu. So ní fiú domsa ná do aon duine eile rún a chur síos sa mheán-téarma i RnaL ag lorg go mbeadh sé mar pholasaí fad-téarmach a bheith in ann craoladh go náisiúnta ar FM. Fiú má thagann fás ar an geilleagar sa gearr nó sa mheán-téarma tógfaidh sé blianta eile go dtí go mbeidh airgead ag an Rialtas infheistíocht a dhéanamh i tionscadail mar seo... Ach cinnte táim go pearsanta i bhfabhar muid a bheith ar FM go náisiúnta sa fad-téarma má tá suim ag éinne!
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Chuala mé go mbeidh raidió digiteach go forleathan in Éirinn i 2019! An bhfuil sé seo fíor?
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Bheadh sé iontach má raibh níos mó daoine ag baint úsáid as an idirlíon ag déanamh podchraoltaí agus ag poibliú na hábhair ar na bhfóraim plé ar líne cosúil le a dhéanaim. Táim ag caint faoin meáin pobail. Déanaim podchraoltaí le Raidió na Life agus rinne mé iad le NearFM. Ba mhaith liom má raibh daoine sa stáisiún raidió pobail go ginearálta ag déanamh an rud céanna!
 
Smaoineamh maith!
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Tá stíl nua ag shuíomh idirlíon Raidió na Life anois agus tá eolais faoina cláir ar fad bailithe le chéile ar príomh leathanach amháin anois! Go maith ceapaim!

Raidió na Life- Cláracha
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Bheadh sé iontach má raibh níos mó daoine ag baint úsáid as an idirlíon ag déanamh podchraoltaí agus ag poibliú na hábhair ar na bhfóraim plé ar líne cosúil le a dhéanaim. Táim ag caint faoin meáin pobail. Déanaim podchraoltaí le Raidió na Life agus rinne mé iad le NearFM. Ba mhaith liom má raibh daoine sa stáisiún raidió pobail go ginearálta ag déanamh an rud céanna!
Agus ag caint faoi seo beidh comhdháil (as Béarla cé go bhfuil NearFM go maith do cláir Gaeilge agus na teanga go ginearálta) ag Comharchumann Cumarsáide Pobal Bhaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh Teoranta nó mar is fearr aithne air an Near Media Co-Op sa Chúlóg faoi Na Meáin Cheartais Shóisialta amárach.

Social Justice Media | Examining the Evidence – Exploring the possible
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Is ceist an-oiriúnach é seo dona stáisiún raidió pobail atá an seimineár seo faoi sílim!

What is worth Archiving?- Near Media Co-Op / Comharchumann Cumarsáide Pobal Bhaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh Teoranta & CAPTCHA EU Culture Initiative & Dublin Community Forum

Is gaeilgeoir é cathaoirleach an seimineár agus ceannaire an Comharchumann Cumarsáide Pobal Bhaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh Teoranta Ciarán Murray nó Ó Muirí freisin agus mar a luaigh mé ar an snáth seo roimhe is póca mhaith do ghaeilgeoirí é an comharchumainn áirithe seo.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,304
Phoenix FM

Tá clár as Gaeilge ag príomhoide de ceann dena gaelscoileanna i mo mór cheantar Gráinne Uí Chaomhánaigh ar PhoenixFM- "Ag Caint le Gráinne". Is é seo sampla mhór den sórt nó cineál spiorad a ba mhaith liom níos mó a fheiceáil ó lucht na gaelscoileanna agus na Gaeilge go ginearálta ag an leibhéal áitiúil.

Ag Caint le Grainne- PhoenixFM | Mixcloud

Tá clár eile ar an stáisiún le Darran Breathnach múinteoir ó meánscoil áitiúil sa cheantar agus as mo eastáit céanna ar an stáisiún freisin.

Iris Anoir ar Twitter: https://twitter.com/IrisAnoir

Sílim go bhfuil cúpla (2-3) clár Gaeilge eile ar an stáisiún ach faraor níl mórán eolais agam fúthu. Tá leathanach mar seo a bhfuil ag RnaL ag teastáil chucu.

Raidio na Life- Cláracha
 
Last edited:

New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top