Stádas na Gaeilge san AE(An Eoraip)

Gael

Active member
Joined
Jan 9, 2004
Messages
162
Ach tá na toghcháin ag teacht.
...agus ta siad imithe anois agus léasadh faighte ag FF. B'fhéidir gurb é sin an fath le seo thíos:

Stádas na Gaeilge san AE

An Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Preasráiteas, 14 Iúil 2004
D'fhógair Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu go bhfuil an Rialtas le tús a chur le próiseas plé le Baillstát eile an AE agus le Coimisiún an AE d'fhonn stádas oifigiúil oibre a iarraidh don Ghaeilge san AE faoi Rialachán 1/1958 Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Is é an Rialachán an ionstraim dlíthiúil a rialaíonn córas teanga oifigiúil oibre de chuid Institiúidí an AE. Beidh an plé sin dírithe ar chomhaontú a fháil ar na módúlachtaí praiticiúla maidir leis an gcuspóir seo.


Comhghairdeachas le haon duine a bhí páirteach sna fheachtas! :D
 


sean1

Active member
Joined
Feb 22, 2005
Messages
104
Website
www.gaelport.com
Aontaím, a Ghael. I mo thuairmise féin tá sé soléir go bhfuil baint ag an iarratas leis na droch-torthaí a bhí orthu ag na toghcháin deireanach.

An bhfaca sibh an alt faoi STÁDAS san Irish Times inniu?

2 Meitheamh 2005, lth 12

Seo chuid den alt:
"Decision soon on Irish as official language"

"Irish could be approved as an official and working language of the EU within the next two week as part of a deal that would also enhance the status of languages such as Basque, Catalan and Luxemburgish....

EU officials said yesterday that the proposal satisfied Spanish concerns that Irish should not have its status enhanced without a move to recognise its own minority languages.

If the proposal is adopted, the new arrangments for the use of Irish in the EU would come into effect on January 1st, 2007."

Denis Staunton
 

Arnó

Member
Joined
Mar 22, 2005
Messages
27
Is céim ar aghaidh a bheadh anseo agus caithfidh muid ceilliúrtha éigin a bheith againn ar an 1 Eanair 2007(más sin é an dátá) chun fáíllte a chuir roimhe an cinneadh seo.
 

Gael

Active member
Joined
Jan 9, 2004
Messages
162
Stádas Oifigiúil don Ghaeilge

A Chara,

Is é seo a leanas preasráiteas ó Dháithí Mac Cárthaigh, Uachtarán
Chonradh na Gaeilge, maidir le cinneadh Pharlaimint an Aontais
Eorpaigh stádas oifigiúil oibre a thabhairt don Ghaeilge san AE.


Tar éis chinneadh Chomhairle na nAirí inniu tá an Ghaeilge ina teanga
oifigiúil oibre den Aontas Eorpach. Tá 20
teanga oifigiúil oibre eile ag an Aontas. Fáiltíonn Conradh na Gaeilge
roimh an gcinneadh stairiúil seo. Thíos tá
liosta de na mórimpleachtaí dearfacha, dar le Dáithí Mac Cárthaigh,
Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag
an stádas seo don Ghaeilge.

Tá mór-impleachtaí dearfacha ag an stádas seo do thodhchaí na Gaeilge
agus cuirfidh sé lena húsáid.

1. Eiseofar dlíthe an Aontais Eorpaigh i nGaeilge. Ní foláir
reachtaíocht na hÉireann a chur amach i nGaeilge agus
i mBéarla. Tagann 75% den dlí againne ón Eorap; anois tiocfaidh sé
chugainn sa dá theanga oifigiúla againn.

2. Bíonn postanna in institiúidí an AE oscailte do shaoránaigh an
Aontais a bhfuil 2 cheann (nó níos mó) de
theangacha oifigiúla an AE acu. Is acmhainn anois í an Ghaeilge ar
mhargadh fostaíochta na hEorpa.

3. Beidh cead Gaeilge a labhairt i bParlaimint na hEorpa.

4. Fostóidh an tAontas aistreoirí breise agus teangairí breise agus
beidh deiseanna fostaíochta ann dá réir do
Éireannaigh.

Íocfadh ciste aistriúcháin an AE (a chosnaíonn €3 an duine faoi láthair)
as an gcúram agus íocann Éire isteach sa
chiste sin pé scéal é.



Cén fáth go mbeidh oiread sin teangacha oifigiúla ag an AE agus cén fáth
go mbeadh Gaeilge, le lion réasúnta
beag cainteoirí, san áireamh?

Tá an tAontas bunaithe ar éagsúlacht cultúir, rud a fhágann an
t-ilteangachas ag croí-lár an Tionscnaimh Eorpaigh.
Agus tionchar an Aontais ar ár saol laethúil ag méadú, tá sé riachtanach
dá todhchaí go mbeidh an Ghaeilge in
úsáid i ngnóthaí an AE.

Féadfaidh institiúidí an AE a leagan síos ina gcuid rialacha féin cé acu
teangacha oifigiúla a mbainfear leas astu i
gcásanna áirithe. Ó lá go chéile, is iad gnáth-theangacha oibre
Choimisiúin na hEorpa, m.sh., ná Béarla, Fraincis
agus úsáid na Gearmáinise ag méadú léi freisin.

Baintear leas as teangacha “droichid” chun teangacha na náisiún beag a
aistriú; m.sh. aistrítear Mailtis go Béarla
agus ansin go Slóivéinis agus vice versa. Beidh a leithéid de leagan
amach oiriúnach don Ghaeilge.
 

green

Active member
Joined
Apr 21, 2003
Messages
136
Website
www.younggreens.ie
An bhfaca éinne ceannleathanach an Irish Examiner inniu? Alt i nGaeilge ag Harry McGee ar an gcinneadh seo air! Iontach ar fad an rud é a fheiceáil.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,294
Ní fheicim mór ciall leis an teanga a bheith fós mar teanga oifigiúil agus oibre den AE. Aontaím leis i suppose ach is beag an méid seirbhísí atá ann trí mheán na Gaeilge ann. Leis cúpla eagraíochtaí Gaeilge agus roinnt tacadóirí ag cur spotsolas ar an gceist seo, go háirithe an bhliain seo chugainn, ag lorg stádas iomláin san AE agus 180-300 poist nua táim i bhfad níos compordach le tada don Ghaeilge san AE ná sin. Is teanga beagnach marbh í an Ghaeilge lasmuigh dena Ghaelscoileanna agus roinnt pócaí sa Ghaeltacht agus tá sé suas linne sa bhaile chun í a chur os comhair sa phobail in Éirinn ar dtús.
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,294
Is é seo litir a d'fhoilsigh mé le déanaí. Nílim chun é a phlé sa meáin Gaeilge mar níl sé i gceist agam poiblíocht a thabhairt do na heagraíochtaí agus daoine ag cur an coincheap ar aghaidh. Is léir domsa agus sílim go beagnach chách go nach bhfuil seasamh san iomláin ciallmhar leo ag ní gá dom chun é sin a rá i ndíospóireachtaí mór poiblí leo. Polasaithe fantasy world is i gceist.

Irish in the EU-Gaeilge san AE
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,569
Is é seo litir a d'fhoilsigh mé le déanaí. Nílim chun é a phlé sa meáin Gaeilge mar níl sé i gceist agam poiblíocht a thabhairt do na heagraíochtaí agus daoine ag cur an coincheap ar aghaidh. Is léir domsa agus sílim go beagnach chách go nach bhfuil seasamh san iomláin ciallmhar leo ag ní gá dom chun é sin a rá i ndíospóireachtaí mór poiblí leo. Polasaithe fantasy world is i gceist.

Irish in the EU-Gaeilge san AE
Is dona liom go bhfuil tú i gcoinne fhostaíocht lucht na Gaeilge, nó is dóigh fostaíocht teangairí go coiteanta! :-(
 

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,294
Tá mé i bhfabhar na seirbhísí agus fostaíochta ab fhearr do na dhaoine is bochta agus faoi míbhuntáiste san AE ní ag caitheamh na milliúin euro ar aistritheoirí nuair nach bhfuil éileamh nó éileamh suntasach orthu.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,569
Tá mé i bhfabhar na seirbhísí agus fostaíochta ab fhearr do na dhaoine is bochta agus faoi míbhuntáiste san AE ní ag caitheamh na milliúin euro ar aistritheoirí nuair nach bhfuil éileamh nó éileamh suntasach orthu.
Éilímse iad, agus mar fhostaíocht, ba bhreá liom seal a bhaint as féachaint an oirfeadh sé dom mar phost.

Ní hé go bhfuil postanna Gaeilge ar fhlúirseacht.
 

An Coileán

Well-known member
Joined
Aug 12, 2012
Messages
355
Is annamh go mbíonn suim i measc an phobal in aon rud atá déanta san Eoraip, i nGaeilge nó i mBéarla. Tá i bhfad níos mó i gceist ná freastal ar éilimh ón phobal. Baineann sé le stádas, an bhfuilimid á rá gur cheart d'fheisirí ón Laitvia Laitvis a labhairt i bParlaimintna hEorapa (agus muide ag íos as) ach níor cheart d'fheisirí ón Éirinn Ghaeilge a labhairt? An bhfuilimid á rá gur cheart don phobal san Íseal Tír eolas a fháil ón AE trí teanga náisiúnta is atá acu, ach níor cheart don Éireannach? An cheart go mbeidh na dlíthe atá ag teacht ón Eorap bheith i mBéarla amháin dúinn? An bhfuilimid á rá nach bhfuilimid ag iarraidh go mbeidh postanna iontacha trí Gaeilge ar fáil dóibh siúid atá ag fáil oideachas trí mean na Gaeilge faoi lathair? Cén fáth nach mbeidh muid ag iarraidh an stádas chéanna a bheith ag ár theanga náisiúnta is atá ag teanga náisiúnta de chuid gach ball stát eile? Cén fáth nach mbeidh muid mar pobal ag iarraidh stádas iomlán don Ghaeilge? Más rud é gur chóir dúinn Béarla a labhairt san AE, an cheart dúinn Béarla a labhairt sa bhaile? Lénár bPástaí? Anseo fiú?
 
Last edited:

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,294
Léigh mé cúpla tuairiscí ansin ó cúpla bhliain ó shin agus dúradar go bhfuil 50 aistritheoirí Gaeilge san AE. Tá súil agam nach bhfuil. Níl a fhios agam cén saghas obair atá ar bun acu má tá. Aontáim le idir 10-15 dóibh agus ní a thuilleadh agus más fíor atá na tuairiscí sin tá mé i bhfabhar deireadh a chur do fhórmór den obair/obair ainmniúl atá ar bun acu. Arís táim sásta go bhfuil an Ghaeilge mar teanga oifigiúil den AE agus táim sásta go mbeadh 10-15 aistritheoirí ach sílim gur rud aimaideach é níos mó ná sin a bheith ann ag aistriú rudaí gan éileamh. Bfhéidir má raibh suim gníomhach ag formhór na ngaeilgeoirí sa dtír sa Ghaeilge bheadh cúrsaí níos fearr ann ach níl a lán suim ag formhór na ngaeilgeoirí sa Ghaeilge, san AE ná sa pholaitíocht. Caitheamh aimsire beag is ea í amháin dóibh siúd go ginearálta a ndeireann go bhfuil suim acu inti agus sa chur chuige. Tá formhór na ngaeilgeoirí sa dtír ní dáirire faoi a cur chuige, san AE san áireamh.
 

duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,569
Léigh mé cúpla tuairiscí ansin ó cúpla bhliain ó shin agus dúradar go bhfuil 50 aistritheoirí Gaeilge san AE....... Aontáim le idir 10-15 dóibh agus ní a thuilleadh .......
Sea, tá fhios againn go bhfuil tú i gcoinne fostaíocht lucht na Gaeilge, agus ag an am chéanna, más fíos do thagairtí ar snáth eile, ós rud é go bhfuil tú ar son mataí agus "fáilte" scríte orthu, tá tú ar son fhostaíocht sna bólaí ina ndéantar iad, an tSín, b'fhéidir.

Is ait an mac thú gan aon agó :-(
 


Popular Threads

Most Replies

Top