Stádas na Gaeilge san AE(An Eoraip)

DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
Níl ach airgead beag i gceist i leith na mataí. Tá airgeadh mhór i gceist maidir le 30+ aistritheoirí sa bhreis a fhostú. Má raibh éileamh don obair bheadh mé ag cuidiú leis na postanna sin ach nílim in ann a fheiceáil an t-éileamh don obair sin.
 
duine n

Moderator
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,622

Mar a dúirt mé leat cheana, ar chúis éigin is mór agat airgead, cé nach bhfuil tusa á gcaitheamh agus is beag leat fostaíocht, cé go mbaineann sé go díreach le lucht na Gaeilge.

Sílim fhéin gur b'fhearr le lucht na Gaeilge post le Gaeilge ná mata agus Gaeilge scríte air
 
duine n

Moderator
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,622
Ag obair air rudaí gan éileamh = amaideach go háirithe nuair a bheadh an airgead in ann á chaitheamh ar rudaí níos fearr a bheadh ag cuidiú le daoine ag coinneáil daoine beo san áireamh.
Sea. Rinne sinn an argóint seo freisin.

Tá éileamh agamsa air + ba mhian liom seans bheith i m'aistritheoir.

Cé mhéad daoine a choinneofá beo muna raibh an tAE ann? Cé mhéad daoine a choinneofá beo muna raibh monarcha na mataí ann?

Dar ndóigh, ní bhaineann siad le hábhar. Scéal Iúdais é nuair a chuir sé an cheist ar Íosa nuair a dhoirt an bhean ungadh costasach ar chosa Íosa : nárbh fhearr an t-airgead a úsáid do na bochtáin? Ach tá a luach fhéin ag baint le gach beart.

Ná bíse i d'Iúdas: bíse i d'Íosa: croí mór i leaba croí cúng. :)
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
Last edited by a moderator:

Seo sampla maith den chaoi ina bhfuil ceist ar son na Gaeilge do a lán gaeilgeoirí an-cosúil le ceist 'ar son na beatha'. Tá an saghas dearcadh céanna agaibh ar na dhá ábhair difiúil. Gach rud dubh nó bán agus gan aon dathanna.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
Tá mé ar son beatha na Gaeilge :)
Tá agus gan sásta plé go hintleachtúil ar son na Gaeilge trí mhéan an Bhéarla cíbe faoi obair a dhéanamh ó thaobh feicealaíocht dí i do phobail féin.
 
duine n

Moderator
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,622
Tá agus gan sásta plé go hintleachtúil ar son na Gaeilge trí mhéan an Bhéarla cíbe faoi obair a dhéanamh ó thaobh feicealaíocht dí i do phobail féin.
Bhal, ar an suíomh seo, tá níos mó daoine ag seasamh ceart na Gaeilge i dteanga Shakespeare ná mise im aonar ag cur feiceáltacht teanga Uí Bhruadair in airde :)
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
Bhal, ar an suíomh seo, tá níos mó daoine ag seasamh ceart na Gaeilge i dteanga Shakespeare ná mise im aonar ag cur feiceáltacht teanga Uí Bhruadair in airde :)
Sea bfhéidir go bhfuil cás an fíor-Ghael caillte agus táim dáirire faoi sin agus mar sin tá seasamh ar son polasaithe craiceáilte níos dochreidthe arís go háirithe polaisaithe sean-aimseartha cosúil leis an polasaí Gaeilge ó thaobh a bheith pás sa Ghaeilge agat chun freastal ar coláistí NUI. Ní theastuaím a bheith ag plé faoi ábhair Gaeilge eile lasmuigh de Gaeilge san AE ar an snáth seo ach tá sé léir domsa go bhfuil a lán fantasaíocht Gaeilge amuigh ansin i measc cúpla nó roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus uimhir suntasacha de cainteoirí Gaeilge. Caithfear é sin a aithint.
 
Cad is "cás an fíor-Ghael" ann?
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
D'ár ndóigh. Breathaíonn roinnt gaeilgeoirí go bhfuil siad mar fíor-Gaeil. Tá an cás sin, an cás gaelach 100%, caillte sa phobail. Is cuid de ár gcultúr (oidhreacht don cuid is mó) í an Ghaeilge ní mar bunús do ár gcultúr agus cuirim gach gaeilgeoir san áireamh. Má shíleann aon daoine go a mhalairt atá ann abair é sin agus sibh ag labhairt amach ós ard trí meán na Gaeilge i dTeach McDonalds ar Sráid Uí Chonaill ar 1.00 ar maidin Dé Shathairn nó Dé Domhnaigh. Tá a lán fadhbanna ann ó thaobh na Gaeilge a bheith a chur chun cinn sna bealaí is fearr agus is leithne agus tá fantasaíocht Gaeilge mar fhadb mhór i measc ná fadbhanna sin agus mar fhadbh atá fós againn sa lá atá inniu ann agus fós a gcruthú droch-thoil ó a lán daoine sa phobail.
 
Ní fheicim go bhfuil baint anseo le stádas na Gaeilge san AE!

Gach uair a mbíonn tú ar an táirim seo, smaoiním ar an bhfoireann peile sa bhaile. Dá mbeadh tusa ina bun déarfá leo go bhfuil cás na peile caillte sa phobail. . Déarfá go bhfuil a lán fadhbanna ann sa pheil ach go bhfuil uaillmhian na bpeileadóirí ar an fhadhb is mó acu agus go bhfuil an uaillmhian seo ag cothú droch-thoil ó a lán daoine sa phobail.

Déarfainn fhéin nár cheart duit bheith i mbun foireann peile. Is duine éadóchais thú. Labhrann tú go duairc. Is eol dúinn go bhfuil go leor éadóchais agus duaircis cheana féin sa saol. Ná cuir leo. Cuir ina n-aghaidh le dóchas agus suairceas. Sin dualgas an duine, nó titfidh sé in umar na h-aimléise, mar is dóigh liom, a thiteann tusa go minic.

Éirí i do sheasamh, a mhic, croith an clábar ded chuid éadaigh, buail ar aghaidh go dána beag beann ar achasáin an phobail. Bí dílis duit fhéin. Más Gael thú, bí Gaelach.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
Níl cúis Gaeilge amháin agus gach rud a iarraidh is cuma faoin gcostas air. Sílim go féidir an costas ó thaobh na haisitheoirí níos fearr á chaiteamh ag coinneáíl daoine beo san Aifric agus i dtíortha i mbéal forbartha eile agus ar bealaí eile laistigh den AE. Sílim ag caint faoi fantasaíocht go bhfuil cúrsaí san AE anois ó thaobh aistritheoirí Gaeilge ag cruthú méid suntasach droch-thoil ó a a lán daoine sa phobail. Tá na Gaeilge a chur chun cinn go haontaithe níos tábhachtach ná é a chur chun cinn ag freastal ar uimhir beag cainteoirí Gaeilge amháin.
 
duine n

Moderator
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,622
. Tá na Gaeilge a chur chun cinn go haontaithe níos tábhachtach ná é a chur chun cinn ag freastal ar uimhir beag cainteoirí Gaeilge amháin.
Cad is brí leis sin? agus ar mhaith leat sampla a thabhairt i dtaca le teanga ar bith eile a ndearna ath-réimiú air?
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
Níl tú nó sibh ag tógáil formhór na ndaoine libh ó thaobh na postanna seo. Tá meon na ndaoine agus an íomhá don dteanga ó thaobh tacaíocht Stáit níos tábhachtach ná roinnt postanna do na bhuachaillí agus cailiní- agus iad ag obair gan gá nó éileamh ar a chuid oibre don cuid is mó. Mar a dúirt mé leat ar snáth eile faoi seo, i ndíospóireacht 'gach rud nó tada don Ghaeilge' san AE (agus cuirim an status quo san áireamh má tá i ndáirire níos mó ná 15 aistritheoirí lánaimseartha Gaeilge ann anois) rachaidh mé agus formhór na ndaoine le tada. Seans mhaith déarfainn nach mbeidh athnuachán ar an stádas oifigiúil agus oibre dí tar éis an díospóireacht seo.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
Tá na Gaeilge a chur chun cinn go haontaithe níos tábhachtach ná é a chur chun cinn ag freastal ar uimhir beag cainteoirí Gaeilge amháin.
Cad is brí leis sin? agus ar mhaith leat sampla a thabhairt i dtaca le teanga ar bith eile a ndearna ath-réimiú air?
Is fíor-bheag an difir atá na haistitheoirí ag déanamh ar son na Gaeilge. Tá an ciste €1 milliún ó thaobh téarmaíocht fiúntach agus is maith liom (go pearasanta, is cúma le tromlach na ngaeilgeoirí) go bhfuil leagan Gaeilge den shuíomh gréasáin lárnach an tAE agus leathanach Gaeilge Twitter don bParliament. Ní feicim gá don rud nua atá againn (agus go leor aistritheoirí Gaeilge ag obair air déarfainn) sé sin leathanach Gaeilge do an Comhairle Eorpach.

Cruthaíonn fantasaíocht Gaeilge ar nós a lán (in áit líon bheag) aistritheoirí Gaeilge a bheith ag obair go lánaimeartha ar aistriuchán Gaeilge seo droch-mhéin ó a lán daoine sa phobail dona dhaoine seo agus do cur chun cinn na Gaeilge.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
13,810
Smaoiním ar Mhartín Ó Cadhain mar dhuine. Anois an ndearna seisean difir don Ghaeilge riamh?
Bfhéidir do shaibhreas na teanga ach ní do cur chun cinn na dteanga lasmuigh den nGaeltacht.
 
ger12

Well-known member
Joined
Feb 25, 2011
Messages
47,680
Bfhéidir do shaibhreas na teanga ach ní do cur chun cinn na dteanga lasmuigh den nGaeltacht.
recte: B'fhéidir do shaibhreas na teanga ach ní do chur chun cinn na teanga lasmuigh den Ghaeltacht.

Más fiú í a scríobh, is fiú í a scríobh i gceart!
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top Bottom