Stephen Fry ar Ros na Rún

gijoe

Well-known member
Joined
Jul 26, 2010
Messages
15,206
Cuirfidh sé seo sceitiminí ar lucht na Gaeilge uilig, ach tá Journal.ie ag tuairisciú go bhfuil Stephen Fry ag foghlaim na Gaeilge faoi choinne róil a bheidh aige ar Ros na Rún.

Stephen Fry learns Irish for part in Ros na Rún · TheJournal.ie

[mod]Tá an phostáil seo arna haistriú ó Bhéarla go Gaeilge ag modhnóir. Tá an bunleagan le feiceáil thíos ach é a aibhsiú.[/mod]

This will get all the gaelgoiri in a twist but the Journal.ie is reporting that Stephen Fry is learning Irish for a role he will be playing in Ros na Run.
 
Last edited by a moderator:

LiamORaiste

Member
Joined
Aug 6, 2003
Messages
95
Website
igaeilge.wordpress.com
Nach ait gur féidir le Stephen Fry an Ghaeilge a fhoghlaim chun dul ar Ros na Rún ach nach feidir le GI Joe amhlaidh a dhéanamh chun postáil anseo.

Isn't it strange that an Englishman, Stephen Fry, is willing to learn Irish for a role in Ros na Rún but GI Joe thinks it's ok to post in English here. Maith thú Stephen.....
 
fluffykontbiscuits

Well-known member
Joined
Jul 7, 2010
Messages
7,063
Dia aistritheoir google. Tá mé ag smaoineamh ar cad a rá leis an lucht labhartha na Gaeilge nuair a chloiseann siad an scéal?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,464
Bhal, sílim nach raibh fhios agam go raibh ganntanas aisteoirí in Éirinn.
 
picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
20,659
Tá Stephen i gConamara inniú fá choinne an chláir a scannánaigh. Chuir sé teachtaireachtaí éagsúla chuig lucht leanúna s'aige ag Twitter. Ní amháin gur olc a chuid litriú Ghaeilge ach tá a chuid litriú Bhéarla ag dul chun donais chomh maith. B'fhéidir go bhfuil sé ar meisce. ;)

Maith thú a Stíofáin. Bain sult as!

An dtiocfadh le mhódnóir cur Gaeilge ar theideal an tsnátha. GRMA.
 
Last edited:

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Bhal, sílim nach raibh fhios agam go raibh ganntanas aisteoirí in Éirinn.
Go bhfios dom, is éard is bun leis a scéal seo nó tionscnamh nua teilifíse de chuid Fry ar theangacha mionlaigh. Dá dheasca sin chuaigh sé ar chuairt chuig Gaeltacht Chonamara chun cás na Gaeilge a fhiosrú, agus é ann tugadh cuireadh dó páirt a ghlacadh i Ros na Rún. Níl ach mionpháirt aige dar ndó'.

Anois céard a dhéanfas mé le bodach na postála oscailte?
 
Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Táim ag súil le Stephen Fry a fheiceáil ar Ros na Rún, sin dhá mhilliún duine eile le cur amach ar an nGaeilge acu anois - leantóirí Fry ar twitter. Cruthóidh sé seo míréir chognaíoch ollmhór i measc lucht Anglabhách/Gaelfóbach na tíre : ).
 
picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
20,659
An bhfuil a fhios ag éinne cá huair a craolfar an t-eagrán seo? Caithfidh mé a admháil nach breathnóir Ros na Rún atá ionam. :oops:
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Tá cuid de na meáin (agus an pobal) ag dul thar fóir leis an scéal seo.

Is maith an rud go bhfuil Ros na Rún oscailte do leithéide Fry agus míneoidh sé aríst go bhfuil sealbhú an teanga indéanta ach ní maith liom ag amharc ag an sclábhaí ag fanacht ar imprimatur an Máistir.

Tá Gaeilge ok anois mar dúradh i Londain go bhfuil. :rolleyes:
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,464
Tá cuid de na meáin (agus an pobal) ag dul thar fóir leis an scéal seo.

Is maith an rud go bhfuil Ros na Rún oscailte do leithéide Fry agus míneoidh sé aríst go bhfuil sealbhú an teanga indéanta ach ní maith liom ag amharc ag an sclábhaí ag fanacht ar imprimatur an Máistir.

Tá Gaeilge ok anois mar dúradh i Londain go bhfuil. :rolleyes:
Huth?
 
An rud é gur Sasanach é Stíofáin? Is cuma - beidh mise ag coinneáil súile ar Ros na Rún go ceann tamall.
 
18 Brumaire

Well-known member
Joined
May 18, 2007
Messages
474
Tá cuid de na meáin (agus an pobal) ag dul thar fóir leis an scéal seo.

Is maith an rud go bhfuil Ros na Rún oscailte do leithéide Fry agus míneoidh sé aríst go bhfuil sealbhú an teanga indéanta ach ní maith liom ag amharc ag an sclábhaí ag fanacht ar imprimatur an Máistir.

Tá Gaeilge ok anois mar dúradh i Londain go bhfuil. :rolleyes:
Ni hé sin é. Ach is é go bhfuil Gaeilge ok i gach háit seachas Éire gallda.
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top