Tá polaitíocht na tíre seo lofa.

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
I bhfianaise ar an méad míthapa a bhain don stát seo, in ainneoin nach bhfuil sé ar an bhfód ach le beagnach 90 bliain, níl sé deacair a aithint, go bhfuil, mar adeirtear rud éigin lofa i stát is i bpolaitíocht na hÉireann.

Is í an cheist achrannach ná céard é is cé chaoi é a leigheas? An rud é a bhaineann le geineolaíocht mar a thugann an Col. Ó Muirí le fios, nó an mbaineann sé leis an gcóras polaitiúil féin. Is cinnte go bhfuil Dáil Éireann, ar maos le bodaigh atá leithliseach, ar í an chloch is mó ar a bpaidrín ná a thoghcheantar áitiúil féin, is nach minic a smaoiníonn ar leas na tíre uilig, in éineacht le beagán eile i ngach pairtí atá cumas de shaghas acu ach seans nach bhfuil a dhóthain.

Dhéarfá liom gurb iad rogha an phobail iad, is gurbh in aigne an daonlathais, ach is mór atá tionchar an phairtí le feicéail orthu, ós iad a shocraíonn cé a chuirtear ós cionn an phobail sin, is ní minic ar chumas nó ar intleacht a roghnaíonn siad na daoine sin, ach ar ghnaoi an phobail, agus ar ábaltacht vóta a bhailiú. An ceart go mbeadh ionadh orainn, ós rud é go roghnaítear gach iarratasóir ar bonn toghcheantair áitiúil, go n-ainmneofaí is go dtoghfaí iarratsóirí ní ar bonn an leasa náisiúnta, ach ar bonn cúinsí áitiúla.

Nach bhfuil an leigheas le fáil mar sin i gcóras liosta, nó córas toghcheantair measctha le córas liosta, ina bhféadfá polaiteoirí a roghnú as a chumas sclaigeanna bóthair a smúdáil, chomh maith le polaiteoirí a mbeadh de chumas acu an tír ina iomlán a fhollamhnú is a bhainistiú i gceart. Sin a bhfuil acu i dtíortha na Mór-Roinne don chuid is mó, fiú i gComhdháil na hAlbain, tá líon airithe polaiteoirí iontu nach cás leo toghcheantair, ach leas na tíre amháin. Nach lán mithid a aithint, ós rud é gur tír beag muid, nach féidir linn córas toghcheantair na Breataine a úsaid, a bhfuil rogha níos leithne polaiteoirí ar fáil don phobal, is dá bhrí, tá sé i bhfad níos éasca teacht le duine a bhfuil gnaoi an phobail air, ach a bhfuil cumas láidir aige le go gcuirfidh sé leas na tíre chun tosaigh ar leas an toghcheantair.

Nó an bhfuil moladh eile ag éinne?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,485
Níl mise ar aon aigne leat.

Chlis ar an Ioslann agus ar an nGréig agus ar an Laitbhe romhainn, agus cá bhfios cé bhíos in ár ndiaidh; agus tá córais dhifriúla acu uile.

Mar sin, b'fhéidir go bhfuil ábhar galair amuigh ansin a thrúig sinn uile in ár dtráth.

Ach ar an duine lag a luíonn galar sa chéad áit. Tá ár laigí againn. Cad iad?

Tagaim leat gur tírín beag Éire ; ach go raibh sí ag iarraidh dul leis na boic móra; cíbé rud a bhí acu, bheadh sé ag Éirinn fosta. Ní dheara aon pleanáil, ní dhearna plé, ní dheara meá stuama ar cá raibh ár dtriall.

Poiliteoiríní bheaga nach bhfuil fadcheann orthu atá againn. Iad éagumasach míéifeachtúil séacleach.

Ach cé a chuir in áit na cumhachta iad, ach pobal éaganta na hÉireann. Iad dall ag an scagall ar an sráid, ar acu ór é, go gcaillfidh siad an féachaint rompu, agus go mbaintear tuisleach astu.

Cad a mholfainn? Monuar, níl fhios agam cad é mar a thabharfá aibíocht ar dhaoine gur cuma leo, nach léann na comharthaí roimhré, agus ar a mbíonn iontas an domhain orthu nuair nach éiríonn an saol leo.

Múinfidh an saol dúinn, má mhúintear!
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Níl mise ar aon aigne leat.

Chlis ar an Ioslann agus ar an nGréig agus ar an Laitbhe romhainn, agus cá bhfios cé bhíos in ár ndiaidh; agus tá córais dhifriúla acu uile.

Seans go bhfuil, ach ní hionann é sin is a rá go raibh na lochtanna céanann céanna orthusan, is atá orainne. Tá a nósanna féin ag gach aon mhac máthair, is is cinnte nach n-oibríonn córas i dtír amháin chomh héifeachtach is a oibríonn sé i dtír eile. Muna n-oibríonn sé in Éirinn seans go n-oibreoidh sé san Íoslainn nó sa Ghréig agus a mhalairt, ach ní hionann é sin is a rá nach cóir dúinn triail a bhaint as.

Mar sin, b'fhéidir go bhfuil ábhar galair amuigh ansin a thrúig sinn uile in ár dtráth.

Ach ar an duine lag a luíonn galar sa chéad áit. Tá ár laigí againn. Cad iad?

Tagaim leat gur tírín beag Éire ; ach go raibh sí ag iarraidh dul leis na boic móra; cíbé rud a bhí acu, bheadh sé ag Éirinn fosta. Ní dheara aon pleanáil, ní dhearna plé, ní dheara meá stuama ar cá raibh ár dtriall.

Poiliteoiríní bheaga nach bhfuil fadcheann orthu atá againn. Iad éagumasach míéifeachtúil séacleach.

Ach cé a chuir in áit na cumhachta iad, ach pobal éaganta na hÉireann. Iad dall ag an scagall ar an sráid, ar acu ór é, go gcaillfidh siad an féachaint rompu, agus go mbaintear tuisleach astu.
Sin an rud atá mé ag iarraidh dúán a chur ann. Cén fath go roghnaímid na daoine seo, agus don chuid is mó is é an freagra a gheobhaidh tú air sin, ná go ndéanann siad maitheas don phobal a dtoghann iad. Anois, tá lochtanna móra ar JHR mar theachta dála, ní dóigh liom go dtuigeann sé fiú an ghéirchéim atá orainn i láthair na huaire, ach is cinnte go n-oibríonn sé go dian ar son a thoghcheantair. Ní cás leis cúrsaí an domhain mhóir, gheobhaidh sé na vótaí a fhad is a thugann sé aire dá chomharsain. Caithimid cur ina luí ar dhaoine nach iad rudaí aitiúla, cúinsí toghcheantair na clocha is mó ar a bpaidrín in am toghcháin, ach cúinsí is ábhair náisiúnta. Is é an bealach is fearr chun é sin a dhéanamh ná córas liosta a chur ar siúl, ina dtoghtar daoine ar bonn náisiúnta, is ní ar bonn áitiúil, faoi mar atá molta ag Fionntán Ó Tuathail, nó córas leath agus leath, inar féidir riachtanaisí áitiúla a chomhlíonadh chomh maith le riachtanaisí náisiúnta.

Toisc gur daonlathas é, ní hionann é sin is a rá nach féidir an córas a athrú chun an toradh is fearr a bhaint as.

Cad a mholfainn? Monuar, níl fhios agam cad é mar a thabharfá aibíocht ar dhaoine gur cuma leo, nach léann na comharthaí roimhré, agus ar a mbíonn iontas an domhain orthu nuair nach éiríonn an saol leo.

Múinfidh an saol dúinn, má mhúintear!
Tá súil agam, má chuireann tú rogha níos fearr ar fáil do dhuine, go ndéanfaidh sé cinneadh atá níos fónta agus níos iomláine. Ní féidir an milleán ar fad a chur ar an bpobal amháin, is féidir é a chur a lucht a ainmníonn na hiarratsóirí, agus na spriocanna atá acusan nuair a dhéanann siad an t-ainmniú sin.
 
Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Aontaím le triail a bhaint as córas liosta, tá géarghá le hathruithe. Tá níos mó leasuithe ag teastáil-

Ba cheart go mbeadh sé mídleathach do TD a bheith ag stocaireacht ar son vótóirí le comhairlí contae nó ranna rialtas, fág an obair sin ag na comhairleoirí áitiúla agus tabhair níos mó cumhachta chuig na comhairleoirí.

Maidir le JHR agus a leathbhádóirí, tá na meáin ró-bhog orthu, cinnte is féidir leis cúpla bóthar a dheisiú i gCiarraí Theas, ach cad faoi na daoine dífhostaithe ann, tá an locht air de bharr an praiseach a rinne an rialtas den gheilleagar mar atá ar na teachtaí eile.

An rud is tábhachtaí áfach ná go mbeadh sé mídleathach do chomhlacht, ceardchumann nó daoine aonair airgead thabhairt do pháirtithe, ba cheart iad a mhaoiniú le hairgead an státchiste amháin.
 
Suimiúil ach cé chaoi a shocrófá ar ché a dtabharfá airgead dó nó dí?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,485
+Seans go bhfuil, ach ní hionann é sin is a rá go raibh na lochtanna céanann céanna orthusan, is atá orainne.
-Sin a dúirt mé. Tá ár laigí fhéin againn

+Tá a nósanna féin ag gach aon mhac máthair, is is cinnte nach n-oibríonn córas i dtír amháin chomh héifeachtach is a oibríonn sé i dtír eile.
-Tagaim leat

+ Muna n-oibríonn sé in Éirinn seans go n-oibreoidh sé san Íoslainn nó sa Ghréig agus a mhalairt, ach ní hionann é sin is a rá nach cóir dúinn triail a bhaint as.
- Is fearr fios a bheith agat ar cad é an galar agus laige an othair sula mbaineann tú triail as cóir leighis

+Sin an rud atá mé ag iarraidh dúán a chur ann. Cén fath go roghnaímid na daoine seo, agus don chuid is mó is é an freagra a gheobhaidh tú air sin, ná go ndéanann siad maitheas don phobal a dtoghann iad.
-Déarfainn má fhiafraíonn tú é sin ar míle dhuine go bhfaighfidh tú freagra is míle

+ Anois, tá lochtanna móra ar JHR mar theachta dála, ní dóigh liom go dtuigeann sé fiú an ghéirchéim atá orainn i láthair na huaire, ach is cinnte go n-oibríonn sé go dian ar son a thoghcheantair.
-Óicé!

+ Ní cás leis cúrsaí an domhain mhóir, gheobhaidh sé na vótaí a fhad is a thugann sé aire dá chomharsain.
-Chead ag lucht a thofa é sin, dar ndóigh. If fearr leo an deisiú bóthair ná go néireodh a gclann is clanna na gcomharsan sa saol

+Caithimid cur ina luí ar dhaoine nach iad rudaí aitiúla, cúinsí toghcheantair na clocha is mó ar a bpaidrín in am toghcháin, ach cúinsí is ábhair náisiúnta.
- Tagaim leat ach mar a dúirt mé, níl fhios agam cad a spreagadh aibíocht i ndaoine

+ Is é an bealach is fearr chun é sin a dhéanamh ná córas liosta a chur ar siúl, ina dtoghtar daoine ar bonn náisiúnta, is ní ar bonn áitiúil, faoi mar atá molta ag Fionntán Ó Tuathail, nó córas leath agus leath, inar féidir riachtanaisí áitiúla a chomhlíonadh chomh maith le riachtanaisí náisiúnta.
- Ach cad é mar a athródh sin aon rud? Is cuma má cuireann tú an bainne sa chupán i ndiaidh an tae nó roimhe, is tae a bhéas agat!

+Toisc gur daonlathas é, ní hionann é sin is a rá nach féidir an córas a athrú chun an toradh is fearr a bhaint as.
- Ní thuigim an pointe anseo.

+Tá súil agam, má chuireann tú rogha níos fearr ar fáil do dhuine, go ndéanfaidh sé cinneadh atá níos fónta agus níos iomláine.
-Fós, ní fheicim gur "rogha níos fearr" é seo, ach rogha eile; agus cad é mar a chinnfeadh duine an bhóta bheith ní b'fhónta agus ní b'iomláine dá thoradh?

+ Ní féidir an milleán ar fad a chur ar an bpobal amháin, is féidir é a chur a lucht a ainmníonn na hiarratsóirí, agus na spriocanna atá acusan nuair a dhéanann siad an t-ainmniú sin.
- Tagaim leat, ach má spreagann an pobal dearcadh úr poilitíochta, nach fíordhaonlathas é sin?
 
picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
20,659
Chonaic mé agallamh le F O'T ar Hearts and Minds (clár polaitiúil de chuid BBC NI) níos luaithe. Bhí sé ag tabhairt amach faoi easpa an daonlathais sa tír. Fiafraíodh de Fhionntán an mbeadh sé toilteanach a chuid smaointe féin a chuir faoi bráid mhuintir na h-Éireann mar iarrthóir san olltoghchán. D'freagair sé nach mbeadh.

Cuir Gaeilge ar 'hypocrite'.
 
Last edited:

Cad é an pointe agat, a Phic?

Níl tráchtaire poilitíochta sásta dul le ceird eile, mar sin, níl an phoilitíocht lofa?
 
Joeyjoejoe

Well-known member
Joined
Jun 22, 2006
Messages
545
Suimiúil ach cé chaoi a shocrófá ar ché a dtabharfá airgead dó nó dí?
Níl a fhios agam, córas bunaithe ar líon na mball cláraithe b'fhéidir, is cinnte gur féidir teacht ar chóras nua nach mbeidh chomh éillitheach [grma focail.ie : )] leis an gceann atá againn faoi láthair.
 
picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
20,659
Cad é an pointe agat, a Phic?

Níl tráchtaire poilitíochta sásta dul le ceird eile, mar sin, níl an phoilitíocht lofa?
Tá ceart ag Fionntán maidir leis an chuid is mó dá cáintí den corás polaitiúil. Agus thug sé moltaí maith éigin ar aird fá choinne an corás a athchoiriú. Ach níl sé toilteanach rud ar bith a dhéanamh ar son na cúise seachas eisiúint focal breá óna thúir ard.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,485
Tá ceart ag Fionntán maidir leis an chuid is mó dá cáintí den corás polaitiúil. Agus thug sé moltaí maith éigin ar aird fá choinne an corás a athchoiriú. Ach níl sé toilteanach rud ar bith a dhéanamh ar son na cúise seachas eisiúint focal breá óna thúir ard.
Más fíor do thuairim a Phc, níl cead ag aon duine aon rud a rá muna bhfuil sé sásta agus cumasach a sharú!

Ru! Ní thig liom tuairim a thabhairt ar an aimsear, muna bhfuil mé in inmhe aimsear níos fearr a chur ar fáil?

Ní thig liom drochbhlas a fhógairt ar bhia, muna bhfuil cócaireacht agam?

Ní thig liom ceolteoir a cháineadh muna bhfuil mé im cheolteoir níos fearr?

Is iontach an ceann atá ort, a Phic!, ach dar ndóigh, níl cead agat rud éigin a rá faoi FÓT muna bhfuil tú id thráchtaire níos fearr
 
picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
20,659
Más fíor do thuairim a Phc, níl cead ag aon duine aon rud a rá muna bhfuil sé sásta agus cumasach a sharú!

Ru! Ní thig liom tuairim a thabhairt ar an aimsear, muna bhfuil mé in inmhe aimsear níos fearr a chur ar fáil?

Ní thig liom drochbhlas a fhógairt ar bhia, muna bhfuil cócaireacht agam?

Ní thig liom ceolteoir a cháineadh muna bhfuil mé im cheolteoir níos fearr?

Is iontach an ceann atá ort, a Phic!, ach dar ndóigh, níl cead agat rud éigin a rá faoi FÓT muna bhfuil tú id thráchtaire níos fearr
Nach bhfuil tú ag tabhairt 'hypocrite' ormsa, a dhuine!? ;)

An rud atá ann dar liomsa - más maith le Fhionntán a chuid moltaí a chur i bhfeidhm cén doigh a mbeartaíonn sé lena dhéanamh toisc nach athreoidh sé a dhath ag scriobh altanna don Irish Times?
 
picador

Well-known member
Joined
Feb 19, 2009
Messages
20,659
Dá raibh mé ag béarlóireacht, ní sheachnóinn é. :)

Nach bhfuil rud ar bith le rá agat i dtaobh poilitíocht na lofachta?
Mar a dúirt mé cheana féin aontaím le Fhionntán maidir leis gá na n-athruithe don chóras láithreach.
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
- Ach cad é mar a athródh sin aon rud? Is cuma má cuireann tú an bainne sa chupán i ndiaidh an tae nó roimhe, is tae a bhéas agat!
-Chead ag lucht a thofa é sin, dar ndóigh. If fearr leo an deisiú bóthair ná go néireodh a gclann is clanna na gcomharsan sa saol
Go bunúsach, a dhuine n, agus an pointe seo déanta agam tríd síos, má athraíonn tú an córas go córas liosta, ní bheidh cúrsaí áitiúla san áireamh. Ní bheidh an lucht sin freagrach ach as cúrsaí náisiúnta amháin. Má bhainimid an fhreagracht de pholaiteoirí náisiúnta, bóithre a dheisiú, ní thoghfar iad ar an mbonn go ndeisíonn siad bóithre. Ach dá gcuirimis de chúram orthu a bheith freagrach as cúrsaí náisiúnta amháin, ba í a n-eifeacht chuige sin an bhonn ar a dtoghfaí iad! Tá sé chomh simplí leis sin.
 
Dar ndóigh, níl lá loicht agam ar do mholadh ach nach bhfuil sé de réir sícheolaíocht ná nós na hÉireann.

Ní hé an córas a tá lochtach ach na daoine a bhaineasnn gaisneas as, idir pholaiteoirí agus lucht a gcur.

Níl TDanna freagrach as deisiú bóithre mar a tá sé, ach téann siad i dtír ar dhaoine a mheasann go bhfuil siad: glacann siad an chreidiúint as aon rud.

Ach bíonn daoine a iarraidh.

Cén fáth, cionn is go measann siad go bhfaighfidh siad mian a mbéal. Is mór acu duine "sa gcúirt".

Ní thagaim let, go nathróidh córas guthaíochta mian an phobail an ceann is fearr d'fháil ar a chomharsa.

Chuirfeadh córas liosta na TDanna ní b'fhaide ón phobal agus gan iad ag brath orthu go pearsanta fanacht i gcumhacht
 
Ach nach in an chaoi a nathróidh sé cúrsaí. Cé chaoi a bhfaigheadh duine moladh as bóithre a dheisiú má tá sé ceangailte le pairtí náisiúnta is ní le córas áitiúil? Ní fhéadfadh gnáth vótóir an méad sin a chur san áireamh má tá liosta i bhfeidhm. Ní oibreoidh sé. Beish air a chinneadh a dhéanamh ar bhonn éifeachta an phairtí ina iomláine, ar bhonn a fheabhas is atá an rialtas ag feidhmiú go náisiúnta. Ar ndóigh, ní hé sin an t-aon locht atá ar an tír seo ó thaobh follamhnachta agus guthaíocht agus meon guthaíochta de, ach is athrú riachtanach é, dar liom, a dheimhneodh go mba éifeachtaí lucht an rialtais.
 
Is léir go gcaithfidh daoine a bheith níos aibí ó thaobh seirbhísí, bóithre ina gceantair áitiúil, ba cheart dóibh a bheith níos teanntásaí ó thaobh a gcearta seachas a bheith ag rith chuig an TD áitiúil gach uair atá******fadhb acu.

Ní leor sin áfach mar tá fadhbanna structhúrtha sa chóras nach féidir a leigheas le hathrú meoin amháin, ie caithfear cosc éigin a dhéanamh ar an stocaireacht a dheánann teachtaí dála le comhairlí srl agus caithfear airgead na gcomhlachtaí, gcearchumainn srl a ruaigeadh ón saol polaitiúil.
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Sílim féin go bhfuilimid ag teacht amach ó chóras a bhí ag brath ar dearcadh an feirmeoir beag.
É sin, mórán, ná cén chaoi an méid is mó a bhaint as rud ar bith sa timpeallacht. Bíodh sin oideachas, deontas, cáin, buiséad, cead pleanála, CCS agus mar sin de.

Tá tromlach na nÉireannach in bhur gcónaí sna cathracha, agus tá clár oibre eile acu.

Tiocfaidh athraithe luath nó mall.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,485
Ach nach in an chaoi a nathróidh sé cúrsaí. Cé chaoi a bhfaigheadh duine moladh as bóithre a dheisiú má tá sé ceangailte le pairtí náisiúnta is ní le córas áitiúil? Ní fhéadfadh gnáth vótóir an méad sin a chur san áireamh má tá liosta i bhfeidhm. Ní oibreoidh sé. Beish air a chinneadh a dhéanamh ar bhonn éifeachta an phairtí ina iomláine, ar bhonn a fheabhas is atá an rialtas ag feidhmiú go náisiúnta. Ar ndóigh, ní hé sin an t-aon locht atá ar an tír seo ó thaobh follamhnachta agus guthaíocht agus meon guthaíochta de, ach is athrú riachtanach é, dar liom, a dheimhneodh go mba éifeachtaí lucht an rialtais.
Cinnte bheadh ort, is dócha an dá chóras a chuir i gcomparáid agus an tionchar a bheas acu ar "lofacht". Mar sin, tá mé cinnte go ndearna tú staidéar ar na tíortha eile a bhaineann úsáis as an dá chóras. Cad a thug tú faoi dheara? An féidir leat fianaise a thabhairt a thaispeánfadh go gcuirfidh athrú barr feabhais ar chúrsaí, féachaint an daoine chéanna atá ann?
 
New Threads

Popular Threads

Most Replies

Top