• It has come to our attention that some users may have been "banned" when they tried to change their passwords after the site was hacked due to a glitch in the old vBulletin software. This would have occurred around the end of February and does not apply after the site was converted to Xenforo. If you believe you were affected by this, please contact a staff member or use the Contact us link at the bottom of any forum page.

Tásc fhóram na Gaeilge

Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,847
Is olc liom a chur in iúl libh gur cailleadh fóram na Gaeilge ar an 30ú mí Lúnasa 2010. Bhí liostachas fada aige, faraor, is is fada a bhí a dhochtúirí ag fanacht chun a fháil amach a raibh dé fanta inti. Ghéill siad inné, i ndiaidh comhphlé fada. Níl na socruithe cinnte fós, ach deirtear go gcuirfear é i reiligí Mhaoinis i gConamara, áit inár gcaith sé cuid mhaith bliain, ar áit an phuint má chomhlíontar a ghuithe. Ní dóigh leis na Gardaí go raibh aon fhachain mhailíseacha lena bhás, ach fós, thóg siad an Capitileachas chomh maith le Dé-bhíd CacRaon isteach chun cúplea fiosrúchán a dhéanamh. Ar láimh dheis dé go raibh a anam.

[ame=http://www.youtube.com/watch?v=By0QM8mlr28]YouTube - Líadan: Amhrán Mhuínse / The Song of Muínis[/ame]
 
Cael

Well-known member
Joined
Jun 19, 2006
Messages
13,343
Cad tá a rá agat, a chara? An bhfuil na seoiníní chun an fóram Ghaeilge a dhúnadh?
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,847
Cad tá a rá agat, a chara? An bhfuil na seoiníní chun an fóram Ghaeilge a dhúnadh?
Níl, ach níl orthu é a dhúnadh ach an oiread. Tá sé imithe i léig chomh mór sin. Is cinnte go ndeachaigh cinneadh na modhnóirí gan snáitheanna Gaeilge a chur ar an gcéad leathanach go mór i gcion ar líon na bpost is na tráchta anseo. Is iar-fhóram é, imithe chun casadh ar a dheantúsóir.
 
Cael

Well-known member
Joined
Jun 19, 2006
Messages
13,343
Níl, ach níl orthu é a dhúnadh ach an oiread. Tá sé imithe i léig chomh mór sin. Is cinnte go ndeachaigh cinneadh na modhnóirí gan snáitheanna Gaeilge a chur ar an gcéad leathanach go mór i gcion ar líon na bpost is na tráchta anseo. Is iar-fhóram é, imithe chun casadh ar a dheantúsóir.

Tá an ceart agat faoi sin. Gníomh cinedhigheilteach a ba é, a chur in iúl nach bhfuil fáilte roimh na Gael ar p.ie
 
Ard Eoin

Active member
Joined
Apr 19, 2010
Messages
290
tá sé deachair domh an post sin a thuigbheal...níl mo chuid ghaeilge comh maith...

silim go bhfuil do theanga i ghrua...nach bhfuil?...
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,847
tá sé deachair domh an post sin a thuigbheal...níl mo chuid ghaeilge comh maith...

silim go bhfuil do theanga i ghrua...nach bhfuil?...
Dáiríre píre táim.
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Ní thuigim an sampla atá beirithe agat.

Níl fonn ar an té seo a bheith curtha i Leitir Caladh, ach i Mhuínis. Is léir nach chreideann sí gurb ionann iad reilgeacha Chonamara theas.

Ach, cén baint atá ag an tuairim aisteach seo le do phointe?
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org
Is olc liom a chur in iúl libh gur cailleadh fóram na Gaeilge ar an 30ú mí Lúnasa 2010. Bhí liostachas fada aige, faraor, is is fada a bhí a dhochtúirí ag fanacht chun a fháil amach a raibh dé fanta inti. Ghéill siad inné, i ndiaidh comhphlé fada. Níl na socruithe cinnte fós, ach deirtear go gcuirfear é i reiligí Mhaoinis i gConamara, áit inár gcaith sé cuid mhaith bliain, ar áit an phuint má chomhlíontar a ghuithe. Ní dóigh leis na Gardaí go raibh aon fhachain mhailíseacha lena bhás, ach fós, thóg siad an Capitileachas chomh maith le Dé-bhíd CacRaon isteach chun cúplea fiosrúchán a dhéanamh. Ar láimh dheis dé go raibh a anam.
Ní bheidh an fóram uaigneach i gcré na cille. Beidh an stát ann go luath de réir margaí na mbannaí.

Tuairisc an phaiteolaí:-

Othar: Poblacht na hÉireann
Aois: idir 61 agus 94 (níl dáta breithe cinnte agam)
Cúis báis: Ailse as an ngnáth ar a dtugtar "Fianna Fáil". Bhí Éire buailte go dona ag an ailse seo sa bhliain 1977 ach tháinig sí chuici féin tar éis níos mó ná 10 mbliana ag fulaingt. Buaileadh arís í 1997 agus scaip an galar go dtí beagnach gach ball den chorp.
 
FloatingVoterTralee

Well-known member
Joined
May 8, 2009
Messages
997
Fiú má cuireadh an fóram chun bháis, níl aon fáth nach féidir snáitheanna sa teanga a chrúthu chun an spiorad a choimead beo.
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Ní bheidh an fóram uaigneach i gcré na cille. Beidh an stát ann go luath de réir margaí na mbannaí.

Tuairisc an phaiteolaí:-

Othar: Poblacht na hÉireann
Aois: idir 61 agus 94 (níl dáta breithe cinnte agam)
Cúis báis: Ailse as an ngnáth ar a dtugtar "Fianna Fáil". Bhí Éire buailte go dona ag an ailse seo sa bhliain 1977 ach tháinig sí chuici féin tar éis níos mó ná 10 mbliana ag fulaingt. Buaileadh arís í 1997 agus scaip an galar go dtí beagnach gach ball den chorp.
Níl a fhios agam an aontóidh an Cróinéir leis an Phaiteolaí mar gheall ar an chúis bháis.
B'fhéidir go rachaidh sé níos doimhne sa scéal.

Cén fáth nár deachaigh an t-othar go dtí an dochtúir nuair a fuarthas amach go raibh ailse air?

Agus cén fáth gur lean an t-othar ar aghaidh lena drochnósanna céanna a spreagadh an ailse sa chéad áit?

Meas tú deG go seans ann go dtiocfaidh an Cróinéir ar ais leis an mbreithiúnas – féin-bhás?
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,847
Ní thuigim an sampla atá beirithe agat.

Níl fonn ar an té seo a bheith curtha i Leitir Caladh, ach i Mhuínis. Is léir nach chreideann sí gurb ionann iad reilgeacha Chonamara theas.

?
Ach níl ann atá a dream, ach tabhradh siar go Muínis é, áit a gcaoinfear é ós ard.
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Ach níl ann atá a dream, ach tabhradh siar go Muínis é, áit a gcaoinfear é ós ard.

Gabh i leith mhac, dá mbeadh sí curtha i Leitir Chaladh, is beag suaimhneas a bhfaighfidh sí, agus MTS os cíonn a huaighe, á caoineadh, lá agus oíche.
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,847
Gabh i leith mhac, dá mbeadh sí curtha i Leitir Chaladh, is beag suaimhneas a bhfaighfidh sí, agus MTS os cíonn a huaighe, á caoineadh, lá agus oíche.
Ar chuir sé riamh agallamh uirthi? Is suaimhneas a dhóthain é sé troighe cré a bheith ann idir tú féin agus MTS.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org
Níl a fhios agam an aontóidh an Cróinéir leis an Phaiteolaí mar gheall ar an chúis bháis.
B'fhéidir go rachaidh sé níos doimhne sa scéal.

Cén fáth nár deachaigh an t-othar go dtí an dochtúir nuair a fuarthas amach go raibh ailse air?

Agus cén fáth gur lean an t-othar ar aghaidh lena drochnósanna céanna a spreagadh an ailse sa chéad áit?

Meas tú deG go seans ann go dtiocfaidh an Cróinéir ar ais leis an mbreithiúnas – féin-bhás?
Cuireann a lán daoine cuairt ar an dochtúir ar an méar fada mar bíonn siad ag iarraidh an drochscéal a sheachaint.

Lean an t-othar ar aghaidh lena drochnósanna mar, cé gur bhraith sé go raibh rudaí ag dul in olcas, chuir an galar ar a intinn agus níor thuig sé cé chomh dáiríre is a bhí an scéal go dtí gur thit sé i laige.

Ní féidir a rá gur chuir sé a lámh ina bhás féin - b'fhéidir nach raibh an othar ró-chúramach ach sin run eile.

Ceist duitse - má thugann duine moladh do dhuine eile "cuir lámh i do bhás féin" agus má ghlacann an duine eile leis an gcomhairle agus ólann sé nimh nó crochann sé é féin ó chraobh crainn, an bhfuil an chéad duine ciontach as rud ar bith?
 
antsrathcam

Active member
Joined
Jul 29, 2010
Messages
211
Braitheann sé ar an gcás, déarfainn.

1. Abair go bhfuil 'tip' beag idir beirt ar an mbóthar, thosaigh siad ag malartú maslaí agus dúirt duine amháin acu - Gabh i bhaile agus croch thú féin - agus rinne an dara dhuine díreach sin, ní dóigh liom go mbeadh an céad duine ciontach as rud ar bith ach caint gharbh.

2. Ach abair go bhfuil dochtúir ag rá go hothar, a bhfuil an galar dubh air, nach bhfuil saol maith ag an othar agus go ceart lámh a chuir ina bhás féin, agus rinne an t-othar sin an lá dá gcinn sílim gur cheart cás dhúnorgain le freagairt ag an dochtúir.
 
DeGaulle 2.0

Well-known member
Joined
Oct 2, 2008
Messages
2,001
Website
ga.wikipedia.org
Braitheann sé ar an gcás, déarfainn.

1. Abair go bhfuil 'tip' beag idir beirt ar an mbóthar, thosaigh siad ag malartú maslaí agus dúirt duine amháin acu - Gabh i bhaile agus croch thú féin - agus rinne an dara dhuine díreach sin, ní dóigh liom go mbeadh an céad duine ciontach as rud ar bith ach caint gharbh.

2. Ach abair go bhfuil dochtúir ag rá go hothar, a bhfuil an galar dubh air, nach bhfuil saol maith ag an othar agus go ceart lámh a chuir ina bhás féin, agus rinne an t-othar sin an lá dá gcinn sílim gur cheart cás dhúnorgain le freagairt ag an dochtúir.
Bhí mé ag smaoineamh ar cad a dúirt Bertie Ahern faoi "na hÍosaí ag tealtú" :)
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,340
Bhuel is beag duine atá ag taobhú na snáithe Gaeilge, mar is gnáth, sibhse ag béarlóireacht ar na snátha eile.

Ach cogar mé seo libh! Cuireadh cúl ormsa nuair a bhí sé de dhánacht orm abairt Gaeilge a ligint ar snáth eile anseo.

Sibhse a mbíonn ag smúrthacht timpeall na snátha eile, an bhfuil cosc ar Ghaeilge a scríobh ansin, nó caidé?
 
SIn mar atá agus sin mar a bhí riamh. Sin an fáth gurb ann don gheiteo ar an gcéad dul síos.
 
Top