Todhchaí na meain Gaeilge

FloatingVoterTralee

Well-known member
Joined
May 8, 2009
Messages
993
Ag féachaint siar ar theipeanna nuachtáin Gaeilge - Inniu, Anois, Lá Nua, agus an sampla is déanaí Gaelsceal, is oth liom a rá go raibh na hiarrachtaí ag snámh in aghaidh easa, toisc nach raibh siad (chomh maith le chuid maith foilseacháin Béarla, dar ndóigh) in ann maireachtaint ar bhunús brabúsach. Ach mar a deirtear ar 7 Lá aréir, sin dúshlán do tionscal ar fad, agus is léir go bhfuil dualgas ar iriseoirí agus eagarthóirí Gaelach dul i ngleic le deiseanna an árdán leictreonach, agus suíomh Gaeilge ar shampla thejournal.ieThe Huffington Post a chruthú. Thug TG4 íomhá nua-aimseartha don teanga, is é seo an t-am a féidir lucht na meain cló a macshamháil a leanúint.
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
Tá súil agam go rachaidh an maoiniú a bhfuair Gaelscéal go Foinse. Bheadh siad in ann nuachtán réasúnta mhór a chur ar fáil mar sin.
Tá fíor súil agam go gheobhaidh Ciarán Dunbar agus na oibreoirí lán-aimseartha eile le Ghaelscéal daoine ar nós Colm Ó Broin agus eile phoist lán-aimseartha sa meáin Gaeilge arís.
Tá deis ag Foras na Gaeilge anois an maoiniú a thabhairt chun go mbeadh Foinse mar nuachtán réasúnta mhór arís. Tá sé ró-bheag anois agus dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.
Ní dóibh liom go mheallfaidh nuachtán ar líne amháin a lán léitheoirí agus tá súil agam nach tharlóidh sé sin leis an maoiniú.
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Ag féachaint siar ar theipeanna nuachtáin Gaeilge - Inniu, Anois, Lá Nua, agus an sampla is déanaí Gaelsceal, is oth liom a rá go raibh na hiarrachtaí ag snámh in aghaidh easa, toisc nach raibh siad (chomh maith le chuid maith foilseacháin Béarla, dar ndóigh) in ann maireachtaint ar bhunús brabúsach. Ach mar a deirtear ar 7 Lá aréir, sin dúshlán do tionscal ar fad, agus is léir go bhfuil dualgas ar iriseoirí agus eagarthóirí Gaelach dul i ngleic le deiseanna an árdán leictreonach, agus suíomh Gaeilge ar shampla thejournal.ieThe Huffington Post a chruthú. Thug TG4 íomhá nua-aimseartha don teanga, is é seo an t-am a féidir lucht na meain cló a macshamháil a leanúint.
Tá eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, ag rá gur ceann de na deacrachtaí a bhí acu ná go raibh Foras na Gaeilge ag iarraidh leagan clóite uatha agus ag cur béim orthu nuachtáin a chur amach sna siopaí. Dar leis féin, ba é sin an fáth gur theip ar an tionscnamh uile, toisc nach mbeadh brú airgid chomh mór sin orthu dá bhfanfaidís ar líne amháin.
 
Last edited:

Barroso

Well-known member
Joined
Oct 1, 2011
Messages
4,158
Tá eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, ag rá go raibh ceann de na deacrachtaí a bhí acu ná go raibh Foras na Gaeilge ag iarraidh leagan clóite uatha agus ag cur béim orthu nuachtáin a chur amach sna siopaí. Dar leis féin, ba é sin an fáth gur theip ar an tionscnamh uile, toisc nach mbeadh brú airgid chomh mór sin orthu dá bhfanfaidís ar líne amháin.
Ní féidir le Gaelscéal maireachtáil gan tacaíocht airgid ón Stát, is dócha, agus aithnítear é seo mar dímua a bhaineann leis.

Ach cé mhéid tacaíocht stáit an bhfaigheann na nuachtáin Bhéarla? Caithfidh go mbíonn na milliúin agus na milliúin i gceist gach bliain.
Gan an fhógraíocht a fhaigheann siad ó eagraíochtaí stáit, agus go mór mór ón FSS/HSE, drochsheans go mairfeadh siad ach an oiread.

Ar ábhar gaolmhar, níl anseo ach an gníomh is deireanaí atá déanta ag an rialtas seo i gcoinne na Gaeilge, ceann as cuid mhaith acu. Cibé cén fad a mhaireann sé, tá sé ro-fhada dom, chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí Gaeilge ar aon nós.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,463
Inniu, Anois, Lá Nua, Foinse, Gaelscéal!

An mó agaibh a cheannaigh is a léigh iad go rialta? An miste díbh a rá cén fáth a shocraigh sibh é sin, nó gan é sin, a dhéanamh?
 
Riadach

Well-known member
Joined
Feb 9, 2007
Messages
12,817
Ní féidir le Gaelscéal maireachtáil gan tacaíocht airgid ón Stát, is dócha, agus aithnítear é seo mar dímua a bhaineann leis.
Glacaim leis sin, ach cén fáth go raibh an oiread béime mar sin ar dhíolacháin? Ní luíonn sé le réasún.
 
Easilydistracted

Well-known member
Joined
Sep 29, 2010
Messages
599
Is cinnte gur trom an buille é seo don Ghaeilge agus aontaim go caithfidh freastal a dhéanamh ar lucht na Gaeilge ó thaobh na meáin de, ach tá mé ar cheann de na díoltóirí Gaelscéal agus ní cheanaíonn daoine é. Is gaeilgeoirí iad mo chuid custaiméirí agus ní dhíoltar ach 3 nó 4 cóip in aghaidh na seachtaine. Ní fiú nuachtán a bheith againn muna bhfuil muid sásta é a léamh. An tuiscint a bhí agam ná gur bhain Torann na dTonn an Tairscint de bhrí go ndúírt siad gurbh fhéidir leo spriocuimhir díolacháin a bhaint amach. Muna bhfuil sin déanta acu, tá an locht orthu agus orainn mar Ghaeilgeoirí. Tuigim áfach nach féidir Gaelscéal a bhaint gan rud éigin a chur ina áit agus ní shílim go bhfuil deifir ar Fhoras sin a dhéanamh.
 
ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,067
Inniu, Anois, Lá Nua, Foinse, Gaelscéal!

An mó agaibh a cheannaigh is a léigh iad go rialta? An miste díbh a rá cén fáth a shocraigh sibh é sin, nó gan é sin, a dhéanamh?
Do cheannaigh mé agus do lé mé Inniú go rialta. Cúis mór - foillsíú é láimh liom i gCathair na Mart
 
Carl Claudius

Well-known member
Joined
Dec 21, 2012
Messages
1,161
Ó am go ham bhí rud éicint le rá ag Gaelscéal agus nuair a tháinig sé amach bhí neart altanna suimuila inti. Tháinig díomá orm áfach nuair a d’fhoilisigh siad rudaí neamhthábhachtach ón Ghaeltacht. Bhíos ag lorg nuachtán i ngaeilege seachas nuachtán eile faoin Ghaeltacht. B’fhéidir gur sin an fháth gur their air?
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,463
Do cheannaigh mé agus do lé mé Inniú go rialta. Cúis mór - foillsíú é láimh liom i gCathair na Mart
Maith an fear, a ergodó!

Chuireadh ceann le Inniu timpeall dhá fhichid bliain ó shoin. Tuige nár ghabh tú lena oidhrí? An bhfuil FNT i gCathair na Mart go fóill?
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
‘Tá bhur dtuairimí faoi nuachtsheirbhís uainn’ – Foras na Gaeilge | Nuacht24

Tá Nuacht 24 againn. Níl aon gá chun fóram ar nós Nuacht 24 nó Beo.ie eile ag teastáil mar príomh fóram na Gaeilge ar líne. Cinnte ba mhaith liom má raibh tuilleadh maoiniú do Nuacht 24 agus Beo.ie agus ní chosnóidh sé sin a lán airgid. Bá chóir láidriú a dhéanamh ar Foinse leis an gcuid is mó den maoiniú.
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,463
... ní chosnóidh sé sin a lán airgid. Bá chóir láidriú a dhéanamh ar Foinse leis an gcuid is mó den maoiniú.

Cad mar gheall ar comórtas aiste? " An dóigh a chuirfinn an Ghaeilge ar láimh shábhála le ceithre chéad mhíle iúró sa bhliain."
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior
" An dóigh a chuirfinn an Ghaeilge ar láimh shábhála le ceithre chéad mhíle iúró sa bhliain."
Tá Foinse ag fáil maoiniú cheana féin. Bhí Gaelscéal ag fáil €400,000 sa bhliain. Cá gcuirtear an maoiniú sin? Is dócha nach mbeidh gnáth nuachtán foilsithe arís sa gearr nó sa meán téarma ar nós Gaelscéal nó Foinse. De bharr go bhfuil Nuacht 24 cheana féin (agus ní dóibh liom go bhfaightear na mílte léitheoirí) ba chóir dúinn tacú leis agus Foras na Gaeilge é a láidriú, le bhféidir iriseoir nó dhó lonnaithe sa Phoblacht.
Arís, tá Foinse ró-bheag mar a tá sé anois. Bheadh sé i bhfad níos spreagúil dá mbeadh mar ghnáth nuachtán arís in áit forlíonadh bheag dírithe go mór-mhór ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.
 
ergo2

Well-known member
Joined
Oct 4, 2008
Messages
14,067
Maith an fear, a ergodó!

Chuireadh ceann le Inniu timpeall dhá fhichid bliain ó shoin. Tuige nár ghabh tú lena oidhrí? An bhfuil FNT i gCathair na Mart go fóill?
Sea. bhi gnó " Mayo News Ltd" i gCathair na Mart ar feadh na blianta. Ag cumadh agus ag chuir amach an páipéir MN gach seachtain, agus freisin jobanna éagsúla ar nós fógraí 7 rl. ( job-printing )

Cheannaigh Foilseacháin Náisiunta an chólucht MN tréis deire An Cogadh Domhana a Dhó. Do lean siad leis an Mayo News agus freisin d'fhoillsigh siad Inniú. Freisin do chuireadar amach a lán leabair trí Ghaeilge. Cuireadh stop le Inniu c 1985, agus go gairid in dhiaidh since scaoileadh FNT. Do cheannaigh fear áitiúl Joe Berry an forghint agus an trealamh, agus do lean sé leis an Mayo News. Thug sé isteach na ríomhairí in áit na Heidelbergs. D'obair sé féin mar printíseach ar na Heidelberg sin trá

Roinnt blian o shoin d'athruigh an "Mayo News Nua" go oifigí eile.

Is chuimhin liom fuaim na gclóphreassana nuair a bhíodar ag cuir amach na nuachtáin. Bhí 30 no 40 ag obair ansin trá

B'e Pádraig de Barra bainisteor áitiúl FNT. Iriseor agus fear gnó de'n chéad scoth a bhí ann. thosnaigh sé clólann beag láimh leis an Spidéal treis bás FNT
 
An-suimiúil. GRMA a Ergo2!
 
duine n

Well-known member
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,463
Cad mar gheall ar comórtas aiste? " An dóigh a chuirfinn an Ghaeilge ar láimh shábhála le ceithre chéad mhíle iúró sa bhliain."
Ó. muise! Cad d'imigh ar chuthach, mar dhóigh de, a shéid faoi lucht na snáithe seo cúpla lá ó shoin?
 
DJP

Well-known member
Joined
Aug 2, 2006
Messages
12,721
Website
darrenjprior.blogspot.com
Twitter
https://twitter.com/DarrenJPrior

New Threads

Top