Vicipéid

Gael

Active member
Joined
Jan 9, 2004
Messages
162
A chairde,

Tá mé tar éis 'greamaitheoir' a dhéanamh den snáth áirithe seo. Tá súil agam go gcuirfidh sibh le forbairt na Vicipéide cibé bealach is féidir libh agus go gcuirfidh sibh bhur magnum opus ar ár súile dúinn anseo. :)


Gary said:
duine n said:
Bhí spéis éigin sa leagan Gaeilge cúpla bliain ó shoin
sea, ach tá Dlata, Gael is green imithe ón bhfóram Gaeilge le fada :|
Amhail an IRA, níl mé tar éis imeacht, bíodh a fhios agat. ;)
Bíonn green anseo go fóill ó am go chéile chomh maith. N'fheadar faoi Dhalta.
 


Gary

Member
Joined
Nov 11, 2005
Messages
59
Gael said:
Gary said:
duine n said:
Bhí spéis éigin sa leagan Gaeilge cúpla bliain ó shoin
sea, ach tá Dlata, Gael is green imithe ón bhfóram Gaeilge le fada :|
Amhail an IRA, níl mé tar éis imeacht, bíodh a fhios agat. ;)
Bíonn green anseo go fóill ó am go chéile chomh maith. N'fheadar faoi Dhalta.
Chríost, fáilte ar ais aríst a Ghaeil, nach tráthúil é gur mharaigh an tIRA duine eicínt an deireadh seachtaine seo, an deireadh seachtaine céanna a thaganns tú fhéin ar ais! Níl siad nó tusa imithe, go cinnte!! :shock:


an ceann seo .....
In ainm Dé is na naomh......... Shocked
Airím brón dos na daoine thaobh thiar den wiki sin leis an fhírinne a rá.... is trua liom iad a chréatúir bochta

Tá an leanbh Íosa ag gol:

Economics (fae Greiche oikos, meanin hame an nomos meanin rule) is a social science whilk studies trade an services.
 

duine n

Moderator
Joined
Aug 29, 2006
Messages
6,602
Dhiabhail, is léir nach bhfuil deargadh beara níos mó ag daoine áirithe ach dul chun cinn na hAlbainise, agus na hUltaise mar ruball lei :roll: ;) :lol:


Ach fiú Fraincis Normannach Oileán Mhuir mIocht, tá os cionn 2.500 alt acu :shock2: :roll: :p :shock: :D
 

DeGaulle

Member
Joined
Sep 8, 2007
Messages
31
BuachaillBeo said:
is a lán rudaí é Pharthaláin, ach ní cheapaim gur sóisialaí é...
B'fhéidir go bhfuil an ceart agat. Chuala mé faoi sóisialaí an bhradáin deataithe ach níor chuala mé faoi sóisialaí na gclúdach donn.
 

BuachaillBeo

Member
Joined
Jun 14, 2007
Messages
66
Darren Mac an Phríora said:
Is rud spéisiúl é go bhfuil beagnach an méid céanna altanna i nGaeilge na hAlban agus go bhfuil os cionn ná 14,000 altanna i mBreatnais.
Go dtosaí tú ag scríobh mar sin... ag margaíocht agus mar sin de...

Ní bhíonn focal deas agat ar son na Gaeilge choíche, a Dharren :(
 

Gael

Active member
Joined
Jan 9, 2004
Messages
162
Darren Mac an Phríora said:
Is rud spéisiúl é go bhfuil beagnach an méid céanna altanna i nGaeilge na hAlban
:?

Vicipéid na Gaeilge - 6093 (Arna bunú in Eanáir 2004 "Cuireadh tús leis an eagrán Gaeilge i Mí Eanáir 2004")
Bhicipèidia na Gàidhlig - 4,887 (Arna bunú i Meán Fómhair 2003 "Thòisich sinn anns an t-Sultain, 2003")

Tá ag éirí i bhfad níos fearr leis an leagan Gaeilge, de réir mar a fheicimse.

Darren Mac an Phríora said:
agus go bhfuil os cionn ná 14,000 altanna i mBreatnais.
Ní hionadh ar bith é sin; Tá níos mó cainteoirí Breatnaise ann agus tá an Vicipéid sin níos sine. Bunaíodh í in Iúil 2003 ("Ailddechreuodd y Wicipedia Cymraeg ym mis Gorffennaf 2003")
 


Top Bottom